Is cuimhin liom an chéad uair a raibh an phribhléid agam imirt do mo chlub

Cruthaíodh folús ollmhór inár saol gan mórán foláirimh nuair a cuireadh stop leis an spórt

Is cuimhin liom an chéad uair a raibh an phribhléid agam imirt do mo chlub

De ghnáth ag an tráth seo bliana bheimis ag déanamh iontais de sheaimpíní nua sinsir na gclubanna agus ag tabhairt ómóis dóibh as a ngaisce. Tá an nós sin briste agus muid sásta go leor le hiarrachtaí CLG na comórtais go léir a chríochnú taobh istigh den bhliain. Bhí tamall ann, dar ndóigh nuair nach mbíodh dáta buan ann do chraobhacha na gclub. Is cuimhin liom an chéad uair a raibh an phribhléid agam féin imirt i mo chéad chraobh club Luan Cásca 1978. Bhí an club, Barra Naofa Chorcaí ar bís ag feitheamh ar an ócáid mhór a bhí os ár gcomhair. Bhuel tá beagán den áibhéil ansin mar ní rabhamar cinnte go raibh áit againn sa chluiche ceannais go dtí tráthnóna Domhnach Cásca nuair a imríodh an cluiche leathcheannais.

Ag an am sin freisin bhíodh cúpla babhta den tSraith Náisiúnta ar siúl roimh Nollaig rud a chiallaigh nach raibh mórán d’am saor ag na himreoirí a bhí ag imirt leis an chontae agus leis an chlub a bhuaigh craobh an chontae. É sin ráite, ní raibh mórán traenála in aon chor á dhéanamh ag foireann an chontae. Agus fiú leis an gclub dhéanaimis traenáil dhá uair sa tseachtain agus d’fhágaimis an spórt ar leataobh don chuid eile den tseachtain. Ní raibh aon saineolaí nirt agus oiriúnaithe ann nó aon chaint faoi fhreastal ar an gym. D’itheamar pé rud a bhí ann nó a bhí uainn. Ní bhíodh mórán cainte faoi staonadh ón alcól, cé nár bhac formhór againn leis go minic nuair a bhíodh cluichí ar siúl.

Dar ndóigh, déanach sna seachtóidí bhíodh ceann des na cluichí ceannais ba thábhachtaí don Sunday Game agus Craobh na hÉireann ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair.

Ach dá mba mhaith leat mórán cluichí a fheiceáil, bheadh ort freastal ar na hionaid ina rabhadar á n-imirt. 

Tríd is tríd le linn m’óige bhí spórt lárnach agus ní cluichí CLG amháin a bhí i gceist mar d’imríomar rugbaí nuair a bhí an séasúr rugbaí idirnáisiúnta ar siúl ag tosach na bliana agus nuair a bhíodh Wimbledon faoi lán seoil is leadóg a bhíodh ar siúl againn.

Nach mór atá rudaí athraithe ó shin? Ó tháinig TG4 ar an bhfód agus ó bhunaigh an fear eisceachtúil sin Irial Mac Murchú an comhlacht teilifíse Nemeton, tá cluichí CLG ar ár scáileáin dhá mhí dhéag na bliana.

Is féidir a rá go bhfuil spórt de shórt éigin ó chúinne éigin den domhan le feiscint gach lá agus oíche den bhliain.

Agus anois táimid gan faic ó cuireadh stop go tobann le gach spórt sa tír seo agus ar fud an domhain mhóir.

Sea cruthaíodh folús ollmhór inár saol gan mórán foláirimh.

Ach ní hé seo an chéad uair ar chuir cúrsaí sláinte isteach ar chluichí sa tír seo. Bhí ráig crúibe agus béil againn i 1941 a chuir isteach ar cluichí CLG sa tír agus sna caogaidí chuir an póilió isteach ar mórán teaghlach agus ar chluichí ar fud na tíre, ach go háirithe i gCorcaigh. Dar ndóigh bhí babhta eile den crúb agus béal sa tuaisceart in 2001 a chuir moill ar na cluichí sraithe.

Ach tá fadhb i bhfad níos tromchúisí anois againn leis an diabhal Covid-19 seo. Táimid inár staic anois ar shlí. Táimid gan spórt agus seans go mbeimid gan mórán eile sula dtiocfaidh laethanta an tsamhraidh.

Ach ní bhíonn scamall gan gealán agus b’fhéidir go spreagfadh an cor gan choinne seo sinn chun an chéad úrscéal a thosnú, cúpla nóta a bhaint as an uirlis cheoil sin atá sa cófra le fiche bliain nó foghlaim conas na crosfhocail rúndiamhra cripteacha sin a dhéanamh.

Múineann gá seift. Tá an t-am tagtha.

Fág freagra ar 'Is cuimhin liom an chéad uair a raibh an phribhléid agam imirt do mo chlub'