Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo é The Sunday Game i gcónaí

Tá deireadh ré againn ar an Sunday Game gan aon agó agus na seanphlandaí ar fad imithe

Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo é The Sunday Game i gcónaí

Is ócáid teilifíse ar leith é an craoladh beo ar chluiche ceannais peile agus iomána na hÉireann (The Sunday Game Live, Dé Domhnaigh, RTÉ2). Thug fir na Ríochta aghaidh ar na Gaillmhigh don deichiú babhta i gcluiche ceannais peile na hÉireann ar an Domhnach seo caite agus bhíomar in ann craos a chur orainn féin ar feadh trí huaire go leith i rith an lae mar aon le breis agus uair an chloig go leith eile a alpadh siar níos déanaí le gála na tráthnóna.

Siad Seán Cavanagh, Pat Spillane agus Ciarán Whelan a bhí i bhfochair Joanne Cantwell i lár an lae agus breis agus uair an chloig acu le goile an lucht féachana a ghéarú. Chuir fear an Teampaill Nua in iúl tamaillín siar go raibh deireadh ag teacht lena ról ar an gclár tar éis tríocha bliain. Ós rud é go bhfuil Joe Brolly bailithe leis cheana agus Colm O’Rourke ag tabhairt faoi bhainistíocht na Mí tá deireadh tagtha le réimeas na triúrachta mallaithe.

Deireadh ré gan aon agó agus na seanphlandaí ar fad imithe.

Ba dheas agus ba chorraitheach mar a labhair Pat faoi bhás a athar go hóg agus sara raibh aon bhonn de na naoi gcinn déag a cnuasaíodh buaite ag a chlann mac. Mic a mhic, nianna Pat, ag cur dhá bhonn eile ar an matal.  De réir dealraimh tá an Caomhánach ag tiargáil le teacht i gcomharbacht ar Pat Spillane i ról an chancráin agus slaiseanna á gcaitheamh go ciotrúnta aige i gcaitheamh an chláir; rud a d’éirigh suarach ar uairibh.

Bhí paistí cainte leis le Seán Ó Domhnaill agus Éamonn Fitzmaurice chomh maith.

Bhí míreanna beaga réamhthaifeadta snasta againn roimh an gcluiche le tine a chur ar an gcraiceann mar aon le hagallaimh le Jack agus Pádraig. Vae linn ansin. Tráchtaireacht as Gaeilge againn ó Ghary Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide. Shane Walsh agus David Clifford ag cur an lucht féachana fé dhraíocht. An lá leis na Ciarraígh agus paiste deas cainte as Gaeilge ag Seán O’Shea ina óráid.

Níos déanaí bhí meitheal bailithe isteach sa stiúideo ag Des Cahill le súil siar a chaitheamh ar an gcluiche agus an bhiaiste chaide atá gafa tharainn. Tugadh cúpla geábh chuig féasta na mbuaiteoirí chomh maith. Ní bhfuaireas aon bhlas ar an nós sin riamh agus is dóigh liom go bhfágann sé rian ar an anailís, ar ghradam laoch na himeartha go háirithe. Má táthar leis an duais a bhronnadh ar an imreoir beo caithfidh sé teacht ó fhoireann na mbuaiteoirí. Dá bharr b’fhearr liom nach rachfaí chuig an gceiliúradh agus an anailís a shaoradh ón gcuing ina bhfuil sé. I ndeireadh na dála ba phléisiúrtha an lá é (do mhuintir Chiarraí ach go háirithe) agus meabhraíonn sé dúinn gur cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo é The Sunday Game.

Fág freagra ar 'Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo é The Sunday Game i gcónaí'