Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Rialtas na Breataine agus polasaí an DUP – Ó Muilleoir

Ag labhairt dó ag Eisteddfod na bliana seo sa Bhreatain Bheag, dúirt an t-iar-aire airgeadais go raibh sé “thar am” seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge

Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Rialtas na Breataine agus polasaí an DUP – Ó Muilleoir

Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Rialtas na Breataine agus polasaí an DUP i leith na Gaeilge, dar leis an iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir.

Tá éilithe ag an bpolaiteoir de chuid Shinn Féin ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, a chinntiú go gcuirfear seirbhísí i nGaeilge ar fáil sna hoifigí agus comhlachtaí poiblí atá faoi smacht a rialtais.

I litir a chuir sé chuig Brokenshire mhaígh Ó Muilleoir gur deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Westminster agus polasaí an DUP i leith na Gaeilge “a fhad is go bhfuil cosc iomlán ar an nGaeilge” sna ranna agus oifigí rialtais atá faoi smacht Westminster.

Ag labhairt dó ag Eisteddfod na bliana seo in Ynys Mon, dúirt Ó Muilleoir go raibh sé “thar am” seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ó na hoifigí rialtais nach bhfuil faoi smacht Stormont – oifigí cánach, an áisíneacht teorainneacha, Oifig na bPasanna agus Oifig Thuaisceart Éireann féin.

“11 bliain i ndiaidh shíniú Chomhaontú Naomh Aindriú a gheall Acht Teanga, níl seirbhís Ghaeilge ar fáil in aon cheann de na ranna seo. Ní féidir glacadh a thuilleadh leis an scéal go bhfuil aon pholasaí amháin ar an Ghaeilge ag Rialtas na Breataine agus ag an DUP.

“Tá sé thar am seirbhís Ghaeilge a sholáthar san NIO agus sna háisíneachtaí eile atá ag feidhmiú anseo – mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag,” a dúirt Ó Muilleoir.

Thagair sé do na seirbhísí uilig a chuirtear ar fáil i mBreatnais sa Bhreatain Bheag agus an dátheangachas atá i réim i rialtas na tíre sin. Dúirt sé nár cheart go mbeadh aon chosc ar sheirbhísí i nGaeilge sa Tuaisceart.

Aire Airgeadais na Breataine Bige Mark Drakeford a thug cuireadh d’Ó Muilleoir, iar-aire airgeadais Thuaisceart Éireann, chuig an Eisteddfod. Chas sé leis an Aire agus le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige Meri Huws le cúrsaí teanga in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag a phlé.

Idir an dá linn, tá cáineadh déanta ag Ó Muilleoir ar sheasamh an UUP i leith an Achta Gaeilge freisin. Chas ceannaire an pháirtí aontachataigh agus ionadaithe eile ón bpáirtí le toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge agus Forbairt Feirste i mBéal Feirste inné. In ainneoin gur “comhrá macánta, urramach” a bhí ann idir an dá ghrúpa, dheimhnigh ceannaire an pháirtí, Robin Swann, go bhfuil a pháirtí ag diúltú glan i gcónaí d’Acht Teanga don Ghaeilge.

Dúirt Ó Muilleoir inniu go mbaineann meon mar sin leis an am a caitheadh agus gur le gach duine an Ghaeilge.

“Baineann meon an UUP i leith an éilimh dhlisteanaigh ar Acht Gaeilge leis an am a caitheadh inar deighleadh daoine. Baineann an Ghaeilge, lucht a labhartha agus soláthar a gceart leis an am atá le teacht,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir polasaí Rialtas na Breataine agus polasaí an DUP – Ó Muilleoir'