Ainneoin go bhfuil os cionn 30 bliain imithe ón am a raibh ‘Bainisteoir Átha Cliath’ mar theideal aige, téann sé rite fós liom gan cuimhneamh ar Heffo nuair a fhéachaim ar Chnoc 16 nó ar thaobhlíne Pháirc an Chrócaigh agus na ‘Dubs’ i mbabhtaí ceannais na hÉireann.
Samhlaítear dom go mbíonn a thaisí fós os cionn an Chnoic – an dé coinnithe i gcónaí ann ag an gcion a bhí acu siúd atá faoina bhun air, é coinnithe ón bhfuacht agus ón scaipeadh ag an teas a thagann ón urraim atá acu dó beagnach sé bliana tar éis a bháis.
Is é Jim Gavin a gceannaire. Ba é Heffernan a nDia.
Ag breathnú síos dom ar Gavin ar an taobhlíne i gcluichí cosúil le cluiche ceannais an lae inniu agus é ina sheasamh go suaimhneach gan corraí as ina chaipín speiceach, déantar é a chlaochlú le draíocht agus nuair a ardaíonn an ceo is é Heffo a fheicim.
Tá seisean ina mhaoil. Ní culaith spóirt atá á caitheamh aige ach treabhsar, léine oscailte agus geansaí – an feisteas céanna a bhíodh air nuair a d’imríodh sé galf ar chúrsa Chluain Tarbh sula dtugadh sé aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh laethanta móra na 1970idí agus 1980idí.
Nuair a bhuaigh a fhoireann Craobh Laighean den chéad uair le naoi mbliana i 1974 ba ag 6.30am a thug Heffo an chéad lasc don liathróid bheag bhán sular fhill sé ar an mbaile agus ansin go Páirc an Chrócaigh sa seanToyota Camry dubh a bhí aige. Agus an bua faighte ar Uíbh Fhailí níos deireanaí sa lá d’fhill sé ar chlubtheach Chluain Tarbh gur bhailigh sé Duais an Chaptaein.
Inniu seasann an Gáibhíneach mar a bheadh dealbh ann agus níos minice ná a chéile méar leis faoina smig. Má bhíonn scéal le foghlaim ó chlár a éadain is meabhrach an té atá in ann sin a dhéanamh.
Bhainfeadh páiste an chliabháin brí as iompar Heffernan. Ba nós leis a bheith ag smúrthacht suas agus anuas an taobhlíne, strainc an chantail ar a éadan, leathghualainn leis níos isle ná an ceann eile. Agus má chuaigh méar leis gar dá smig ba i ngreim i dtoitín a bhíodh sé go mbainfeadh lán a chuid scamhóg as.
Déarfainn, ach amharc na súl sách maith a bheith ag duine, go bhféadfá an siosadh gaile a fheiceáil ag teacht amach as a chluasa.
Inniu feicfidh tú duine dá chuid comhairleoirí ag teacht aníos chomh fada le Gavin anois agus arís agus é ag cur cogar ina chluas. Scaití béarfaidh sé féin ar an stropa atá ag síneadh anuas lena leiceann agus déanfaidh sé dreas gairid comhrá le duine den iliomad cúntóirí atá aige – saineolaithe síceolaíochta, fiseolaíochta, spórteolaíochta, nearteolaíochta.
Ó thús deireadh na himeartha beidh Jason Sherlock ag rith sall agus anall ar fud na páirce faoi mar a bheadh fear an phoist Oíche Nollag.
Tá mé ag dul amú go mór nó is é an chaoi a gcuirfeadh an ealaín sin ar fad Heffernan ar bharr a chéile.
Níl mé siúráilte cé na ‘heolaíochtaí’ a bhí ag Dónal Colfer ná ag Lorcán Redmond, an bheirt roghnóirí a bhí leis ó 1973 go dtáinig 1986 agus déarfainn fiú dá mbeadh lán carr asail díobh acu as Harvard, Yale, Oxford agus Cambridge nach dócha go gcuirfeadh sé lena seasamh sa stair a bhaineann le ré ghlórmhar sin Átha Cliath.
Chuir mé Kevin Heffernan faoi agallamh minic go leor. Fós ní fhéadfainn a rá go raibh aon aithne agam ar an bhfear. Ní mba asam féin a bhí mé sa gcás sin. Fiú mura mbeadh aon bhaint aige leis na Cluichí Gaelacha riamh ní cheapfainn go mba dhuine a bhí ann a mbeadh aon dúil mhór aige i gcuideachta.
Bhí sé domhain, dáiríre agus a intinn meabhrach dírithe go hiomlán ar an obair idir lámha. Shamhlóinn gur ar an gcuma chéanna a bhí sé agus é i mbun na bpostanna lenar shaothraigh sé a bheatha – mar Bhainisteoir Pearsanra ar Bhord Soláthar an Leictreachais agus mar Chathaoirleach ar an gCúirt Oibreachais.
Ní i bhfad a thógfadh sé air déarfainn tine a lasadh faoi fhostaí a bheadh ag éalú óna chuid oibre nó ar ionadaí ceardchumainn nó fostaí a dhéanfadh iarracht mearbhall a chur air lena chuid béarlagair.
Bhíodh beagán scáth orm féin roimhe ach ní fhéadfainn a rá faoi ach go raibh sé féiltiúil, soilíosach aon uair a ndeachaigh mé ar a thóir. Níor cheil sé go raibh sé líofa ar an nGaeilge ach an oiread. Níor theastaigh uaidh a dhul ar an gcúlráid sula labhródh sé leat, mar a tharlaíodh scaití le daoine eile. Ansin arís is ar éigean go mbeadh sé de mhisneach ag aon duine a bhíodh i láthair caidéis a chur air ná a dhul ag fonóid faoi!
Má bhuann Áth Cliath Chraobh Shinsearach na hÉireann den cheathrú huair as a chéile i mbliana beidh chuile ghradam, onóir agus moladh a gheobhaidh sé tuillte go maith ag Jim Gavin agus a thrácht sin air.
Beidh siad ann a déarfas gur mó an gaisce sin agus gur fearr na foirne a rinne é ná na cinn a raibh Heffernan ina gceannas.
Ní móide go n-easaontóinn, ach cuirfidh mé aon cheist amháin nach bhfuil aon rian den dímheas ag baint lena cur.
Measann tú sa mbliain 2050, nuair a bhreathnóidh duine sall ar an mothar daoine a bheidh ar Chnoc 16 agus ansin anuas ar thaobhlíne Pháirc an Chrócaigh áit a mbeidh fear agus ‘bainisteoir’ scríofa ar a chulaith spóirt spéirghorm – an ndéanfar chlaochlú draíochta air siúd nó gurb é Jim Gavin a bheas le feiceáil?
Fág freagra ar 'Is é Jim Gavin a gceannaire, ba é Heffernan a nDia'