Is deacair comhrá faoin Bhreatimeacht a sheachaint… fiú i gcré na cille

Cad déarfadh Éamon De Valera agus Winston Churchill faoin mBreatimeacht?

Is deacair comhrá faoin Bhreatimeacht a sheachaint… fiú i gcré na cille

Réamhfhocal ón scríbhneoir.

Ní foláir leithscéal a ghabháil le Mairtín Ó Cadhain, nach maireann, faoin gcolún seo. Seachas teideal an cholúin, níl aon bhaint ag a ardsaothar Cré na Cille leis an gcur síos seo a leanas ar chomhrá a chloisfí, b’fhéidir, dá gcasfaí beirt atá ar shlí na fírinne le fada ar a chéile.

Chaith Éamon De Valera trí thréimhse mar Thaoiseach idir 1932 -1959. Chaith Winston Churchill dhá thréimhse mar phríomh-aire sa Bhreatain idir 1940- 1955.

DE VALERA: A dhuine uasail, Dia dhuit. Níor shíl mé riamh go mbeadh deis agam labhairt leat, tar éis mo bháis. Is de réir a chéile atáim ag teacht ar thuiscint cheart ar nósanna na háite seo.

CHURCHILL: Níor shíl mise ach oiread go mbeadh comhrá mar seo agam le do leithéid. Ar an gcéad dul síos, toisc gur i reilig Bladon in Oxfordshire a cuireadh mise i 1965. Táim sínte ar an taobh eile de Mhuir Éireann agus, glacaim leis, i bhfad ón áit inar cuireadh tusa sa chré.

DE VALERA: Go deimhin. Is i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath a adhlacadh mise i 1975. Ach is cosúil nach gcuireann fad ná teanga isteach ar chomhráite na marbh, go háirithe má tá mór-ábhar imní le plé.

CHURCHILL: Tá tusa chomh buartha faoin Bhreatimeacht agus atáimse? Ní haon iontas é. Arsa fear a cuireadh sa chré anseo cúpla lá ó liom: ‘I’m afraid, Mr Churchill, England is having what looks like a nervous breakdown’.

DE VALERA: Cuimhním ar an óráid bhreá sin inar mhol tú i 1946 go mbunófaí ‘Stáit Aontaithe na hEorpa’. Níor aontaigh mé leat, agus ní aontaím fós leat, gur chóir an bonn a bhaint de neamhspleáchas tíre, ach…

CHURCHILL: (Ag gáire) N’fheadar ar aontaigh muid lena chéile riamh? Ní dóigh liom é. Ach coinnigh ort.

DE VALERA: Ach ba léir dom an riachtanas, go háirithe tar éis uafáis an dara cogadh domhanda. Ghoill an cogadh go mór orm, mar a ghoill sé ortsa freisin ar ndóigh. Ach chuir sé díomá ar leith orm toisc go raibh súil agam sna 1930í go mbeadh Conradh na Náisiún ábalta idirghabháil ar son na síochána a dhéanamh i gcás aighnis.

CHURCHILL: Admhaím go ndearna tú do dhícheall chun tionchar na heagraíochta sin a neartú. Ní raibh seans ar bith ann riamh ar ndóigh go dtabharfadh Herr Hitler nó an Comrádaí Stalin aon aird uirthi. Cogar, an bhfuil seans ar bith ann anois go n-admhófá an bhfuil tusa sásta go raibh neodracht na hÉireann le linn an dara cogadh domhanda náireach?

DE VALERA: A dhuine uasail, ná cuirimis am amú. Is i 1945 a thug mé freagra ar do ghearán a shásaigh muintir na hÉireann. Ní dóigh liom gur fiú a thuilleadh a rá ina thaobh anois. Ach féach, inis dom, murar miste leat, do bharúil faoin mBreatimeacht?

CHURCHILL: Ceart go leor, cé go gcuireann ar tharla i mo thír dhúchais ó reáchtáladh an reifreann seafóideach sin in 2016 brón agus alltacht chomh mór orm nach maith liom a bheith ag caint air de ghnáth…

DE VALERA: Ná bíodh brón as cuimse ort. Nílimse róshásta le go leor athruithe a tháinig ar Éirinn le tamall anuas. Leithéidí na reifreann a cheadaigh ginmhilleadh agus – Dia idir sinn agus an t-olc – rud ar ar tugadh ‘cothromaíocht phósta’. In oileán na naomh agus na n-ollamh, samhlaigh!

CHURCHILL: Fan ort anois, tá na rudaí sin dona go leor, ach táimse ag caint ar rud a dhéanfaidh aimhleas na Breataine ar dhóigh nach féidir a leigheas ar feadh i bhfad.

Tá aiféala orm a rá go bhfuil meon i réim sa Bhreatain anois nach neartóidh ach a lagóidh ár neamhspleáchas. Tá dream in uachtar ar an dá thaobh in Westminster atá beag beann ar an saothar fada foighdeach a rinne Macmillan, Wilson, Heath, Thatcher agus Blair chun comhthuiscint agus comhoibriú le tíortha eile na hEorpa a chur chun cinn.

DE VALERA: Is í éidreoir agus éagumas rialtas na Breataine san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht an rud eile a chuireann iontas agus díomá ar Éireannaigh, de réir mar a chloisim ó dhaoine nua-adhlactha anseo. Iad ag síor-éileamh rudaí nach bhfuil seans ar bith ann go dtairgfear dóibh iad.

CHURCHILL: Bhuel ar ndóigh thuigfeá-sa an dochar a dhéanann drochstiúir ar chainteanna tábhachtacha. Dála an scéil, ar admhaigh tú riamh go ndearna tú botún mór nuair a d’fhan tú i mBaile Átha Cliath le linn na gcomhráite roimh Chonradh 1921?

DE VALERA: Sula bpléifimid an cheist sin, ar admhaigh tusa riamh go ndearna tu botún náireach mar aire cogaidh nuair a chuir tú na ‘Black and Tans’ go hÉirinn i 1920?

CHURCHILL: Is féidir linn an cheist sin a phlé amach anseo. Ach táim tuirseach anois. Beidh comhrá eile againn sula i bhfad, tá súil agam. Slán go fóill.

DE VALERA: Slán leatsa, agus beannacht Dé ort agus ar do thír bhocht chráite.

Fág freagra ar 'Is deacair comhrá faoin Bhreatimeacht a sheachaint… fiú i gcré na cille'

  • Seáinín Mac Conraoi

    Cosúil leis na carachtair faoin talamh i gCré na Cille a thagair tú dóibh, bíonn na fir uaisle seo ag clabaireacht gan stad ach ní dúirt siad faic. Tugann sé polaiteoirí airithe beo chun cuimhne dom.

  • An Teanga Bheo

    Bíonn sinsear is slíocht ag gníomh a déantar is é uacht ár sinsear é an aimsir seo?
    Cine ár sinsear é an t am seo is cosuil !