Is cosúil go bhfuil Gaeltacht Chonamara sroichte ag ‘an taoide Ghlas’

D’fhéadfadh cor mór a bheith ar na bacáin sna toghcháin áitiúla i gConamara Theas ach bhí scéal i gConamara Thuaidh soiléir ó thús

Is cosúil go bhfuil Gaeltacht Chonamara sroichte ag ‘an taoide Ghlas’

D’fhéadfadh cúpla cor nach raibh aon tsúil leo a bheith ar thoradh an toghcháin comhairle contae i gConamara Theas agus an teailí dá críochnú tráthnóna in Ionad Leisureland i mBóthar na Trá.  Tá iarrthóir Chomhaontss Glas, Alistar McKinstry théis slam láidir vótaí a bhailiú chuige féin i mboscaí i Maigh Cuilinn agus i mBearna agus anoir le cósta go Cois Fharraige.  Cé go mbeidh McKinstry níos laige in iarthar an toghcheantair, fós féin níltear dá chur as an áireamh sa deireadh thiar thall.  

San am céanna, tá Tomás Ó Curraoín as Bearna ag snámh in aghaidh na taoille agus MacDara Hosty as Fianna Fáil – as Bearna freisin – théis vóta níos láidre a fháil sa gceantar sin.

Breathnaíonn sé go mbeidh suíochán ag Noel Thomas (Fianna Fáil) agus beagnach 1,200 vóta aige ar an gcéad chomhaireamh de réir ‘tallies’ neamhoifigiúla.     Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael) chun tosaigh ar a chomhghleacaí sa bpáirtí sin, Ann Flaherty, agus a lucht tacaíochta siúd muiníneach go maith go mbeidh suíochán aige.  

Taobh amuigh de sin, tá beirt eile Fhianna Fáil – Dáithí Ó Cualáin agus Máirtín Ó Laoí – san iomaíocht i gcónaí.

Beidh an comhaireamh oifigiúil ar bun in bhfoirgnimh Chumann Leadóige na Gaillimhe ar ball – agus beidh aimsir agus comhaireamh air sin.

Is é a mhalairt de scéal atá i gConamara Thuaidh áit a raibh an toradh soiléir tamaillín tar éis don chéad bhosca a bheith oscailte.  Thomas Welby as Uachtar Ard go láidir ar bharr an chomhairimh agus ba é an chéad duine sa tír a toghadh sna toghcháin áitiúla.  Bhí Eileen Mannion, Fine Gael, sa dara háit agus suíochán aicise.  Beidh suíocháin ina dhiaidh sin ag Séamas Walsh agus Gerry King d’Fhianna Fáil. 

Comhairleoir nua é Gerry King as Baile Conaola. 

Tá chuile chosúlacht ar an sceal go gcaillfidh Thomas Healy, Sinn Fein, a shuíochán. 

Idir an dá linn, ó dheas, i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne, bhí an comhairleoir de chuid Fhianna Fáil Michael D. O’Shea i measc na gcéad iarrthóirí a toghadh sna toghcháin áitiúla freisin.

 

Fág freagra ar 'Is cosúil go bhfuil Gaeltacht Chonamara sroichte ag ‘an taoide Ghlas’'