‘Is cuma cén tslat tomhais atá agat is léir go bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge’ – An Taoiseach

Mhaígh Micheál Martin agus Mary Lou McDonald sa Dáil go raibh ag teip ar pholasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge

‘Is cuma cén tslat tomhais atá agat is léir go bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge’ – An Taoiseach

Tá cosaint déanta ag an Taoiseach Leo Varadkar ar chur chuige a rialtais i leith na Gaeilge.

Agus polasaí Gaeilge an Rialtais á cháineadh ag ceannairí na bpáirtithe eile sa Dáil an tseachtain seo, mhaígh Varadkar gur léir “dáiríreacht” an Rialtais i leith na teanga, is cuma cén “slat tomhais” a bheadh ag duine.

Dúirt Uachtarán nua Shinn Féin Mary Lou McDonald sa Dáil go bhfuil “ag teip” ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gurb í Roinn an Taoisigh is cúis leis an teip sin.

“A Thaoisigh, is minic a deirtear gur slánaitheoir na Gaeilge an Straitéis 20 Bliain agus tá a fhios againn, a Thaoisigh. go bhfuil ag teip uirthi. I mo thuairim baineann an teip seo le Roinn an Taoisigh. Baineann an tuairisc is déanaí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh faoin straitéis leis an mbliain 2015. B’in trí bliana ó shin. Impím ar an Taoiseach é sin a réiteach láithreach,” a dúirt Uachtarán Shinn Féin.

Chomh maith leis sin, thug McDonald dúshlán an Taoisigh a rá gur chóir acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh láithreach.

“Tá Sinn Féin tiomanta an dúshlán a thug an pobal dúinn anuraidh a shárú, is é sin Acht na Gaeilge a bhaint amach.

“Cén fáth? Toisc go bhfuil saol trí Ghaeilge á éileamh ag daoine, is é sin a bhfuil ag teastáil ó phobal na Gaeilge. Ní ceist í an mbeidh ceann againn. Is ceist í maidir le cathain a bheidh Acht againn. Le linn Sheachtain na Gaeilge táim lánsásta a rá gur cheart Acht a bheith ann anois. An féidir leatsa, a Thaoisigh, an rud céanna a rá gur cheart Acht a bheith ann anois?” arsa Mary Lou McDonald.

Mhaígh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur loic na rialtais “faoi cheannas Fhine Gael” ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le sé bliana anuas.

“Thugas óráid ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge coicíos ó shin agus dúirt mé nach raibh mé agus nach bhfuil mé sásta leis an méid atá faoi chaibidil ag an Rialtas an babhta seo.

“Tháinig meath suntasach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu agus orthu siúd a labhraíonn an Ghaeilge gach lá,” a dúirt ceannaire Fhianna Fáil.

Dúirt Martin go gcaithfí níos mó “áiseanna” a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, “go háirithe ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de”.

“Cuirim i gcás na mic léinn sna coláistí oiliúna. Faoi láthair ní fhaigheann siad aon deontas chun dul go dtí an Ghaeltacht agus tá sé róchostasach ar fad do na daltaí agus na mic léinn sin.

“Sin rud beag gur féidir leis an Rialtas a dhéanamh. D’fhéadfadh sé na deontais a bhí ann a thabhairt ar ais. Gan amhras tá brú faoi leith ar mhic léinn tríú leibhéal san lá atá inniu ann agus sin brú eile.”

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh “go leor” á dhéanamh ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge.

Dúirt sé go raibh €1.2 milliún ar fáil i mbliana chun cabhrú leis an bpróiseas pleanála teanga agus go raibh airgead breise tugtha don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Thagair sé chomh maith don dréachtreachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“I mí Mheithimh na bliana seo caite, foilsíodh ceannteidil an Bhille teanga nua mar iarracht chun dul i ngleic le dhá mhórcheist: scéimeanna teanga agus earcaíocht sa tseirbhís phoiblí,” a dúirt Varadkar. Dúirt sé chomh maith go raibh “céimeanna á dtógáil” chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach in 2021.

“Ag baint úsáide as aon tslat tomhais, sílim go léiríonn na samplaí seo dáiríreacht an Rialtais maidir leis an nGaeilge sa bhliain seo – Bliain na Gaeilge,” a dúirt an Taoiseach.