Is boichte an iománáiocht d’uireasa Shane Dowling

Tá ár gcolúnaí ag súil leis an gcraobhchomórtas cheana féin ach bhí an-díomá air faoin scéala go bhfuil Shane Dowling ag éirí as

Is boichte an iománáiocht d’uireasa Shane Dowling

Shane Dowling. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí díomá orm Déardaoin nuair a a chuala mé an scéala a chuir Shane Dowling Luimnigh amach ag fógairt go raibh air éirí as a ghairm mar imreoir iomanaíochta de bharr drochghortú glúine.

Chonaic mé den chéad uair é agus é ag imirt faoi-21 le Luimneach i gcoinne Chorcaí in ardchluiche a bhí eatarthu in 2010.

I bhfómhair na bliana 2011 agus mé i mo bhainisteoir nua ar fhoireann shinsir Luimnigh, chuireas glaoch air ag tairiscint áit dó ar phainéal traenála an chontae.

Mhothaigh mé an gliondar croí ina ghuth an lá sin agus é ag glacadh leis an gcuireadh.

Nuair a casadh Luimneach agus Tiobraid Árann ar a chéile sa chéad bhabhta craoibhe in 2012, bhí Shane ar an gcéad chúigear déag. An bhliain dár gcionn, mheasamar nach raibh sé in ann ag seachtó nóiméad ag an leibhéal is airde agus níor chuireamar chun páirce é ag tús na gcluichí.

Ach bhí tionchar mór aige mar sin féin ar gach cluiche dar imir Luimneach an bhliain sin.

Sna blianta ina dhiaidh sin, scóráil sé an t-uafás dá chlub agus dá chontae agus é ina laoch agus ina naoscaire den scoth acu.

Bhí draíocht ag baint leis mar imreoir. Bhí sé ábalta a chúram a dhéanamh beag beann ar aon bhrú a bhíodh air.

Tá na rostaí iontach láidir aige agus chabhraigh an neart iontu leis cúil iontacha a fháil. Chomh maith leis sin, bhí sé an-láidir san aer agus b’iontach go deo an léamh a bhí aige ar an gcluiche agus a raibh ag tarlú timpeall air.

Chomh maith leis sin go léir, is duine deas lách cairdiúil é.

Is boichte an iománáiocht d’uireasa Shane Dowling.

Idir an dá linn, tá Féile Mhór na Stát Aontaithe, an ceathrú lá d’Iúil, sroichte againn inniu agus gan sliotar craoibhe buailte fós.

Dar ndóigh deineadh an tarraingt do Chraobhacha iomána Chúige Mumhan agus Chúige Laighean seachtain ó shin agus Cumann Lúthchleas Gael ag fáil réidh le filleadh ar na cluichí níos déanaí sa bhliain.

Tá mórán cainte ar siúl faoin aimsir an t-am sin den bhliain agus conas mar a oirfidh an drochaimsir, más drochaimsir a bheidh againn, leis na foirne is mó agus is láidre.

Ach i ré seo na traenála nirt agus aclaíochta tá formhór na n-imreoirí i mbarr a nirt agus iad imirt in aon sórt aimsire.

Is é neart an phainéil an rud is tábhachtaí domsa.

Tá níos mó ná dhá dhosaen imreoir ar ardchaighdeán ag teastáil ós na bainisteoirí go léir.

Mar aon leis sin, ní bheidh mórán ama idir cluichí agus má bhíonn gortuithe i gceist cuirfidh sé sin brú breise ar na bainisteoirí agus an fhoireann leighis.

Is dócha go bhfuil triúr bainisteoirí faoi míbhuntáiste cheana féin mar nach bhfuil siad sa phost ach cúpla mí.

Ní dóigh liom go bhfuil dóthain d’imirt a gcuid imreoirí feicthe ag Liam Cahill Phort Láirge, Shane Ó Néill na Gaillimhe agus Brian Lohan an Chláir.

I mo thuairimse tógann sé bliain ar bhainisteoirí luí isteach ar an obair i gceart agus caidreamh a chothú leis na himreoirí.

Ach tá an fheadóg séidte agus mura mbíonn aon ráig eile de Covid-19 chugainn rachaidh na cluichí ar aghaidh.

Tabharfaimid sracfhéachaint ar Chúige Mumhan ar dtús agus caithfear a rá go bhfuair contae an Chláir an tarraingt is deacra ar fad.

Tá seaimpíní na hÉireann 2018, Luimneach, acu sa chluiche ceathrú ceannais agus seaimpíní 2019, Tiobraid Árann, rompu sa chluiche ceathrú ceannais má bhuann siad.

Déarfainn féin go bhfuair Corcaigh an tarraingt is fearr.

Tá formhór d’fhoireann Chorcaí ar an mbóthar le tamall de bhlianta agus bhí an bainisteoir nua Kieran Kingston leo cheana agus seanaithne aige orthu.

É sin ráite caithfidh go raibh Liam Cahill thar a bheith sásta leis an méid a chonaic sé ó imreoirí na nDéise sna cluichí sraithe níos túisce i mbliana go háirithe an taispeántas agus an bua a bhí acu sa chéad chluiche i gcoinne Chorcaí.

Ag an bpointe seo ceapaim gur ag Corcaigh a bheidh an buntáiste sa chluiche leathcheannais chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na Mumhan a bheidh ar siúl an 14/15 Samhain.

Ar an taobh eile den tarraingt is dócha go mbeidh an bua ag Luimneach ar chontae an Chláir ach is buille faoi thuairim ar fad a bheadh á dhéanamh agam agus mé ag tabhairt tuar faoi cé a bhuafaidh an cluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann.
Níl a fhios agam. Fanfaidh mé go bhfeicfimid conas a bheidh an cluiche leathcheannais.

I gCúige Laighean beidh Laois agus Baile Átha Cliath in aghaidh a chéile sa chéad chluiche. Is deacair a rá cé a bhuafaidh an cluiche seo. Ach pé acu a dhéanfaidh an beart, Cill Chainnigh ‘duais’ an bhuaiteora.

Loch Garman agus an Ghaillimh a thabharfaidh faoina chéile sa chéad chluiche leathcheannais. Cluiche thar a bheith deacair a bheidh anseo don dá chontae agus measaim féin go mbeidh sé ábhairín níos deacra don Ghaillimh agus a foireann bhainistíochta ina gcéad bhliain.

Na Carmannaigh a bheidh rompu, bhíodar an-chumasach agus an-eagraithe anuraidh. Bíonn foirne Davy FitzGerald an-eagraithe i gcónaí agus tugann sé sin buntáiste dóibh.
Amaideach go maith atá sé a bheith ag déanamh mórán tuar ag tosach mhí Iúil.

Tá sé rófhada ó na cluichí agus tá an iomad le tarlú fós ar na páirceanna imeartha agus lasmuigh díobh an bhliain neamhghnách seo.

Fág freagra ar 'Is boichte an iománáiocht d’uireasa Shane Dowling'