Is cuid de scéal na Gaeltachta na fothraigh seo – agus tá cuid éicint díomsa anseo freisin

Scéal na bhfothrach i gConamara - scéal brónach ach scéal tábhachtach nach ceart a ligean i ndearmad

Is cuid de scéal na Gaeltachta na fothraigh seo – agus tá cuid éicint díomsa anseo freisin

Teach cónaithe tráth den tsaol - fothrach folamh anois. Tí Mhicil Phádraig Mhóir ar chósta Mhainse i gCarna. Pictiúr: D Jones

Is ar éigean go bhfuil fothrach ná teach suite ar áit níos rite ar chósta thiar Chonamara. An Meall Rua i Maínis i gCarna. An té a thiocfaidh chuig an spás páirceála gar do thrá an Mheaill Rua feicfidh sé an fothrach go soiléir. Ní fanta anois ach na ballaí; dhá bhinn sa ngaoth agus gan ceann ná cloigeann air. Níl a fhios agam cén mothúchán a thagann in intinn daoine ach a bhfeiceann siad an seanfhothrach siar uathu; níl a fhios agam an dtugann siad an dara féachaint air. Ach, ní mar sin agamsa é.

Ba ansin a rugadh agus a tógadh mo sheanmháthair ar thaobh mo mháthar. Máire Mhicil Phádraig Mhór, nó Máire Ní Chonghaile. Ar éigean atá cuimhne agam uirthi. Deirtear liom go raibh airde mhaith inti agus go gcloisfeá an scairt bhreá chroíúil gháirí a bhí aici ar fud an bhaile.

Cuimhním uirthi nuair a fheicim an seanfhothrach ar imeall na mara ar an Meall Rua; cuimhním ar mo shinsir nach bhfaca mé ariamh sa saol. Bhí tragóidí sa teach sin, bádh mac agus iníon. D’imigh chuile dhuine sa deireadh – go Meiriceá siar. Níl fanta ach na ballaí. Tá an teallach ann fós, an áit ar sileadh deora, an áit a ndearnadh rachtanna móra gáirí, an áit inar insíodh scéalta agus réabadh na farraige ag baint fothram as na leacracha i mbéal an dorais.

Seo é an seanteach, an seanfhothrach. Tá cuid éicint díomsa anseo.

Tá an rud céanna amhlaidh díreach soir ó dheas uaim – míle farraige go hoileán Fhínse. Tá fothrach eile ansin. Ansin a rugadh agus a tógadh mo sheanmháthair ar thaobh m’athar. B’in í Kate Phádraic Mháirtín, Conghaileach eile. Ní fhaca mé ariamh í ach tá cúpla pictiúr againn di. Ba ansin ar ‘oileán an cheoil agus na n-amhrán’ a rugadh agus a tógadh í.

Tá scéalta sna fothracha ach níl smid as na clocha. Níl agat anois ach do shamhlaíocht faoin saol a chaitheadar taobh istigh de na ballaí cloiche sin ar imeall an Atlantaigh. Áiteacha ar leith iad na fothracha seo. Tá scéalta fite fuaite iontu nach n-inseofar go brách. Ach is féidir cuid de scéal na bhfothracha a leanacht agus is cúis áthais é go bhfuil sé ar cheann de na cláracha eolais agus faisnéise atá dá gcur i dtoll a chéile in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna.

‘Faisnéis ar na Fothracha’ an teideal atá ar an gclár eolais seo agus sí Eibhlín Uí Dháibhís, Oifigeach Diaspóra thionscnamh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach atá i gceannas air. Tógtar pictiúr den seanteach nó fothrach nó seanbhallaí agus faightear an oiread eolais agus is féidir ó mhuintir na háite faoi na daoine a mhair ansin. Go minic, is í an imirce a d’fhág an teach folamh; d’imíodar uilig, soir nó siar. Ba mhinic sa nGaeltacht gur go Meiriceá a chuadar.

De bharr an cheangail atá fáiscthe idir Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus imirceoirí agus a sliocht, tá foinsí eolais agus tacaíochta ar fáil, go háirithe sna Stáit Aontaithe, le cíoradh níos iomláine a dhéanamh ar chosáin na ndaoine a d’imigh as na fothracha. Tá bean darb ainm Terry Fitzgerald ina cónaí i Stát Washington, ar chósta thiar Mheiriceá, atá an-ábalta ar an gcineál seo fiosrúcháin. Ba as Carna – ceantar Mhaínse go háirithe – go leor dá sinsear agus tá sí ar dhuine de na hambasadóirí atá ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta. Oibríonn sise agus lucht an Ionaid i gcomhar lena chéile – lucht an Ionaid ag aimsiú agus ag tabhairt scéal na bhfothrach folamh chun cruinnis chomh maith agus is féidir. Ansin déanann Terry Fitzgeradl, a bhfuil turais déanta aice go hIonad Cuimhneacháin na nImirceach, a cuid fiosruithe féin sna Státaí.

Is cuid eile é seo den phictiúr den imirce as an nGaeltachta atá á mhúnlú san Ionad i gCarna. Cothaíonn sé tuilleadh eolais, cainte agus comhrá agus tuilleadh ceangail. Go cinnte, tá obair a bhaineann leis an gcroí ag baint leis ach, táthar ag súil go mbeidh buntáistí eacnamaíochta agus sóisialta – oideachasúla b’fhéidir – ag baint leis amach anseo freisin.

Agus cá ndeachaigh na Conghailigh a bhí ina gcónaí ar an gcnocán sceirdiúil sin ar chósta Mhaínse?

Fuaireadar iarraidh uafásach ar an 15 Deireadh Fómhair 2015 nuair a bádh Tomás siar thart ar an Oileán Lachan agus é féin agus Val Ó Loideáin ag cruinniú ‘raice’. Ní bhfuarthas na coirp ariamh. Shiúil máthair Thomáis siar don Chladach Dubh ar aimsir shneachta agus í cosnocht théis do scéal a theacht aniar go raibh corp tagtha i dtír. B’in í mo shin-seanmháthair Bádh iníon eile leo sa gcladach. Chuaigh mo mháthair mhór, Máire (Mhicil Phádraic Mhóir), agus mo sheanuncail, Antaine, go Meiriceá.

Le himeacht na haimsire chuaigh an seandream ar shlí na firinne. Ní raibh fanta ach mac amháin anois, Pat. Bhí uaigneas agus briseadh croí air. D’fháisc sé bolta ar an doras agus d’imigh go Meiriceá. Bhí seal fada na gConghaileach, dream Mhicil Phádraic Mhóir, ar an gcnocán sceirdiúil thart. Mhair glór na dtonn ar an tairseach ach ní raibh focal ná sioscadh feasta ar leic an teallaigh. De réir a chéile, chlis ceann an tí. Níl fanta anois ach an fothrach.

Tá sliocht na gConghaileach i stáit ar fud Mheiriceá ach is i Massachusetts is tréine atá siad fós.

Scéal na bhfothrach. Scéal brónach ach scéal tábhachtach nach ceart a ligean i ndearmad. Ní ligfear ach an oiread agus déanfaidh an coiste agus an fhoireann in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta a seacht ndícheall le dhul go croí an scéil.

Is cuid é de scéal Chonamara agus de scéal na Gaeltachta é. Faisnéis ar na Fothracha.

Fág freagra ar 'Is cuid de scéal na Gaeltachta na fothraigh seo – agus tá cuid éicint díomsa anseo freisin'

  • An Teanga Bheo

    Gaeltacht i gcéin is cosuil