Is cuma cén rialtas a bheidh ann ní bheidh plé ceart sa Dáil go dtí go mbeidh tuilleadh ban ann

Ní leor caint ná cuóta chun líon na mban sa Dáil a mhéadú, mar a léirigh olltoghchán 2020 arís

Is cuma cén rialtas a bheidh ann ní bheidh plé ceart sa Dáil go dtí go mbeidh tuilleadh ban ann

Níl polaiteoirí an stáit ar aon tuairim fós faoi chomhdhéanamh an rialtais nua, agus ní léir fós conas ná cén uair a éireoidh leo margadh rialtais a dhéanamh, má éiríonn leo in aon chor. Tá siad go láidir ar aon tuairim áfach maidir leis an athrú ba mhaith leo a fheiceáil ar chomhdhéanamh na Dála, uair éigin.

Teastaíonn tuilleadh ban sa Dáil agus sa saol polaitiúil i gcoitinne, dar leo/

Ní phléifear cúrsaí na tíre i gceart, mar is léir do gach duine réasúnta, go mbeidh ionadaíocht níos cothroime ag mná i nDáil Éireann.

Ní hionann a leithéid ar ndóigh agus barántas go mbeidh a thuilleadh ban ag bord an rialtais. Mar sin féin, is ar éigean a déarfadh mórán gur leor triúr ban (Heather Humphreys, Katherine Zappone agus Regina Doherty) a bheith ceaptha mar airí sa rialtas atá ar tí dul as oifig, uair éigin.

Toghadh 36 bean mar Theachtaí Dála ar an 8 Feabhra – bean sa bhreis ar líon na mban a toghadh san olltoghchán deireanach in 2016. Níor toghadh bean ar bith i 12 dáilcheantar, agus is í Holly Cairns ó na Daonlathaithe Sóisialta an t-aon bhean a toghadh i gcathair agus i gcontae Chorcaí.

Cibé céatadán banTeachtaí Dála a shíltear a bheadh folláin, ní féidir breathnú ar an gcéatadán reatha, 22.5%, mar chéatadán sásúil. Níl fiú go bhfuil Teachta ban amháin as gach ceathrar teachtaí sa 33ú Dáil.

De réir reachtaíocht a ritheadh in 2012 d’fhonn cur le ban-ionadaíocht, bhí ar na páirtithe polaitiúla 30% dá n-ainmniúcháin a thabhairt do bhan-iarrthóirí. Sin nó chaillfidís sciar dá maoiniú stáit.

Bhí dea-thoradh suntasach ar an reachtaíocht in olltoghchán 2016, inar tháinig méadú suntasach ar ionadaíocht na mban sa Dáil: ó 15 faoin gcéad go dtí 22 faoin gcéad. I mbliana faraor, cé gur chomhlíon gach páirtí a dhualgas reachtúil arís, níor tháinig ach mion-athrú ar an scéal agus 22.5% de shuíocháin na Dála nua atá ag mná.

Seo mar a toghadh iad de réir páirtí in olltoghchán 2020, agus ionadaíocht iomlán na bpáirtithe curtha i gcló roimh líon na mban:

Fianna Fáil: 38/5

Sinn Féin: 37/13

Fine Gael: 35/6

Comhaontas Glas: 12/2

Daonlathaithe Sóisialta: 6/4

Páirtí an Lucht Oibre: 6/0

Neamhspleáigh: 19/4

Tá na Daonlathaithe Sóisialta i bhfad chun tosaigh ar na páirtithe eile ó thaobh cothromaíochta de, agus móramh ban acu sa Dáil nua. I measc na bpríomhpháirtithe, tá Sinn Féin i bhfad chun tosaigh ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael agus os cionn an tríú cuid dá suíocháin Dála buaite ag mná.

Cé nach raibh tionchar suntasach ag an gcuóta reachtúil ar thoradh an olltoghcháin i mbliana ó thaobh inscne de, ní féidir a thionchar a mheá go hiomlán fós. Cuirfidh an dlí a thuilleadh brú ar na páirtithe sa chéad olltoghchán eile agus dualgas orthu 40% dá n-ainmniúcháin a thabhairt do mhná.

Tá sé ráite ag mná i ngach páirtí le scríbhneoir an cholúin seo nach leigheas iomlán é cuóta ar bith ar rannpháirtíocht íseal na mban sa saol polaitiúil. 

Ní maith le go leor ban na huaireanta oibre ná cuid mhór den síorchadráil gan mórán tairbhe ar dlúthchuid den pholaitíocht iad.

Ionsaítear agus déantar bagairt níos minice ar bhanpholaiteoirí, agus iarracht shoiléir á déanamh ag daoine gan ainm faitíos a chur ar mhná ar bhealaí nach ndírítear baileach chomh minic ar fhir.

Ní fadhbanna do-réitithe iad na fadhbanna seo ach dúisíonn siad smaoineamh ar ábhar gaolmhar nach rachaidh i bhfeabhas ach ar bhealach amháin. Má thagann méadú suntasach eile ar líon na mban sa Dáil sa chéad olltoghchán eile – má bhuann mná, abair, an tríú cuid ar a laghad de na suíocháin – ba chóir go n-athródh saol na polaitíochta ar dhóigh a thabharfadh cúis mhisnigh do mhná i gcoitinne. Dá gceapfaí an sciar céanna mar airí rialtais, bheadh an t-údar misnigh níos láidre.

Ar ndóigh, dá dtoghfaí bean mar Thaoiseach nó mar aire airgeadais – dhá rud nár tharla fós – thabharfaí spreagadh nach beag do gach bean agus do gach cailín sa tír a heiseamláir a leanacht. 

Níl réiteach ar an éagothromaíocht mhífholláin inscne sa Dáil, ná lasmuigh di, aimsithe fós. Ach ní leor caint ná cuóta lena leigheas.

Fág freagra ar 'Is cuma cén rialtas a bheidh ann ní bheidh plé ceart sa Dáil go dtí go mbeidh tuilleadh ban ann'