Is don pholaiteoir is measa é mura dtugann sé aird ar na pobalbhreitheanna

Tabharfaidh na pobalbhreitheanna neart ábhar machnaimh do pholaiteoirí ar an dá thaobh de Mhuir Éireann as seo go ceann píosa

Is don pholaiteoir is measa é mura dtugann sé aird ar na pobalbhreitheanna

Cuir ceist ar pholaiteoir ar bith faoi phobalbhreith nach bhfuil fabhrach dóibh agus déarfaidh siad leat gur beag an bhrí, nach bhfuil ann ach léargas ar nóiméad ar leith agus nach bhfuil ach pobalbhreith cheart amháin ann – lá toghcháin. Bíodh sin mar atá baineann polaiteoirí ar fud na cruinne leas as an bhfaisnéis a fhaigheann siad ó phobalbhreitheanna lena gcuid straitéisí a ullmhú.

Léirigh pobalbhreith an deireadh seachtaine seo caite a rinne an comhlacht Ireland Thinks do nuachtán an Sunday Independent gur beag tairbhe a fuair an rialtas as an gcáinaisnéis a fógraíodh roinnt laethanta roimhe sin ó thaobh tacaíochta i measc an phobail. Cé go raibh €11.5 billiún le roinnt ar an bpobal ní dhearna sé leas do leibhéal tacaíochta na bpáirtithe comhrialtais.

Más tada é, chuaigh sé chun sochair Shinn Féin arís eile mar go bhfuil tuairim i measc an phobail nach bhfuil an rialtas ag díriú ar an bhfadhb is mó sa tír – an ghéarchéim tithíochta. Léirigh a ghéire agus a bhí an plé idir an Taoiseach agus Mary Lou McDonald sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil an teannas eatarthu méadaithe arís eile.

Má fhaigheann Sinn Féin an tacaíocht is airde san olltoghchán beidh páirtithe comhrialtais uathu. Ní theastaíonn ó Mhicheál Martin gurb iad Fianna Fáil a bheadh i gceist. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna gurb í an chomhpháirtíocht sin an rogha chiallmhar. Inseoidh an caidreamh idir an Taoiseach nua agus Uachtarán Shinn Féin ag deireadh na bliana a scéal féin faoi na roghanna a bheidh ann tar éis an olltoghcháin. Beidh leide sna pobalbhreitheanna freisin ag an tráth sin.

Thar toinn sa mBreatain chuir toradh pobalbhreithe le deacrachtaí Liz Truss, a dúradh. Ach ar chuir? Léiríonn figiúirí YouGov go bhfuil farasbarr 33% anois ag Páirtí an Lucht Oibre ar na Caomhaigh. D’fhéadfadh os cionn céad suíochán de mhóramh a bheith acu (an Lucht Oibre) má bhíonn olltoghchán ann go luath. Agus ag breathnú ar an gcorraíl agus ab t-easaontas i measc na gCaomhach ní chuirfeadh sé iontas ort dá mbeadh a leithéid ann.

Cé is moite de rud amháin. Má leanann cúlbhinseoirí agus lucht cáinte Truss lena gcuid bagairtí agus an rialtas reatha a threascairt, seans mór, bunaithe ar na pobalbhreitheanna, go gcaillfidh siad a gcuid suíochán. Mithid don té, mar sin, nach gcoinníonn súil ar na tuairimí a léiríonn an pobal sna ceistneoirí céanna.

Tabharfaidh na pobalbhreitheanna neart ábhar cainte dúinn as seo go ceann roinnt míonna. Tabharfaidh siad neart ábhar machnaimh freisin do pholaiteoirí ar an dá thaobh de Mhuir Éireann. Cén áit is túisce a mbeidh toghchán? Sa mBreatain, shamhlóinn. Ní bhíonn deifir ar aon pholaiteoir dul ag toghchánaíocht le linn an gheimhridh. Ní shin le rá nach mbíonn siad ag faire na bpobalbhreitheanna ar maith leo beag is fiú a dhéanamh dóibh go tráthrialta.

Fág freagra ar 'Is don pholaiteoir is measa é mura dtugann sé aird ar na pobalbhreitheanna'