Is deacair an Clár agus Port Láirge a scaradh agus Gaillimh ag iarraidh tús maith a chur leis an samhradh

Imreofar roinnt cluichí i gCraobhacha iomána na Mumhan agus Laighean tráthnóna, agus is iad coimhlint an Chláir agus Phort Láirge agus Gaillimh in aghaidh na hIarmhí is mó trácht

Allianz Hurling League Division 1 Final Replay, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 8/5/2016 Clare vs Waterford Waterford’s Brian O’Halloran with Clare’s Colin Ryan Mandatory Credit ©INPHO/Ken Sutton
Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

An Clár v Port Láirge, Staid Semple, 4.00 i.n.

Faoin am go raibh 160 nóiméad imeartha acu in aghaidh a chéile i mbabhta ceannais na sraithe, ní raibh ach pointe idir an Clár agus Port Láirge. Ba iad foireann Davy Fitzgerald a thug an lá leo i ndiaidh na hathimeartha agus gach seans go mbeidh an imirt chomh géar céanna tráthnóna.

gur bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2013, bhí na taispeántais a thug an Clár uathu ina gcúige féin le roinnt blianta anuas uafásach ar fad. Níl ach cluiche amháin buaite acu i gCraobh na Mumhan ó bhuaigh siad ar Luimneach sa chluiche leathcheannais in 2008. Mar a tharlaíonn sé, is in aghaidh Phort Láirge, in 2013, a bhí an t-aon bhua amháin sin.

Is mó tionchar a bheidh ag cluichí na míosa seo caite ar an gcoimhlint i nDurlas tráthnóna, áfach, agus is cinnte go mbeidh daoine ag súil go mbeidh cluiche an lae inniu níos cosúla leis an athimirt ná an chéad chluiche inar cuireadh 39 iarracht san iomlán amú.

Tháinig an oiread sin feabhais ar an imirt sa dara cluiche sin go bhfuil an-chuid daoine anois den tuairim go mbeadh sé deacair ag aon dream eile stop a chur le ceachtar den dá fhoireann seo i gcúige Mumhan i mbliana.

Údar misnigh don dá fhoireann féin go bhfuil iománaithe tábhachtacha ag filleadh ó ghortuithe.

I gcás Phort Láirge, tá Maurice Shanahan agus Pauric Mahony, ar éirigh leo cúpla nóiméad a imirt le linn na gcluichí ceannais sraithe, ar ais i mbarr a maitheasa, mar atá Stephen Bennett, deartháir Shane, a chaill an tsraith uile.

Beidh Davy Fitzgerald sásta go bhfuil Shane O’Donnell aclaí arís ach beidh sé ag feitheamh tamall eile ar John Conlon. Bhí Conlon ar fheabhas le linn na sraithe ach chaill sé na cluichí ceannais de bharr gortú rúitín agus cé go bhfuil sé ar ais ag traenáil, níl a fhios ag an bhfoireann bainistíochta fós an bhfuil sé in ann cluiche iomlán a imirt.

Ní raibh ach an t-aon phointe amháin sin idir na foirne sna cluichí sraithe, agus tá fós thar a bheith deacair buaiteoir a roghnú do chluiche an lae inniu. Ach ó tharla cluiche amháin a bheith caillte acu agus iad ar comhscór sa cheann eile, seans go mbeidh na Déisigh beagáinín níos amplaí chun buachana agus go dtabharfaidh siad an lá leo dá bharr.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

An Iarmhí v Gaillimh, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n.

Beidh cath chontaetha an mharúin ar siúl ar an Muileann gCearr tráthnóna agus an Iarmhí agus an Ghaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais Laighean.

Is é seo an chéad chluiche craoibhe a bheidh ag na Gaillimhigh faoi cheannas Micheál Donoghue agus toisc nach raibh mórán ratha orthu le linn an earraigh ní foláir d’fhir an iarthair tús maith a chur lena bhfeachtas craoibhe.

nach raibh siad chomh dona sin i rith na sraithe, ísliú céime a bhí i ndán do na Gaillimhigh nuair a theip orthu dul i dtaithí ar Roinn 1A. Bhuadar a gcéad chluiche in aghaidh Chorcaí ach bhain go leor gortuithe dóibh ina dhiaidh sin agus níor éirigh leo rudaí a chur ina gceart.

Ar an gcéad amharc, níl aon athrú rómhór déanta ag Donoghue ó tháinig sé i gcomharbacht ar Anthony Cunningham agus is iad na himreoirí céanna atá fós á roghnú aige. Dar ndóigh, is ar an bpáirc traenála is mó a bhí fadhb ag na himreoirí le Cunningham, agus ní léir fós go bhfuil réiteach na faidhbe sin ag fear Dhroichead an Chláirín.

Beidh fuadar aisteach faoi lucht iomána na hIarmhí ó bhuail siad Cill Chainnigh sa Chraobh Faoi-21 cúpla seachtain ó shin. Beidh siad ag súil anois tógáil ar an mbua spreagúil sin.

go raibh deich bpointe le spáráil ag an nGaillimh in 2012 – an uair dheireanach ar chas na foirne seo ar a chéile – ní raibh rudaí chomh héasca ag na buaiteoirí agus a cheapfá. D’aimsigh an Iarmhí 4-12 an lá céanna.

D’aimsigh Niall O’Brien 2-7 dóibh sa chluiche sin ach seans go mbeadh sin agus tuilleadh, ag teastáil arís má tá a fhoireann chun teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic inniu.

Rogha Tuairisic.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Is deacair an Clár agus Port Láirge a scaradh agus Gaillimh ag iarraidh tús maith a chur leis an samhradh'