Is deacair is léir deireadh a chur le Star Wars

Má tá aon rath le beith ar dhomhan Star Wars caithfear gaisce a dhéanamh d’uireasa mhuintir Skywalker

Is deacair is léir deireadh a chur le Star Wars

Star Wars: The Rise of Skywalker
Stiúrthóir: J.J. Abrams
Cliar: Daisy Ridley, Carrie Fisher, John Boyega, Oscar Isaac, Adram Driver, Mark Hamill, Harrison Ford

Tar éis dornán maith blianta ag paidhceáil leis le dréachtaí difriúla den script d’éirigh leis an scríbhneoir/stiúrthóir George Lucas dul i mbun oibre ar a spásdráma i 1977. Beag a cheap an uair sin go ndéanfadh Star Wars na máithreacha a leagan do cheann de na cnuasaigh is rathúla agus is fadbhunaithe i stair na scannánaíochta.

Is é a thug an bithiúnach is fearr riamh dúinn (Darth Vader), an uirlis troda is suaithinsí (claíomh solais), an saoiste is geanúla (Yoda), an gaiscíoch is mealltaí (Hans Solo) agus an spásárthach is suaithinsí (Millenium Falcon). Is cuid den chultúr coiteann é an cnuasach agus a chomharthaí sin gur beag duine nach n-aithneodh na hainmneacha thuas nó gleo sainiúil an chlaímh solais nó garbhanálú Vader.

Ar feadh na mblianta bhí an-bhlas againn ar an mbeagán. Ansin tháinig an tríológ ag casadh na mílaoise agus tugadh íde na muc agus madraí ar an réamhscéal agus na carachtair a cuireadh os ár gcomhair.

Ansin bhí bearna breis agus deich mbliana eile againn sular tháinig an tríológ seo; saothair a chuirfidh clabhsúr ar scéal a thosaigh i 1977 agus a bhaineann le trí ghlúin den teaghlach céanna. Bhuel sin a deirtear linn, ach go háirithe. Ach, ón tslí a cuireadh an radharc deireanach os ár gcomhair tá amhras orm go mb’fhéidir go mbeadh an carachtar/aisteoir céanna ar ais ar an láthair chéanna i gceann cúpla bliain nó fiche bliain. Cá bhfios? Deacair deireadh a chur le Star Wars.

Níorbh í an tríológ dheiridh amháin a bhí Disney a shluaisteáil chugainn óir tháinig Rogue One: A Star Wars Story (2016) agus Solo: A Star Wars Story (2018) chugainn i rith an ama chéanna. Lena chois sin tá an tsraith teilifíse The Mandalorian tosaithe le déanaí agus níl aon chuimhneamh ag Disney staonadh den taoscadh. Táid ag súil go mbeidh blas ar an mórán againn.

Níl an scannán seo, ná an tríológ in iomláine in ann coinneal a choimeád leis an gcnuasach bunaidh. In ainneoin gur thosaigh rudaí amach go maith le The Force Awakens agus gur bhaineamar súp as na radharcanna i gCorca Dhuibhne is Sceilg Mhichíl tá rudaí imithe in olcas. Murach an carachtar Rey agus an t-aisteoir Daisy Ridley bheadh an cnuasach ina chocstí. Carachtar le téagar, í caithiseach, misniúil agus daonna agus aisteoireacht chumasach ó Ridley. Ar an lámh eile, faoi dheireadh an scannáin seo ba chuma ann nó as Finn (Boyega) agus Poe (Isaac) agus ba seó bóthair ceart é Kylo Ren.

Eachtraíocht bhreá anseo agus ansiúd, rud a mbeifeá ag súil leis ón draoi Abrams, ach taibhsíodh dom nach raibh ann an sraith eachtraí, carachtair agus láithreacha caite i mullach a chéile. Seanchiúta agus meirg é ag dream Star Wars anois é a bheith ag tabhairt castaí isteach maidir le sliocht na gcarachtar, ach déantar anseo arís é. Bhí rudaí ag imeacht chun leadráin dom agus uair an chloig fágtha.

Cuimhneofar ar an scannán seo mar an uair gur fágadh slán le Leia (Fisher). Tá an t-aisteoir í féin imithe ar shlí na fírinne agus deineadh a cuid radharcanna anseo a chniotáil le chéile ag úsáid ábhar cartlainne agus maisiúchán. Bhí radharc idir Leia agus a cara dílis, teanntásach R2-D2, ar cheann de na chéad radharcanna bhí le feiscint i 1977.

Bhí sé cuí agus maoithneach mar sin é a fheiscint taobh léi agus í ag imeacht ar shlí na fírinne. Tá Han, Luke, Leia agus Darth imithe leis an bhFórsa; tá an scéal tagtha chun críche. Má tá aon rath le beith ar dhomhan Star Wars caithfear gaisce a dhéanamh d’uireasa mhuintir Skywalker agus a leathbhádóirí.

Fág freagra ar 'Is deacair is léir deireadh a chur le Star Wars'