Is cuma faoin bhfírinne agus daoine fós faoi gheasa ag Trump

Cén fiúntas a bhaineann leis an eolas scanrúil faoin 6 Eanáir 2020 in Washington mura ndéantar athrú éigin ar chúrsaí dá bharr?

Is cuma faoin bhfírinne agus daoine fós faoi gheasa ag Trump

Tá éisteachtaí an choiste a bunaíodh le fiosrú a dhéanamh ar an méid a tharla in Washington ar an 6 Eanáir 2020 curtha ar athlá go dtí tar éis sos an tsamhraidh. Tá go leor fianaise curtha i láthair an choiste cheana féin agus díol scanraidh agus alltachta an méid atá ag teacht chun solais. An cheist atá ann i ndeireadh an lae, mar sin féin, cén fiúntas a bhaineann leis an eolas seo ar fad a chur i láthair an phobail mura ndéantar athrú éigin ar chúrsaí dá bharr?

Tá eolas curtha i láthair an phobail agus an choiste go raibh dlúthbhaint ag an Uachtarán Trump leis an méid a tharla fiú mura raibh sé lárnach ann go pearsanta. Tá cloiste againn faoin mbrú agus an t-imeaglú a rinneadh ar oifigigh i stáit ar nós Arizona agus Georgia toradh an toghcháin uachtaránachta a athrú nó dearbhú a thabhairt gurbh é Trump seachas Joe Biden a thug an lá leis.

Rinneadh bagairtí báis in aghaidh Mike Pence, an leasuachtarán ag an am. Bhí baint ag baill de chuid na Comhdhála le turas treoraithe a thabhairt do chuid de na daoine a bhí páirteach san agóid ionas go mbeadh tuiscint acu ar leagan amach thithe na comhdhála ar mhaithe lena n-agóidí. Thug an tArd-Aighne, dlíodóirí, cinn foirne agus oifigigh feachtais foláireamh do Donald Trump nach bhféadfadh sé leanacht don fheachtas le toradh an toghcháin uachtaránachta a chur ar neamhní mar nach raibh aon fhianaise ann. Go deimhin, dúirt Ivanka Trump gur ghlac sí leis an méid a bhí le rá ag William Barr, an tArd-Aighne, faoin easpa fianaise.

Cén fáth, mar sin, an bhfuil sciar chomh mór de phobal na Stát Aontaithe a chreideann i gcónaí go ndearnadh éagóir ar Trump? Go bhfuil bunús leis an argóint gur baineadh an uachtaránacht de go calaoiseach?  Chuala muid an tseachtain seo gurb é an leagan amach a bhí ag Rudy Giuliani, dlíodóir an Uachtaráin: “Tá teoiricí againn ach níl aon fhianaise againn!” Mar gheall ar an tionchar atá ag Trump ar an bpobal a chaitheann vóta don Pháirtí Poblachtach, ní ligeann an faitíos do na daoine is sinsearaí sa bpáirtí dúshlán a leithéid sin a thabhairt.

Thug Rusty Bowers, ball den chomhdháil in Arizona fianaise don choiste an tseachtain seo faoin mbrú a cuireadh air tacú le feachtas Trump an toghchán a chur ar ceal. Labhair sé faoin tionchar a bhí ag an scéal ar fad ar a theaghlach agus go háirithe ar a iníon a bhí ag saothrú an bháis ag an am. Tar éis dó a chuid fianaise a thabhairt fiafraíodh de an mbeadh sé sásta vótáil do Donald Trump má bhíonn sé mar iarrthóir ag na Poblachtánaigh in 2024. “Bheadh,” ar sé.

Cén chaoi gur féidir dul i ngleic leis na deacrachtaí i bpolaitíocht na Stát Aontaithe nuair atá a leithéid seo ag tarlú? Cén tairbhe a bhaineann le hobair an choiste faoi eachtraí Eanáir 6 ceal tacaíochta ó na Poblachtánaigh? Níl aon amhras ach go raibh coiriúlacht i gceist an lá sin ach cé a chúiseofar agus cé air a gcuirfear an fhreagracht? Na daoine a bhí amuigh ar na sráideanna in Washington DC, nó an córas a thug ugach dóibh dúshlán an chórais dhaonlathaigh a thabhairt?

Fág freagra ar 'Is cuma faoin bhfírinne agus daoine fós faoi gheasa ag Trump'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Trump ar son na beatha. An lucht an ghinmhillte sibh.