‘Is é an rud ceart don neamhspleáchas, fís dár thug mé mo shaol’ – Nicola Sturgeon ag éirí as

Tháinig cinneadh Nicola Sturgeon éirí as céad-aireacht na hAlban aniar aduaidh ar a lán ach dúirt sí gurb é an rud ceart é di féin, dá tír, dá páirtí agus do chás an neamhspleáchais

‘Is é an rud ceart don neamhspleáchas, fís dár thug mé mo shaol’ – Nicola Sturgeon ag éirí as

Tá sé fógartha ag Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban, go bhfuil iarrtha aici ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) tabhairt faoin bpróiseas a bhaineann le ceannaire nua a thoghadh.

Tháinig cinneadh Sturgeon éirí as aniar aduaidh ar a lán ach dúirt sí inniu go raibh “roinnt seachtainí” caite aici ag cur agus ag cúiteamh faoi éirí as.

Ceapadh Nicola Sturgeon ina Céad-Aire in 2014.  Is aici a bhí an tréimhse is faide ag aon Chéad-Aire agus deir sí go bhfanfaidh sí san oifig sin go mbeidh comharba roghnaithe.

Ní raibh cúrsaí polaitíochta ar a toil ag an gceannaire le tamall.

Diúltaíodh dá plean reifreann eile a reáchtáil faoi neamhspleáchas na tíre agus b’údar mór conspóide gur seoladh duine a ciontaíodh i mbeirt bhan a éigniú faoi ghéibheann i bpríosún do mhná agus an duine sin tar éis a fhógairt gur bean thrasinscneach anois í.

D’áitigh an Chéad-Aire Sturgeon inniu nach iad na “brúnna gearrthéarmacha” sin is cúis lena cinneadh faoin bpost.

D’admhaigh Sturgeon go raibh “ceisteanna casta” le réiteach ag an rialtas ach go raibh “neart taithí” aici féin a chuideodh léi “coinneáil uirthi nuair ab éasca go mór bailiú léi”.

Seachas sin, a deir sí, is amhlaidh go bhfuil machnamh níos déine agus níos fadtéarmaí déanta aici ar a cinneadh.

“Go bunúsach bhíothas ag iarraidh dhá cheist a fhreagairt. Arb é an rud ceart dom féin leanúint ar aghaidh? Agus níos tábhachtaí, arb é an rud ceart é don tír, do mo pháirtí agus do chás an neamhspleáchais, fís dár thug mé mo shaol?

“Tuigim go maith cén fáth a dtabharfadh roinnt daoine ‘is é’ mar fhreagra gasta ar an dara ceist sin ach leis an bhfírinne a dhéanamh tá sé ag gabháil dian orm le tamall a chur ina luí orm féin gur freagra deimhneach atá ar cheachtar ceist. Tá cinneadh déanta agam nach fearrde dóibh mé fanacht mar Chéad-Aire .”

Fág freagra ar '‘Is é an rud ceart don neamhspleáchas, fís dár thug mé mo shaol’ – Nicola Sturgeon ag éirí as'

  • Pádraig O'hEipicín

    Is trua go bhfuil Sí co mhór sin ar son an ghinmhilleadh.
    Is dúnmharú uafásach é.

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Alba Bhocht in easnamh Nicola Sturgeon a dúirt in am amháin —-

    ” —- miotas atá sa chomhpháirtíocht dheonach agus dlí é ar cás maith é don Indy. ”

    Níor thug Deachtóireacht nó Impire ar bith ar fud an Domhain le cuimhne na ndaoine cé acu
    An Bhreatain, An Fhrainc, Na Stáit Aontaithe , an Ghearmáin cead a gcinn do na daoine bochta a d’imir siad cos ar bholg orthu gan Reabhlóid a bheith ann.

    I gcás na hAlbain chaithfidís — Féachtas Poblachtach Soisialach — a chur ar siúil i gcoinne Chórais Caipitiligh a bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil siad sáite ann anois i ndiaidh na céadta bliain de slad, ár agus cur i gcéill ag Ríthe agus Banríon Sasanacha/Albanacha.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-chime Poblachtach
    sa Ghaeltacht/Jailteacht (cead mo chinn agam anois ha, ha,ha)
    de Phríosún Phort Laoise
    Bloc E

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Dónall Mac Billing(s)

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    Mholfainn go mór an tráchtaireacht ghéarchúiseach seo leis an bhlagálaí measúil Craig Murray a léamh –

    ‘NICOLA STURGEON – USED AND DISCARDED’

    https://www.craigmurray.org.uk/archives/2023/02/nicola-sturgeon-used-and-discarded/