Is deacair léamh ar iontaisí na sraithe suaithinsí peile seo…

Tá an uile dhuine ar thóir comharthaí go bhfuil ag teip ar na Dubs ach is deacair léamh ar fhianaise na sraithe go nuige seo

Is deacair léamh ar iontaisí na sraithe suaithinsí peile seo…

Níl aon léamh agam ar shraith caide na bliana seo. 

Is deacair d’aoinne aon léamh a bheith acu ar an tsraith tar éis imirt an lae inné idir Áth Cliath agus Ciarraí i nDurlas Éile. 

Níl ach seachtain ó bhí Ciarraí ag aimsiú ceithre bháide ar a dtoil in aghaidh na Gaillimhe i dTrá Lí agus b’eo inné iad ag géilleadh ceithre cinn acu chomh neafaiseach is a bheidh le feiscint in aon áit i mbliana. 

Díreach nuair is dóigh leat go bhfuil léamh éigin le déanamh ar an imirt sa tsraith go dtí seo, ná cuireadh sé aon iontas ort má théann Ciarraí agus Áth Cliath i bhfolach arís óir is dócha gur leor na trí phointe sraithe atá acu araon anois chun a bhfuil uathu ón gcomórtas a bhaint amach. 

Beidh an dá fhoireann ar an mbóthar i gCúige Chonnacht Dé Domhnaigh seo chughainn agus é níos tábhachtaí don nGaillimh agus Ros Comáin araon go mbuafaidís siúd seachas Ciarraí nó Áth Cliath. 

Más deacair breith a thabhairt ar an imirt i Roinn 1 ó Dheas, beidh na húdair ag tochas a gcinn i gceart le himirt an tSathairn i Roinn 1 ó Thuaidh i gCúige Uladh. Ba ar chomhtharrac 1-20 le 4-11 a chríochnaigh Dún na nGall agus Muineachán i mBealach Féich agus an dá fhoireann dulta cúl le cine ar fad lena gcur chuige spleodrach oscailte agus gan aon bheann acu ar chosaint ná aon éachtaint ar an ealaín dhuairc a bhaineann le teannadh is le fáisceadh an chórais cosanta.

Thoir in Ard Mhacha, ba dhóigh leat gur leor an dá bháide is deich bpointe a d’aimsigh foireann na háite chun cuid mhaith cluichí a bhuachtaint ach le Tír Eoghain ag cur cló nua, leis, orthu féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ré nua tosnaithe ansiúd. Tá níos mó caide lascálta le seachtain anuas ag Tír Eoghain ná mar a deineadh i mbiaiste iomlán na bliana seo caite. Tá na scóranna ag teacht ina rabhartaí agus shamhlófá go mbeidh an Lámh Dhearg go láidir san áireamh más acmhainn dóibh 2-15 a aimsiú in aghaidh Ard Mhacha agus más féidir leo Cathal McShane a chur chun páirce arís i mbliana.

Thar n-ais go dtí cluiche an lae inné i Staid Semple. B’fhéidir go mbeadh toirtéis éigin ar Chiarraí as casadh ar Áth Cliath dhá bhabhta as a chéile anois agus gan iad a bheith cloíte ach seachas san, ní mór eile atá le maíomh acu. Ní raibh Áth Cliath os cionn a mbuille inné ná baol air agus, ainneoin na cogarnaíola bliantúla fé Stephen Cluxton, beidh cuma ana-dhifriúil ar Áth Cliath nuair a fhillfidh na fáinleoga eile agus nuair a bheidh an chraobh ina theas isteach sa tsamhradh. 

Dála na haon lá eile le sé nó seacht mbliana anuas, bhí an uile dhuine ar thóir comharthaí inné go bhfuil ag teip ar na Dubs. Déarfadh daoine áirithe go bhfuil na comharthaí sin ann le tamaillín ach ná fuil aon fhoireann maith go leor chun teacht i dtír orthu. An raibh aon ní le feiscint inné a thabharfadh léas beag dóchais dos na híochtaráin? Ní mór é, i ndáiríre. B’fhéidir go raibh rud éigin i dtámáilteacht Chiaráin Kilkenny nó sa tslí go ngéilleadar agus iad seacht bpointe chun tosaigh nó san easpa slachta a bhí ar a n-iarrachtaí sna nóimeataí deireanacha, ach an bhfuil aon fhianaise lom ann a thabharfadh le tuiscint dúinn go bhfuil an bhearna idir Áth Cliath agus foirne eile ag cúngú? 

Maidir le Ciarraí, bhí cúiseanna misnigh i ngothaí Sheáin Uí Shé agus David Clifford arís. Bhíodar ann i ngníomhartha Dhiarmuda Uí Chonchúir chomh maith agus is dócha gur cúis mhisnigh í aon lá go n-éiríonn leat dul go tigh an rí agus teacht as gan a bheith treascartha. Thar aon fhoireann eile tá Ciarraí ag spreotáil leo le tamall de bhlianta anois ar Áth Cliath ach is iad Ciarraí féin atá ag baint na mbarrthuislí astu féin. Dheineadar anuraidh é gan aon bhaint ag Áth Cliath leis agus mura réiteofar na deacrachtaí atá sna cúlaithe acu, bainfidh Ciarraí barrthuisle eile astu féin sara mbeidh an bhliain 2021 istigh.  

Is iad contae an Chláir a bheidh á fhéachaint le Ciarraí sa chraobh i ndeireadh na míosa seo chughainn agus cé gur mór é a nguais agus a ndúshlán agus iad ag teacht go Cill Airne, is ag pocléimnigh an bóthar anuas a bheidh siad más cluichí i Roinn 1 na sraithe a bheidh i ndán dóibh an bhliain seo chughainn. Tar éis a mbua ar Chill Dara sa Droichead Nua inné (a gcéad bhua riamh san áit), tá peileadóirí an Chláir lán de ghiodam agus de theaspach agus gan uathu anois ach Corcaigh a chur de dhroim seoil in Inis Dé Domhnaigh agus beidh siad ag imirt in aghaidh phiardaí móra na caide ar bhonn rialta an bhliain seo chughainn. Is beag duine, mé féin san áireamh, a bheadh á thuar san i dtús an fheachtais sraithe. In áit iad a bheith stálaithe ag éisteacht le guth Choilm Uí Choileáin, is amhlaidh atáid spreagtha ag an tseirbhís dhiamhair atá tugtha ag an gCoileánach dá chontae agus in Eoin Cleary, tá duine des na tosaithe is ealaíonta amuigh i mbliana acu. 

Sea, is ait an feachtas go dtí seo é agus lucht na bhfigiúirí agus na hanailíse á dhearbhú san dúinn seachtain ar sheachtain. Tá líon na gcúilíní in aghaidh an chluiche méadaithe go 34.6 go dtí seo sa tsraith. Bhí an comhscór idir Dún na nGall agus Muineachán ar an Satharn ar an dara comhscór is airde riamh sa tsraith agus ina gcluiche le Tír Eoghain an tseachtain seo caite, bhris an dá fhoireann curiarracht eile. Le 34 brat bán ardaithe, bhí sé ar an gcluiche ba líonmhaire cúilíní idir dhá fhoireann ó Chúige Uladh i stair na sraithe náisiúnta. 

Ní haon iontas nach bhfuil aon léamh againn ar fheachtas sraithe na bliana seo. Deinim amach go leanfaidh na hiontaisí, agus ár mearathal dá réir, an tseachtain seo chughainn!

Fág freagra ar 'Is deacair léamh ar iontaisí na sraithe suaithinsí peile seo…'