‘Is é an cath céanna é, bíodh sé sa tSean-Ghaill nó Éire’ – tá Asterix na Gaeilge ar ais

Tá scéalta eile de chuid Asterix agus Tintin aistrithe ag Gabriel Rosenstock agus iad ar fáil don Nollaig

‘Is é an cath céanna é, bíodh sé sa tSean-Ghaill nó Éire’ – tá Asterix na Gaeilge ar ais

Tá tuilleadh d’eachtraí Asterix agus Tintin ar fáil do léitheoirí na Gaeilge agus aistriúchán déanta ar cheithre imleabhair eile sna sraitheanna cáiliúla sin.

Beidh téamaí atá sa treis i stair na hÉireann á gcíoradh i gceann de scéalta Asterix, Asterix i gCoill na Cinsealachta. Baineann an leabhar leis an gcoilíneachas, na Rómánaigh tagtha chomh fada leis an nGaill agus iad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar chultúr na háite agus an traidisiún dúchais a chur as a riocht.

Is é an file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an tsraith seo agus deirtear go bhfuil Asterix i gCoill na Cinsealachta ar cheann de na scéalta is polaitiúla sa tsraith.

“Cé gur scríobhadh é mar fhreagra ar an tsraoilleáil uirbeach, tá dlúthbhaint ag Asterix i gCoill na Cinsealachta le ceann de mhórthréimhsí na staire in Éirinn,” a deir Rosenstock. “Is é an cath céanna atá i gceist, bíodh sin sa tSean-Ghaill nó Éire an 17ú haois, teanga agus cultúr á chosaint ó phlandáil a fhéachann leis an phobal a athrú ó bhun.”

Agus na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i dTóiceo an bhliain seo chugainn, ábhar tráthúil atá i gceist sa scéal eile de chuid Asterix atá aistrithe ag Rosenstock, Asterix ag na Cluichí Oilimpeacha.

Cé gurb iad na Gaill, muintir na Sean-Ghréige agus na Rómhánaigh atá ag glacadh páirt sna cluichí sa scéal, tá na deacrachtaí céanna ag Asterix agus atá ag lúthchleasaithe macánta sa lá atá inniu ann agus a gcéilí comhraic i mbun caimiléireachta.

“Is freagra tráthúil agus greannmhar é an t-imleabhar seo ar cheist na ndrugaí sa spórt, mar nach mbeidh rath ar bhradaíl sna cúrsaí seo,” arsa Rosenstock.

Tá dhá imleabhar nua sa tsraith Tintin aistrithe chomh maith ag Rosenstock don chomhlacht foilsitheoireachta Dalen, Ciste Castafiore agus Slat Ríoga Ottokar.

“Tá an dá eachtra seo ar na cinn is fearr ar fad i sraith Tintin.  Is aoibhinn liom an chíor thuathail iontach in Ciste Castafiore agus tá an oiread sin teannais in Slat Ríoga Ottokar nach bhféadfaidh tú do shúile  a bhaint den aicsean. Is deacair an leabhar seo a leagan uait,” a deir an t-aistritheoir.

Foilsíodh eachtraí Asterix agus Tintin i nGaeilge den chéad uair in 2014. Tá na leabhar sa tsraith Asterix anois ar fáil i nGaeilge agus sé cinn de chuid Tintin atá aistrithe go Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Is é an cath céanna é, bíodh sé sa tSean-Ghaill nó Éire’ – tá Asterix na Gaeilge ar ais'