Is deacair a thuiscint conas a shílfí gurbh fhearr an saol a bheadh agam murach gur le Gaeilge a tógadh mé

Dúshlán nua é a bheith ag plé le hargóintí ó Ghaeilgeoir a cheapann nár cheart go mbeadh cuid mhór de na páistí atáthar a thógáil le Gaeilge á dtógáil le Gaeilge ar chor ar bith

Is deacair a thuiscint conas a shílfí gurbh fhearr an saol a bheadh agam murach gur le Gaeilge a tógadh mé

I m’alt deireanach sa tsaith seo faoi chás na Gaeilge sa teaghlach, d’áitigh mé ar léitheoirí Tuairisc.ie gan a bheith ag maslú daoine nach dtógann a bpáistí le Gaeilge.  Tá sé íorónta gurbh é an toradh a bhí ar an alt gur lochtaigh duine de na daoine sin mo chuid Gaeilge agus go ndúirt sé nach cainteoir dúchais mé.  Seo ainneoin é a bheith ráite agam i Tuairisc.ie gur tógadh le Gaeilge mé.  Scríobh an ‘File’ mar a thugann sé air féin, (ar chúis éigin mothaím gur fear atá ann):

Scríbhneoir an ailt, abair, ní cainteoir dúchais Gaeilge é ach oiread. Scríobh sé an abairt seo:
‘Is iontach an bronntanas an Ghaeilge, creidimid, agus mar sin déanann muid iarracht mhór
maidir le seachadadh na teanga go dtí ár bpáistí.’

De mo dhóigh, agus scríbhneoir an ailt ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, beidh sé ag tabhairt meancóga teanga dóibh atá cosúil leis na cinn san abairt sin. Fadhb atá inchurtha, dar liom, le páistí a thógáil agus ‘I seen’ agus ‘I done’ ar bharr a dteanga acu.

Bheadh mé ag cur i gcéill dá ndéarfainn nár ghoill an méid sin orm nuair a léigh mé ar dtús é.  Ach ar an taobh eile den scéal is cinnte gur éirigh leis an ‘file’ rud nua nó dhó a mhúineadh dom agus gur chabhraigh sé liom forabairt a dhéanamh ar mo chuid smaointe faoi thógáil páistí le Gaeilge.  Tá sé réasúnta éasca a bheith i mbun plé nó díospóireachta le daoine gan Ghaeilge faoi na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge.  Tá an chuid is mó acu báúil leis an smaoineamh ar aon nós.  An chuid acu nach bhfuil báúil, de ghnáth bíonn an méad eolais a bhíonn acu faoin ábhar chomh bocht sin gur furasta an lámh in uachtar a fháil orthu má bhíonn tú ag argóint leo faoin gceist. 

Dúshlán nua agus spéisiúil dom is ea a bheith ag plé le hargóintí ó Ghaeilgeoir a chreideann gurbh fhearr nach mbeadh cuid mhór de na páistí atáthar a thógáil le Gaeilge, á dtógáil le Gaeilge ar chor ar bith.  Tá a fhios againn gur tuairim is 1% de pháistí na tíre atáthar a thógáil le Gaeilge agus gur laghdú a tháinig ar an bhfigiúr sa daonáireamh deireanach.  Tá a fhios againn nach slán todhchaí na teanga agus an ráta aistrithe teanga sin ann. Tá a fhios againn gur gá líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge a mhéadú, seachas a laghdú, má tá an Ghaeilge le maireachtáil mar theanga dhúchais, seachas mar chaitheamh aimsire nó sainspéis scolártha.  Ach tá siad ann, de réir dealraimh, a chreideann murar féidir caighdeán nó cineál áirithe Gaeilge idéalach éigin a bheith i mbéalaibh páistí, gurbh fhearr ligean di bás a fháil mar theanga dhúchais.

Deir ‘an file’ má chuireann a pháistí spéis sa Ghaeilge agus iad níos sine go gcabhróidh sé leo í a fhoghlaim.  Ach iontas na n-iontas, ó mo thaithí féin, formhór na bpáistí nach dtógtar le Gaeilge iad cé gur Gaeilgeoirí a dtuismitheoirí, ní chuireann siad spéis sa Ghaeilge.  Agus fiú má chuireann cuid acu spéis inti, formhór acu siúd ní bhainfidh siad amach an caighdeán Gaeilge a bheadh ag páiste a tógadh le Gaeilge, gan trácht ar an nGaeilge idéalach a bhfuil an oiread sin ómóis ag an ‘file’ di.  (Caithfidh mé a rá, gur léir go bhfuil Gaeilge ar ardchaighdeán ag an ‘file’ féin.)

Thart fá 15 bliain ó shin, le linn tréimhse nuair a bhí mé im’ chónaí le m’athair, atá ar Shlí na Fírinne anois, tharla eachtra neamhgnách agus muid inár suí sa seomra suí istoíche.  Ní cuimhin liom go baileach cé againn nó cén fáth, ach ar chúis éigin tharraing duine againn anuas Caoineadh Airt Uí Laoghaire.  Múchadh an teilifís.  Suas liom chuig an leabharlann sa tigh chun an dá chóip a bhí againn d’eagrán Sheáin Uí Tuama den Chaoineadh a fháil.  Léas an chéad véarsa os ard:

Mo ghrá go daingean tu!

Lá dá bhfaca thu

Ag ceann tí an mhargaidh

Thug mo shúil aire dhuit

Thug mo chroí taithneamh duit

D’éalaíos  om charaid leat

I bhfad ó bhaile leat

Léigh mé cúpla véarsa ina dhiaidh sin.  Ansin stop mé agus phléamar an méid a bhí léite agam.  Ansin léigh m’athair cúpla véarsa os ard agus phléamar iad siúd – an Ghaeilge, an tíreolaíocht, an comhthéacs sóisialta agus staire, cumhacht na véarsaí. Léamar agus phléamar gach líne den sárphíosa litríochta sin – ba é sin an seimineár litríochta ba thaitneamhaí dár fhreastail mé riamh air.  Ní dhéanfaidh mé dearúd go deo air.

Is cineál micreacosma imeachtaí na hoíche sin de thionchar na Gaeilge ar mo shaol – na caidrimh dhaonna agus clainne, an léargas sainiúil ar an saol agus ar scéal ár muintire.  Bunaithe ar an méid atá ráite aige bheadh locht ag an ‘file’ ar Ghaeilge mo thuismitheoirí, nach raibh Gaeilge ó dhúchas acu. 

Shílfeadh sé nár chóir dóibh mise – agus mo cheathrar siblíní –  a thógáil le Gaeilge.  Ach tá sé deacair domsa a thuiscint conas mar a shílfeadh aon duine go mbeadh mo shaol níos fearr gan an saibhreas seo a bhronn mo thuismitheoirí orm.

Tá Gaeilge níos fearr ag mo pháistí ná mar atá ag an 99% de pháistí na hÉireann nach bhfuiltear á dtógáil le Gaeilge.  De réir mar a rachaidh siad in aois, beidh corrdhuine eisceachtúil nár tógadh le Gaeilge a bhainfidh amach caighdeán Gaeilge níos airde ná iad, ach fós féin beidh Gaeilge níos fearr acu ná b’fhéidir 98% de phobal na tíre.  Beidh ar a gcumas cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge agus caidrimh ghrá a bheith acu trí Ghaeilge, beidh ar a gcumas oibriú trí Ghaeilge, beidh ar a gcumas éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, breathnú ar chláracha Gaeilge ar TG4 (gan fotheidil) agus Tuairisc.ie a léamh.  Féadfaidh siad tabhairt faoi Cré na Cille más mian leo (le foclóir, dála a n-athar).  Nó féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan aon cheann acu sin a dhéanamh agus dul i muinín an Bhéarla líofa a bheidh acu do na réimsí saoil sin go léir.  Is acu a bheidh an rogha, rogha nach mbeadh acu murach gur tógadh le Gaeilge iad.

Agus lá breá éigin má phiocann duine acu suas cóip de Caoineadh Airt Uí Laoghaire, agus má chuireann sé spéis ann, agus más mian leis é a léamh os ard agus é a phlé lena athair, beidh sé ábalta sin a dhéanamh.

Agus ní beag sin, dar liom. Ní beag in aon chor.

Fág freagra ar 'Is deacair a thuiscint conas a shílfí gurbh fhearr an saol a bheadh agam murach gur le Gaeilge a tógadh mé'

  • Aaron

    A chara,
    Thaitin liom do scéal pearsanta ach ní fiú é an iarracht agus alt ar fad a fhoilsiú mar fhreagra ar thrácht a scríobhadh de mheon mímhacánta. Mar a dúirt mé roimhe, tá an comhrá seo thar a bheith ar líne. Léigh mé trácht mo dhuine, rinne mé gáire, agus bhog mé ar aghaidh mar ghlac mé nach i ndáiríre a bhí sé faoin ábhar a bhí á phlé, is é sin, seachadadh teanga. Deirfinn gurbh amhlaidh a rinne an mhórchuid léitheoirí.

    Mar athair tuigim gur measla pearsanta aineolach a bhí ann agus gur gar don chnámh a bhí sé. Ach mar athair, tuigim go bhfuil cuid mhór i gcontúirt ó thaobh todhchaí mo chlainne, agus gur cur amú ama a bheith ag plé fadhbanna cosúil le seachadadh teanga gan a bheith ag caint i ndáiríre ar aon fhís fhadtéarmach. Bhí mé i ndairíre faoin méid a dúirt mé roimhe ar nasc a chruthú idir riachtanais ábhartha na ngael a chomhlíonadh agus seachadadh teanga, agus ba mhaith liom tuairimíocht mhachnamhach a phlé am éigin nach bhfuil chomh lán le haimléis an idirlín.

  • Éamonn Mac Niallais

    Alt an-mhaith arís ach níl mé cinnte gur chóir bheith ag tabhairt freagair ar postálacha gan ainm!

  • Breathnóir

    Sin alt álainn, go raibh maith agat, a Fhachtna. Sílim gur fearr an dearcadh dearfach atá agat féin ná an dearcadh diúltach atá ag an fhile sin, go cinnte.

  • Eoghan Ó Néill

    Tharla go raibh mé instigh sa leabharlann i Loch Buí KK ar maidin, áit ina gcasann daoine le gaelig le chéile go rialta agus leoga luaigh duine amháin an dán mór bríomhar sin de chuid aintín Daniel O Connell et voilá ( t’fhios agam go bhfuil an fada sin contráilte ach …) tá an chead véarsa ar an nuachtan Tuairisc inniu! Bíonn paistí ar tógadh le gaelig iad níos goire do dhuchas a sinsir agus ag an am chéanna go ginearálta bíonn siad níos oscailte do chultúrtha eile ná mar a bheadh daoine ar togadh iad le béarla amháin.

  • Seán Ó Riain

    Aontaím go láidir leis an alt uait, a Fhachtna, agus measaim go bhfuil an ceart agat alt mar sin a scríobh. Tá dul amú ar an bhFile, mar dá nglacfadh cách lena dhearadh bheadh an Ghaeilge fuar marbh. Tá an-tábhacht le dúchas na Gaeilge, gan amhras, ach is fear Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Ní rogha idir an dá theanga atá i gceist, mar beidh Béarla ag gach páiste a thógtar in Éirinn ar aon nós. An rogha atá ag tuismitheoirí: saibhreas na Gaeilge a bhronnadh ar a gclann, nó an saibhreas san a cheilt orthu. Bímis fial lenár bpáistí féin! Fiú más gá iarracht bhreise.

  • Séamus

    Níl a fhios agam an bhfuil cead agam píosa as Béarla a scríobh anseo ach thaitin an abairt seo ó Thomas Davis liom i gcónaí:

    “To impose another language on such a people is to send their history adrift among the accidents of translation—’tis to tear their identity from all places—’tis to substitute arbitrary signs for picturesque and suggestive names—’tis to cut off the entail of feeling, and separate the people from their forefathers by a deep gulf”

    Nach sin a tharla in Éirinn? (Taobh amuigh den Ghaeltacht ar aon nós.) Agus sa chomhthéacs sin, ní beag é Caoineadh Airt Uí Laoghaire a léamh agus a thusicint in aon chor.

  • file

    Is é ‘file’ ceann de na hainmneacha ar líne atá orm, agus ciallaíonn sé ‘comhad’ i nGaeilge (b’fheidir!).

    Go raibh maith agat as an mholadh a thug tú ar chaighdeán mo chuid Gaeilge. Cogar mé seo leat anois: tá mo chuid Fraincise thar mholadh beirte fosta; ar cheart dom mo pháistí a thógáil le Fraincis mar sin, teanga eile nach í mo theanga dúcháis í? Cá bhfios cé na meancóga Franglais a bheadh bronnta orm othru dá bharr?

    Maidir le hÉamonn Mac Niallais agus a ghearán siúd … is mise Éamonn Mac Niallais i ndáiríre, agus ag ciant liom féin a bhí mé.

  • Colin Ryan

    Ní déarfainn nach bhfuil cuid den cheart ag Fachtna agus ag Éamonn Mac Niallais araon. I ndeireadh na dála, áfach, is deacair don teanga teacht slán mura labhraítear sa bhaile í, beag beann ar na ‘meancóga’. Athróidh an teanga dár n-ainneoin, agus is iomaí ‘meancóg’ sa Bhéarla ar glacadh leo sa ghnáth-theanga le himeacht aimsire. Más mian leat an teanga a choinneáil beo, labhair le do chlann í agus ná bí i do shaoithín.