Is ‘cute fascinating language’ an Ghaeilge, ná cuir an iomarca spéise inti

Is liosta le háireamh na faillíocha a dhéanann an státchóras i lucht labhartha na Gaeilge ach is léir nach bhfuil aon náire ar fheidhmeannaigh an státchórais

Is ‘cute fascinating language’ an Ghaeilge, ná cuir an iomarca spéise inti

An é Tuairisc.ie ‘big brother’ na Gaeilge nó an gceapann sibh gur sibh coimisinéirí teanga tacair an stáit? Sin an chasaoid a bhí ag comrádaí liom le gairid faoin róspéis, dar leis, atá ag na meáin Ghaeilge sa nGaeilge fhéin agus sa tsiléig a dhéantar inti agus i lucht a labhartha.

Agus mé ag míniú dó gurb amhlaidh nach n-insíonn na meáin Bhéarla an scéal sin, dúirt sé go raibh a gceacht foghlamtha acusan le fada.

Tuigeann sé go maith gur liosta le háireamh na faillíocha a dhéanann an státchóras i lucht labhartha na Gaeilge ach deir nár náirigh an Coimisinéir Teanga ná na meáin Ghaeilge feidhmeannaigh an státchórais riamh agus nach náireodh mar nach dual don aineolas ná don uabhar an náire.

Ní gan údar a mhaíomh.

Tháinig Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair coiste Dála, d’admhaigh an tsiléig agus gheall an cat is dhá eireaball agus ar a ghabháil ar ais chun an cheannárais dó, fuarthas réidh leis an riachtanas caighdeán éigin Gaeilge a bheith ag sáirsintí.

Isteach ansin le RTÉ agus d’fhógair a ndílseacht don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge agus ar iompú a mboise chuireadar beirt de na Gaeilgeoirí is Gaelaí sa tír ag caint i mBéarla sa nGaeltacht faoi Sheán Ó Riada, fear a thug cuid mhaith dá shaol don teanga agus dá cultúr.

An Roinn Sláinte agus an HSE an chéad dream eile a rinne faoistin phoiblí ag Coiste na Gaeilge faoin dearmad a rinne siad ar Ghaeilgeoirí agus eolas faoin bpaindéim agus vacsaíní á scaipeadh acu. Nostra culpa ar siad go mánla agus sheol físeán i ndeich teanga do mhná a bhí ag súil le páiste. Níor bhac siad le Gaeilge. B’amhlaidh a rinne le daltaí is oidí na tíre agus suíomh, foirmeacha is tástálacha antaigine i dteanga na coilíneachta is an chinsil á seoladh acu.

Roinn na Gaeltachta agus an tAire Stáit an té is deireanaí atá gan náire agus é ag moladh do dhaltaí iarbhunscoile tabhairt faoi chomórtas aistriúcháin mar go bhfuil “obair mhór déanta ag an Rialtas … chun deireadh a chur leis an maolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais”. Geallann Chambers go mbeidh “deiseanna fostaíochta a bhaineann le cúrsaí teanga á gcruthú do Ghaeilgeoirí óga”. Ó aimsir an drochshaoil, spailpíní, sclábhaithe tógála agus scoth na nGaeilgeoirí a chuirtí thar sáile. Ná bris nós, mana Jack Chambers.

Na scríbhneoirí Gaeilge is ábalta atá againn cá bhfaighidh tú iad? Thall ag saothrú slí bheatha mar aistritheoirí cáipéisí in institiúidí na hEorpa. Mar a scríobh fear acu faoin nGaeltacht thall: “Gaeltacht iarthraidisiúnta, b’fhéidir, ach Gaeltacht chroíúil chomhaimseartha.. Gaeltacht atá beo.”

B’iontach an bhliain foilsitheoireachta Gaeilge a bhí againn i mbliana. Gabh isteach go dtí an t-ollsiopa leabhar is mó agus is feiceálaí in Éirinn agus feicfidh tú Gaeilge os do chomhair ansin ag an doras – i leabhar Béarla.

Bhí sé de mheabhair ag Manchán Magan a thuiscint gur leabhar Gaeilge trí Bhéarla is fearr a dhíolfadh sa tírín seo agus is é atá breá ábalta freastal ar an margadh maoithneach sin. ‘What a cute fascinating language. Imagine 50 words for humbug! Is maith liom cupán caife.’ Is mór é an beagán di!

Is í Comhairle Contae Chiarraí a thug an svae léi nuair a cuireadh scrúdú Gaeilge trí Bhéarla ar dhaoine a bhí ag iarraidh teach a cheannach lena chruthú go raibh dóthain Gaeilge acu.

Chinnfeadh ort é a chumadh!

Bhí Comhairle Contae Chiarraí freisin i measc na n-údarás áitiúil a chuir a moltaí radacacha i dtaobh cúrsaí pleanála sa nGaeltacht os comhair an choiste Oireachtais le déanaí. Cuireadh an-fháilte roimh na moltaí agus ní cosúil gur thóg aon duine aon cheann de nach faoi na comhairlí féin a bheadh sé oiread is ceann amháin acu a chur i bhfeidhm.

Ní chuirfidh aon duine eile i bhfeidhm ach an oiread iad.

Ar a laghad beidh an scéal go léir le léamh ag lucht na bPhDnna ar Tuairisc.ie amach anseo.

Muide ‘nuachtán an taifid’  – taifead ar dhíothú teanga!

Fág freagra ar 'Is ‘cute fascinating language’ an Ghaeilge, ná cuir an iomarca spéise inti'

  • Pól Ó Braoin

    Cuir seo ar nuacht bhéarla RTE… abair leis an tír é… taispeáin an náire shaolta seo…
    agus cuir stad leis an tseanmóireacht fhadálach thuirsiúil chéanna seo nach gcloistear ach amháin i dteach na nGael…

  • Peadar

    Goidé faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta? Nach bhfuil sin ag déanamh an beart don Ghaeilge i ngach réimse?? Beidh alt nó altanna uait ar an gceann seo!

  • Eoghan Ó Néill

    Is Übersprache é an béarla ar fud na cruinne agus is é meon an Anglo ná teangacha eile a scuabadh amach as a bhealach bíodh sé sna Stáit Aontaithe,sa Bhreatain nó cibé. Mar sin ní haon ionadh go ndeinfeadh muidne gach iarracht ar chuimhne teanga ár sinsir a ghlanadh as ár saol ( bíodh nach fíor-Anglos muid nuair a smaoineamn tú air mar ba ár sinsear na bundúchasaigh ar cuireadh faoi chois iad). Ach chuala mé anois go bhfuil dream i gCill Chainnigh ag caitheamh suaitheantas ciaróige ionnas go n-aithnódh stráinséirí le gaelig a chéile – má scaipeann é seo beidh baol réabhlóid chultúrtha ann agus teanga na nGael ag teacht aniar. “El pueblo unido jamás será vencido” (ní raibh mé i ndán leagan gonta gaeilge a chur air!). Tráth bhí an fáinne, anois ciaróg, is cosúil nach bhfuil na Gaeil a dhul a géilleadh ar chor ar bith.

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Tá sé ráite agat, a Mháire. Tá ceap magaidh déanta acu den Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge.

  • Léitheoir

    Is maith an rud é go bhfuil Tuairisc.ie ann chun cur síos a dhéanamh ar gach cor nua i scéal chrapadh na teangan, gan amhras, ach an leor a crapadh a cháiseamh is a chur in iúl dúinne? Feictear dom nach leor, go háirithe nuair is féidir le suíomh dá leithéid rud i bhfad Éirinn níos fearr a dhéanamh – .i. cur le neartú na teangan.

    Do luais “na scríbhneoirí Gaeilge is ábalta atá againn”, a Mháire, agus is spéisiúil an cheist a chuiris mar gheall orthu: Cá bhfaighimid iad? Seo ceist amháin eile ina dtaobh: Canathaobh nach ar shuíomh Tuairisc a bhfaighimid iad?

    Canathaobh nach bhfuil píosaí nua ó phinn nua – idir píosaí ficsin (gearrscéalta, filíocht, srl.), tuairimíocht fé chúrsaí an domhain mhóir agus míreanna eile – á bhfoilsiú ag Tuairisc.ie gach seachtain, nó gach coicís fiú amháin? Nach féidir le heagarthóir an tsuímh teacht ar phinn nua? Nach bhfuil sé in ann fógra a chur áit éigin ar phríomhleathanach Thuairisc.ie le cur in iúl dosna léitheoirí go gcuirfeadh sé fáilte roimh píosaí le scríbhneoirí nua?

    Tá meath ar an nGaolainn le tamall fada, ní nuacht dúinne é sin, agus is cinnte nach biseach tobann atá i ndán di, faraor. Ní gá dúinn dearmad a dhéanamh ar an bhfírinne shearbh san, dar ndóigh, ach ní gá dúinn dearmad a dhéanamh ach oiread ar an leas atá le baint as na háiseanna atá againn, Tuairisc.ie san áireamh. Is é “nuachtán an taifid” é, mar a dúrais, a Mháire. Go mbaine sibh úsáid níos fearr as, mar san, go ndéana sibh spás beo bríomhar de, áit mar a mbeidh scríbhneoirí nua le léamh, áit a thabharfaidh deis dóibh a gceird a chleachtadh chun go bhféadfaidís dul i bhfeabhas is i neart, chun go bhféadfaidís treisiú leis an nGaolainn agus meabhrú dúinne gur féidir le scríbhneoirí cumasacha gach rud a rá aisti, ní hamháin na rudaí a bhaineann léi, ná an líon focal atá aici ar “field”…

    PS: @Eoghan Ó Néill – “El pueblo unido jamás será vencido” > “Más d’aon taobh an pobal, níl ann dá shárú”. An mbeadh an t-aistriúchán san gonta a dhóthain?

  • Eimear

    Alt siniciúil! Caithfimid an fód a sheasamh & an mhisneach a choinneáil. Tá cosaint níos mó ag an teanga ná mar a bhí i stair an stáit. Suas do gach duine dúshlán an Bhéarlachais a thabhairt & troid ar son cearta teanga…más sin is dual dóibh.

  • Seán Mag Leannáin

    Tuairim ghangaideach éadóchasach. Níl moladh dearfach amháin san alt seo. Feiceann súil ghruama saol gruama.

  • Paula NiShlatarra

    Tá an Léitheoir ag suil le ficsin, gearrscéalta, filíocht, tuairimíocht. Tá siad le fáil san iris COMHAR!