Is de réir a chéile a thógfar rialtas nua… má thógtar é

Is dlúthchuid den chéad tréimhse eile san iarracht rialtas a bhunú an comhaireamh, an chaint agus an fhuarchúis

Is de réir a chéile a thógfar rialtas nua… má thógtar é

Tá breith an phobail tugtha, ach gan aon bhreith tugtha acu ar an gceist is práinní. Ní féidir le páirtí ar bith a rá go fírinneach gur mian le toghthóirí an stáit go mbeadh siad féin nó páirtí ar bith eile i mbun rialtais.

Cloistear seafóid ar feadh tamaill tar éis gach olltoghcháin. Ní cosúil go bhfuil aon ábhar cinnte rialtais ann, a deirtear. D’oir sé an babhta seo mar shampla d’Fhianna Fáil, d’Fhine Gael agus do Shinn Féin a rá d’aon ghuth le seachtain gur Sinn Féin a ghnóthaigh vóta an phobail nó an ‘popular vote’.

Is éard a bhí i gceist acu go léir go bhfuair Sinn Féin sciar (24.5%) de na vótaí céadrogha agus iad chun tosaigh ar chéatadáin Fhianna Fáil (22.2%) agus Fhine Gael (20.9%).

Ach ar ndóigh ní léiríonn vótaí céadrogha guth iomlán an phobail. Tá ciall leis an téarma ‘the popular vote’ sna Stáit Aontaithe, toisc go ndéantar scagadh ar vótaí an phobail sa Choláiste Toghcháin. Níl aon chiall leis an téarma céanna abhus, ná i dtír ar bith ina dtugann córas toghcháin níos mó ná deis amháin do vótóirí ionadaithe a thoghadh.

Níl aon rogha anois ag ceannairí na bpáirtithe ach déileáil le comhdhéanamh na Dála nua a thiocfaidh le chéile Déardaoin seo chugainn. Cibé rialtas a chuirfear ar bun faoi dheireadh, má chuirtear ceann ar bun, is ar na figiúirí seo thíos amháin a bhunófar é:

An 33ú Dáil:

Fianna Fáil 38, Sinn Féin 37, Fine Gael 35, an Comhaontas Glas 12, Daonlathaigh Shóisialta 6, an Lucht Oibre 6, Neart le Chéile/PrB 5, Aontú 1, Neamhspleáigh/Eile 20.

Rinne Eoin Ó Broin ó Shinn Féin a dhícheall deireadh a chur leis an tréimhse raiméise nuair a dúirt sé ar Morning Ireland Dé hAoine nach raibh sé ar chumas a pháirtí comhrialtas a bhunú i gcomhar le páirtithe na heite clé – rud a bhí soiléir do chách ó thús 

Níl na príomhpháirtithe i ngiorracht comhthuisceana maidir le bunú rialtais nua, ach b’ionann ráiteas Eoin Uí Bhroin agus fógra go bhfuil an dara céim den phróiseas iarthoghcháin ag teannadh linn. Is dlúthchuid den dara tréimhse comhaireamh, caint agus fuarchúis.

Tar éis olltoghchán 1989 léirigh polaiteoir sinsearach go hoscailte fuarchúis agus solúbthacht stuama go gairid tar éis do na vótóirí léasadh a thabhairt dá páirtí. Bhí 14 Teachta Dála sa Pháirtí Daonlathach roimh an toghchán. Ní raibh fágtha ach seisear ina dhiaidh, agus droim láimhe tugtha ag na toghthóirí leis an gcomhrialtas in éineacht le Fine Gael a mhol siad.

Bhí géar-fhaltanas idir formhór na PDs agus a n-iarchomrádaithe i bhFianna Fáil, ach bhí éirim na dtorthaí soiléir. Mura mbeadh na naimhde toilteanach dul i gcomhrialtas le chéile, bheadh olltoghchán eile á fhógairt gan mhoill.

Níor chuir an Teachta Dála de chuid na bPDs fiacail ann nuair a labhair sí leis an tuairisceoir seo go gairid sular chríochnaigh an comhaireamh. Ainneoin an fhaltanais agus gach rud a tharla roimhe sin, a dúirt sí, bhí an riachtanas soiléir. Bhí rialtas de dhíth, agus dualgas ar dhaoine a bhí ábalta é a chur ar bun an gníomh a dhéanamh. Ní raibh aon dul as ag a páirtí, dar léi, ach dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil – rud a rinneadar nuair a bhunaigh siad gan choinne an chéad chomhrialtas ó 1948.

Tá an riachtanas céanna ar chlár oibre na ndaoine a toghadh seachtain ó shin, cé gur casta a ndualgais a chomhlíonadh. Ní léir ach cúis dóchais amháin ann – nach mbeidh fonn ar Theachtaí Dála a bhí i mbun stocaireachta le mí ar a laghad tabhairt faoin obair chéanna arís go luath. 

Is mar gheall ar chaint phríobháideach seachas ar a ndéarfaidh lucht ceannais na bpáirtithe go poiblí a thiocfaidh siad ar chomhthuiscint.

Sin má thagann.

Ná cuir geall rómhór air.

Fág freagra ar 'Is de réir a chéile a thógfar rialtas nua… má thógtar é'

  • Conchubhar Ó Briain

    “an chéad chomhrialtas ó 1948.” Nach cuimhin leat Comhrialtas na Baicle Troime sna seactóidí, a Cathail ?