Is cinnte go mbeidh Joe Schmidt agus lucht leanta na hÉireann ag déanamh nóibhéine ar son na hAlban

Níl bealach ar bith go mbeidh an tSomóa in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na hÉireann

Is cinnte go mbeidh Joe Schmidt agus lucht leanta na hÉireann ag déanamh nóibhéine ar son na hAlban

Cé gur thóg sé sách fada ar na hÉireannaigh an ceathrú húd a aimsiú, ní raibh aon iontas ag baint le toradh an chluiche i gcoinne na Rúise. Fiú má bhí Éire an-lag i gcoinne na Seapáine i mBabhta 3 ní raibh fáil ar aon duine, fiú sa Rúis féin, a thabharfadh seans na ngrást don fhreasúra. 

Agus sin  díreach a tharla. Cúig úd d’fhoireann na hÉireann agus gan oiread is ceann amháin féin don fhreasúra. Mar sin féin ní róshásta a bhí aon duine le cur chuige na hÉireann, a bhí gan aon phlean ná treoir don chuid is mó den cluiche, go háiriithe nuair a d’fhág Johnny Sexton páirc na himeartha díreach thar éis leath ama.

Go deimhin níl mórán gur fiú a rá faoi chluiche na Rúise. Tá sé thart agus as an mbealach anois agu sin uile. Fuair muid an cúig phointe a bhí uainn ach bhain gortú do Jordy Murphy agus tá ceist ann faoi don chuid eile den chomórtas. 

Praghas mór le híoc ar an mbua a fháil ar cheann de na foirne is laige sa gcomórtas. Seachas sin, seans gur minic a bhí seisiún traenála i bhfad níos déine ag imreoirí na tíre seo.

Tá na hÉireannaigh fós sa dara háit i nGrúpa A le 11 pointe agus iad trí phointe taobh thiar den tSeapáin agus pointe amháin chun cinn ar Albain, atá sa tríú háit. Tá áit sna cluichí ceathrú ceannais ar fáil do na foirne a bhíonn sa gcéad agus sa dara háit sa tábla ag deireadh na réamhbhabhtaí. 

Ciallaíonn sin go mbeidh na hÉireannaigh sna cluichí ceathrú ceannais má fhaigheann siad an lámh in uachtar ar an tSomóa i mBabhta 4 inniu.

Agus níl bealach ar bith go mbeidh an tSomóa in ann an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na hÉireann. Níor bhuaigh siad ach cluiche amháin sa gcomórtas go dtí seo, an ceann i gcoinne na Rúise (34 – 9) agus níl fáil ar thríúr dá gcuid imreoirí chéad rogha de bharr cártaí dearga.

Ní hamháin sin ach tá Joe Schmidt ag cur a chéad rogha foirne chun páirce, Robbie Henshaw ina measc, c sa gcluiche deiridh de na réamhbhabhtaí. Tá a fhios aige go mbeidh muid ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann seachtaine agus é ag iarraidh deis imeartha i gcluiche crua agus fisiciúil a thabhairt do dhaoine.

Ach an oiread le cluiche na Rúise is mó imní a bheas ar Schmidt faoi ghortuithe d’imreoirí sa gcluiche seo ná faoin toradh.

Caithfidh muid a bheith an-chúramach mar sin féin, ach beidh  an bua le pointe bónais ag na hÉireannaigh sa gcluiche seo. Is í an mhórcheist cé a bheas mar fhreasúra acu sa gcéad chluiche eile, an cluiche ceathrú ceannais.  

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair agus má bíonn na hÉireannaigh fós sa dara háit i nGrúpa A is i gcoinne na nAll Blacks, foireann atá ar bharr Ghrúpa B, a bheas siad ag imirt faoi cheann seachtaine. Dúshlán ollmhór ann féin.

Ach le bua pointe bónais do na hÉireannaigh inniu, bheadh 16 pointe acu agus dá mbeadh Albain in ann an ceann is fearr a fháil ar an tSeapáin amárach is iad na hÉireannaigh a bheadh ar bharr an tábla agus Albain a bheadh sa dara háit.

Sa gcás sin is i gcoinne na hAfraice Theas a bheadh muid sa gcluiche ceathrú ceannais agus seans níos mó againn dá réir na babhtaí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair ariamh.

Má bhíonn an bua ag an tSeapáin fanfaidh siad ar bharr an tábla agus ní éireoidh linn an Nua-Shéalainn a sheachaint.

Ar ndóigh tá baol ann nach mbeidh cluiche na hAlban agus na Seapáine ar siúl ar chor ar bith de bharr na haimsire. Sa chás sin d’fhanfadh cúrsaí mar atá agus an Afraic Theas a bheadh romhainn.

Is cinnte go mbeidh Joe Schmidt agus lucht leanta na hÉireann ag déanamh nóibhéine ar son ár ngaolta Gaelacha, fir na hAlban.

Níor thug Alba vóta dúinne agus muid ag stocaireacht ar son Chorn an Domhain i 2023. Bhuel, tá seans acu amárach gar mór millteach a dhéanamh dúinn. 

Fág freagra ar 'Is cinnte go mbeidh Joe Schmidt agus lucht leanta na hÉireann ag déanamh nóibhéine ar son na hAlban'