Is deacair a thuiscint anois an scanradh a bhíodh ar dhaoine – aistriúchán ar shliocht as Against the Tide leis an Dr Noël Browne

Údar dóchais dúinn an feabhas atá tagtha ar chúrsaí leighis agus ar an saol sa tír seo le 70 bliain mar is léir ón gcuntas seo ar phaindéim na heitinne as an leabhar cáiliúil leis an Dr Noël Browne

Is deacair a thuiscint anois an scanradh a bhíodh ar dhaoine – aistriúchán ar shliocht as Against the Tide leis an Dr Noël Browne

Faraor géar nuair a d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath [tar éis saoire seoltóireachta], ní bhfuair mé aon fhaoiseamh ón gcodladh ná ón traochadh síoraí, ba chuma cé mhéad a chodail mé. An tuirse agus an cailleadh meáchain a thug ag an dochtúir mé. Ba léir ón X-gha ar mo chliabhrach go raibh an eitinn neadaithe go trom ar mo dhá scamhóg agus nach raibh aon dul as agam ach dul in ospidéal láithreach.

Ar iompú mo bhoise, blianta ag coinneáil na leapa a bhí i ndán dom. D’ainneoin a raibh de thaithí agam ar an eitinn le mo mhuintir féin agus a fhios agam go raibh an bás i ndán do chuid mhaith d’othair eitinne, ba mhó aiféala a bhí ormsa go dtiocfadh deireadh leis an saol breá a bhí agam mar mhac léinn leighis i gColáiste na Tríonóide – na léachtaí, na clinicí, an spórt agus an saol sóisialta. B’údar díomá dom chomh maith go raibh dhá thrian den scrúdú deiridh pasáilte agam agus mura mbeadh mac léinn in ann na trí scrúdú a phasáil taobh istigh d’ocht mí dhéag chaithfeadh sé tosú orthu as an nua arís.

Is deacair a thuiscint anois an scanradh a bhíodh ar dhaoine nuair a chloistí go raibh an eitinn tolgtha ag duine aitheantais.  Ní hé amháin go mbeadh ar an duine sin a bheith scoite amach ina aonar [leithlisithe] ach go minic an bás nó míchumas fisiciúil a bhí i ndán dó. Tharla an rud is scanrúla ar fad nuair a thug Muintir Chance isteach ina dteach féin mé go dtí go mbeadh leaba ospidéil ar fáil le m’aghaidh.

Ina dhiaidh sin a chuala mé gur dhiúltaigh an cailín aimsire a ghabháil in aice le mo sheomra ná aon bhéile a thabhairt chugam. Ní raibh ar an mbean bhocht ach scanradh go dtolgfadh sí féin an eitinn.

In aon oíche amháin bhí mise ar dhuine díobh siúd a bhí i ngeiteo lobhair na heitinne in Éirinn. Ní haon éagóir ar mhuintir na hÉireann an cur síos sin: amuigh faoin tuath nó tamall ó cheantair uirbeacha, dá mb’fhéidir, a tógadh na sanatóirí.

Ba ghnáthchuid den saol go gcuirtí chun bealaigh aon duine a bhí ag obair sna ‘tithe móra’ an dá luath a bhíodh aon chomharthaí le haithint orthu go raibh an galar tolgtha acu, dá fhaid ó bhaile a ghabhaidís ab fhearr é.

Bhí scéin a bhí beagnach ina histéire roimh an eitinn ar fud an domhain. Bhí an scéin sin nádúrtha go maith mar ní raibh aon aicme slán ón eitinn, ní raibh aon leigheas ann a bhféadfaí brath air agus bás mall anróiteach a gheofá ón ngalar. Dúirt stiúrthóir bus liom uair nach dtarraingíodh go leor paisinéirí a n-anáil ag gabháil thar an sanatóir sa gCaisleán Nua ar fhaitíos go dteagmhódh an frídín leo. Agus ní ar na ‘tuathánaigh neamhliteartha’ amháin a bhí an scéin sin…

Rinne mé na scrúduithe deireanacha i 1942 agus tháinig mé amach i mo dhochtúir. In ospidéal Dr Steeven a bhí mo chéad phost agam sula ndeachaigh mé go dtí Sanatóir an Chaisleáin Nua i gcontae Chill Mhantáin. Ba léir gur cur amú ama a bhí ann a bheith ag obair i Sanatóir in Éirinn. Ní raibh na háiseanna a bhí ag teastáil ann agus faoin am a bhfuair duine leaba bhí sé ó leigheas. Bhí 1000 duine ar an liosta feithimh ag tráth amháin. 

Nollaig de Brún – James Dean na Cloiche Móire

Ba anseo a bhí mo chéad aighneas agam le polaiteoirí nuair a dhiúltaigh mé Teachta Dála a dheifriú chun cinn ar an bhfeitheamh fada bliana, páirtí an Teachta sin a bhí i gcumhacht ag an am. Chuala mé ina dhiaidh sin gur mhol an t-oifigeach a dhiúltaigh mé sa Roinn go dtabharfadh an t-ospidéal tópar dom.

An mharbhlann an seomra ba chruógaí in aon sanatóir agus ní raibh aon cheann ba chruógaí ná an ceann i dTeach Pigeon sa Rinn i mBaile Átha Cliath. Dochtúir den scoth, an Dr John Duffy,  a bhí i bhfeighil na háite agus rinne sé a sheacht míle dícheall ar bheagán cúnaimh.

Ospidéal leithlisithe d’othair a raibh an calar orthu a bhíodh san ospidéal seo roimhe sin agus níor cheap Comhairle Cathrach Átha Cliath gurbh fhiú aon athchóiriú a dhéanamh ó tharla go raibh an eitinn ar na hothair ar fad a bhí ann agus nach raibh leigheas i ndán dóibh. Ar ndóigh cheal áiseanna diagnóise agus cóireála a bhí an galar imithe in ainseal orthu.

Bhí drochbhail ar go leor de na sanatóirí sa tír ach ba é Teach Pigeon ba mheasa acu ar fad. Bhí sé fuar agus an braon anuas ann agus buicéid ag cruinniú na báistí ar fud an urláir sna bardaí. Ar ndóigh, ní raibh aon deireadh le scuaine cónraí loma saora na mbocht a bhíodh ag fágáil na háite ar chóistí na dtaobhanna gloine agus iad á dtarraingt ag capall. Ó tharla go raibh an ospidéal ag ceann an bhóthair, b’éigean do chóistí seo na marbh dul thar fhuinneoga na bhfear agus an mban a bhí ag fanacht go dtiocfadh a lá féin lena gcur sa ‘Nevin’ [reilig Ghlas Naíon].

[I 1943 agus é ina chogadh dearg ar fud na hEorpa, chuaigh an Dr Nollaig de Brún ag obair i sanatóirí i Sasana.  Sciob an eitinn tuismitheoirí Nollaig agus an chuid is mó dá theaghlach uaidh ina óige agus an feachtas díograiseach in aghaidh na haicíde a stiúir sé féin agus oifigigh a Roinne agus é  ina Aire Sláinte (1948-1951) an leac chuimhneacháin is buaine atá ann dó. Chuir Roinn Sláinte a linne an t-eolas agus na físeáin chomhairle ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. ]

Fág freagra ar 'Is deacair a thuiscint anois an scanradh a bhíodh ar dhaoine – aistriúchán ar shliocht as Against the Tide leis an Dr Noël Browne'

  • Antain Mac Lochlainn

    Aistriúchán fíorealaíonta; ní bheadh a fhios agat nach i nGaeilge a scríobhadh é an chéad lá riamh.

  • Edel

    Chomh brónach agus scanrúil é a léamh, go háirithe leis na rudaí atá ag tarlú sa lá atá inniu ann.
    An rud is scanrúla ná go raibh ar na hothair féachaint ar na cónraí dul thar na bhfuinneogaí. Scannalach…

  • Padraic

    Tagaim go hiomlán lena bhfuil ráite ag Antain.