Is binn béal ina thost agus ceithre cheacht eile ó 2019

Má tá ceachtanna ar bith le foghlaim ó imeachtaí na bliana seo, sin gur binn béal ina thost

Is binn béal ina thost agus ceithre cheacht eile ó 2019

1. Is binn béal ina thost

Ón uair gur tháinig sé chun solais i dtús an tsamhraidh go raibh cás dlí tugtha ag an Teachta Maria Bailey maidir le gortuithe a bhain di nuair a thit sí de luascán in óstán i mBaile Átha Cliath go dtí gur chuir an eachtra deireadh lena saol polaitiúil (taobh istigh d’Fhine Gael ar aon nós) i mí na Samhna, ba léir gur scéal casta a bhí chugainn. Thit sí de luascán, d’éiligh sí cúiteamh, d’fhill sí ar an rith go luath ina dhiaidh sin ainneoin í a bheith gortaithe dar le dochtúirí agus dlíodóirí. Ansin i ndeireadh na Bealtaine chuaigh sí ar an raidió le labhairt le Seán O’Rourke lena scéal a mhíniú. Ba thubaiste a bhí san agallamh sin agus déarfainn murach é go mb’fhéidir go mbeadh sí fós ina Cathaoirleach ar choiste Dála nó ina hiarrthóir ag Fine Gael. Leithscéal umhal agus fanacht ina tost, an cur chuige a bhí ag teastáil.

2. Caint mhaslach mhíchuí

Bean a bhfuil sé á mhaíomh aici i gcónaí go mb’fhéidir go mbeadh sí ina hiarrthóir ag Fine Gael san olltoghchán ná Verona Murphy. Labhair sí i rith fheachtas an fhothoghcháin i Loch Garman an mhí seo caite faoi theifigh agus imircigh. Bhí an chaint a rinne sí maslach agus míchuí. B’éigean d’Fhine Gael cinneadh a dhéanamh sa deireadh agus Murphy cáinte ag an Taoiseach agus an tAire Airgeadais. Tar éis an méid sin fuair sí vóta réasúnta maith – 23% – agus cá bhfios nach gcuirfidh sí leis an vóta sin agus Fine Gael anois á cháineadh aici féin? An léiríonn an tacaíocht a fuair sí go bhfuil pobal Loch Garman, nó go deimhin pobal na hÉireann, ciníoch? Ceist í sin a cuireadh go minic i rith na bliana. Léiríonn sé cinnte go bhfuil amhras ar dhaoine faoi chóras inimirce na tíre, amhras a mhéadaigh go mór i rith na bliana, fiche bliain tar éis bhunú an tsoláthair dhírigh. An gcloisfear mórán faoi Verona Murphy in 2020? Cloisfear bealach amháin nó bealach eile, fiú más lena díroghnú mar iarrthóir nó ina ról le lucht iompair sna blianta seo romhainn.

3. An soláthar díreach…

Ó Uachtar Ard, go hAcaill, ó Bhéal an Átha Mhóir go Buiríos Uí Chéin, tharraing agóidí faoin gcóras soláthar díreach caint i rith na bliana. Tá go leor, idir dhiúltach agus dhearfach ráite, diúltach den chuid is mó caithfear a rá. Tharraing an chaint a rinne an Teachta Neamhspleách Noel Grealish clampar. Chomh maith le bheith mícheart, tharraing an chaint aird ar an sioscadh a bhíonn in go leor paróistí in Éirinn faoin gcóir a chuirtear ar theifigh agus imircigh ina measc. Léirigh ar tharla in Uachtar Ard go n-éiríonn le hagóidí áirithe dul i gcion ar an gcóras. Ó thaobh na polaitíochta, is beag duine, go háirithe i nGaillimh Thiar, a cheapann go ndéanfaidh an scéal seo ar fad dochar do Noel Grealish san olltoghchán. Go deimhin, tuairiscítear gur dochar a bheith déanta don aire stáit Seán Kyne mar go mb’fhacthas do dhaoine nár labhair sé amach sách láidir chun tacú le daoine ina cheantar dúchais. Insíonn an méid sin ar fad a scéal féin.

4.  Bliain eile den Bhreatimeacht

Tá bliain eile caite againn i ladhar an chasúir ag an mBreatimeacht. Trí bliana go leith caite ag dul anonn agus anall. Socrú nua ag Príomh-Aire nua. An Bhreatain deighilte faoin ábhar. Corraíl agus teannas idir an dá chuid den oileán seo nár facthas le fada. Agus go bhfóire Dia orainn, níl muid ach ina thús. Fírinne an scéil nach bhfuil sa socrú atá déanta ag Boris Johnson ach conradh aistarraingthe. Is ina dhiaidh sin, a thosóidh an obair dáiríre. Tá sé admhaithe ar fud na hEorpa gur polaiteoirí ciallmhara críonna iad na polaiteoirí i bPoblacht na hÉireann leis an gcur chuige atá acu I leith an Bhreatimeachta. Cé a chreidfeadh é? Go mbeadh gaisce ár gcuid polaiteoirí á mholadh ar fud an Aontais. Is é an peaca nach mbíonn an chiall agus an chríonnacht sin le feiceáil agus iad ag plé leis an ngéarchéim tithíochta, agóidí feirmeoirí nó an ghéarchéim aeráide.

5. Agóidí

Agus ós ag caint ar agóidí mé is dóigh gur féidir a rá ar deireadh thiar i mbliana go bhfuil ceacht na géarchéime aeráide ag dul i gcion orainn. A bhuíochas sin d’fheachtas Greta Thunberg agus an spreagadh atá tugtha aici do dhaoine ar fud na cruinne. Tá an dream óg ag tabhairt dúshlán na ndaoine fásta atá sách fada ag cur i gcéill faoin ngéarchéim seo. Faraor, teastaíonn gníomh níos práinní ná mar atá déanta go fóill. Tá droch-cháil ar an tír seo agus drochshampla tugtha againn ach ar ndóigh tá muid beag bídeach freisin i dtéarmaí domhanda. Gan gníomh ó na hollchumhachtaí in 2020 beidh an scéal níos measa arís. Céard leis a bhfuiltear ag fanacht?

Fág freagra ar 'Is binn béal ina thost agus ceithre cheacht eile ó 2019'