‘Is cuimhin liom sionnach ag dul suas Sráid Grafton go dalba ag luí na gréine’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2020 le roinnt Gael. An geábh seo, tá an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

‘Is cuimhin liom sionnach ag dul suas Sráid Grafton go dalba ag luí na gréine’

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020?

Sráideanna folmha tréigthe le linn na chéad dianghlasála agus sionnach ag dul suas Sráid Grafton go dalba ag luí na gréine.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020?

Bua ag An Cabhán i gcluiche ceannais Chúige Uladh i lár an gheimhridh.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020?

Scéal ó dhuine maidir le bás a athar ina aonar in ospidéal is gan éinne leis.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020?

‘Ar scáth a chéile a mhaireann muid’ – is cuma caidé atá i gceist. Tagann neart ón chomhoibriú.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020?

Is cleasach an peata an chinniúint – faigh réidh le rúin – ní bheadh ’fhios agat caidé atá romhat.

Fág freagra ar '‘Is cuimhin liom sionnach ag dul suas Sráid Grafton go dalba ag luí na gréine’'