Is é Deaidí na Nollag a dhéanann an Nollaig do na gasúir

Is mór an sásamh a fhaigheann na tuismitheoirí as an ngliondar a bhíonn ar na páistí nuair a fheiceann siad nach ndearna sé dearmad orthu

Is é Deaidí na Nollag a dhéanann an Nollaig do na gasúir

Dá mbeadh guth ag Deaidí na Nollag sa gcéad olltoghchán eile ní dóigh liom gur d’Éamon Ryan a thabharfadh sé é. Ní cheapfainn ach an oiread go bhfeicfear Éamon ag dul ar fud a dháilcheantair agus an rann beag seo á chasadh aige:

‘Bualadh bos, bualadh bos,

Bualadh bos go léir,

Tá Deaidí na Nollag ag teacht anois

Anuas an simléar.’

Ní bheidh Éamon sásta go mbeidh na simléir ar chuile theach dúnta. Is mór is fiú gur féidir a mhíniú do na gasúir go bhfuil bealaí eile ag Deaidí na Nollag leis na bréagáin a thabhairt chomh fada leo.

Is é Deaidí na Nollag a dhéanann an Nollaig do na gasúir. Is mór an sásamh a fhaigheann na tuismitheoirí as an ngliondar a bhíonn ar na páistí nuair a fheiceann siad nach ndearna sé dearmad orthu.

Is cosúil go mbíonn Deaidí na Nollag amuigh sa spás chomh maith leis an domhan a thaisteal. Ar an 15ú lá de Nollaig 1965 d’éirigh le Wally Sherra agus le Thomas P Stafford an spásárthach Geminí 6A a thabhairt taobh leis an spásárthach Gemini 7. Chuir siad scéala ar ais go dtína gceanncheathrú ar an domhan go bhfaca siad réad eitilte gan aithint agus gurbh é Deaidí na Nollag a bhí á thiomáint.

Ar shaol agus ar ghníomhartha Naomh Nioclás atá scéal Dheaidí na Nollag bunaithe.

Sa mbliain 270 a rugadh eisean i mbaile Patara atá sa Tuirc anois. Oirníodh ina shagart é. De réir scéil, thug sé cuairt ar an Talamh Naofa agus ar an mbealach ar ais dóibh shéid sé ina ghála orthu. Sheas Nioclás ar an deic agus chiúnaigh sé an ghaoth. Rinneadh easpag de ar fhilleadh dó.

Roinnt blianta dár gcionn bhí sé ina ghorta sa gceantar. Tháinig longa a raibh grán iontu isteach i gcalafort in aice láimhe. Ar a mbealach go Cathair Chonstaintín a bhí siad.

D’iarr Nioclás ar an gcaptaen cuid den ghrán a thabhairt dó le haghaidh na ndaoine a bhí ag fáil bháis den ocras. D’eitigh an captaen é i dtosach ach d’éirigh le Nioclás dul i bhfeidhm air agus a intinn a athrú.

Scaip Nioclás an grán ar na daoine. Ní raibh an grán ídithe faoi cheann dhá bhliain nuair a chríochnaigh an gorta. Nuair a shroich captaen na long Cathair Chonstaintín mheáigh a chuid máistrí an grán. Bhí sé ar fad ansin, gan gráinne ar bith imithe as!

Bhí trádálaí bocht sa gceantar a raibh triúr iníon aige agus gan a dhóthain airgid aige le spré a chur leo. Oíche amháin chaith Nioclás mála óir trí fhuinneog oscailte theach an trádálaí. D’fhéadfadh an iníon ba shine pósadh ansin. Rinne sé an rud céanna oícheanta eile le gur phós an dara hiníon agus an tríú hiníon.

Ní raibh Nioclás ag iarraidh go scaipfí an scéal ach scaip an trádálaí é agus ba ghearr gur ceapadh gur ó Nioclás a thagadh bronntanais eile chuig daoine agus gan aon tsúil acu leo.

Tugadh cuid de thaisí Naomh Nioclás go dtí an Iodáil blianta tar éis a bháis. Tá daoine ann a chreideann gur tugadh anall go Cill Chainnigh iad ina dhiaidh sin arís agus gur cuireadh i dtaisce iad i Séipéal Naomh Nioclás.

Fág freagra ar 'Is é Deaidí na Nollag a dhéanann an Nollaig do na gasúir'