Is beag laige atá feicthe againn ar Chorcaigh go dtí seo

CLUICHE CEANNAIS FAOI 21: Go dtí seo i mbliana is é Corcaigh an contae is mó a bhfuil gealladh faoi agus cúpla taispeántas a bhí thar barr ar fad tugtha acu

Is beag laige atá feicthe againn ar Chorcaigh go dtí seo

Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Gerald McCarthy, Iggy Clarke, Anthony Cunningham, Tony Browne, Jackie Tyrell, Pádraig Maher, Tony Kelly agus Tom Morrissey. Aithnítear na hainmneacha cáiliúla sin mar eiseamláirí de laochra na fuinseoige thar na blianta.

Aithnímid, sinne an lucht leanúna, na laochra sin mar dhaoine nach gá aon mhíniú a thabhairt ar na gaiscí atá déanta acu ar pháirceanna na hiomána le fada an lá. Ach tá éacht amháin eile i gcoitinne ag gach duine acu. Bhailíodar go léir corn iomána faoi fiche a haon na hÉireann uair éigin ó cuireadh tús leis an gcomórtas sin i 1964.

Go dtí i mbliana, dar ndóigh, bhíodh an comórtas sin á rith mar chomórtas ceart craoibhe, gan aon dara seans ag aon fhoireann a chailleadh. Ach anuraidh rinneadh cinneadh an Ghaillimh agus Aontroim (gan aon chomórtas i gCúige Uladh) a ligean isteach i gcraobh Laighean. Cinneadh chomh maith go rachadh an dá fhoireann a d’imreodh i gcluichí ceannais na Mumhan agus Laighean ar aghaidh go dtí cluichí leathcheannais na hÉireann.

Amárach a bhainfidh bliain iománaíochta idirchontae 2018 ceann scríbe amach agus mura mbeidh comhscór againn sa chluiche ceannais faoi-21, bronnfar corn deireanach na bliana san iomáint.

Le blianta beaga anuas sheasadh contae amháin éigin amach go luath i ngach comórtas. Tiobraid Árann a sheas amach in 2010. Bhí foireann iontach ag contae an Chláir in 2012, 2013 agus 2014. Bhí foireann iontach ag Port Láirge in 2016 agus ag Luimneach in 2015 agus 2016.

Go dtí seo i mbliana is é Corcaigh an contae is mó a bhfuil gealladh faoi. Tá cúpla taispeántas a bhí thar barr ar fad tugtha acu. Tá an fhoireann breac le réaltaí agus tá ochtar den fhoireann ar phainéal sinsir an chontae. Aithnímid go léir Mark Coleman, Darragh FitzGibbon agus Shane Kingston. Tá Robbie O’Flynn, Tim O’Mahony agus Jack O Connor feicthe againn ar an bhfoireann shinsir freisin i mbliana.

Bhí an Ghaillimh mar rogha láidir don chluiche leathcheannais eile i gcoinne Thiobraid Árann. Bhuaigh mionúir na Gaillimhe craobh na hÉireann anuraidh. Ach baineadh preab astu i gcluiche leathcheannais a bhí aisteach go leor, cluiche inar bronnadh cártaí dearga ar thriúr imreoirí, beirt díobh ón nGaillimh. An oíche sin cheap mé féin go raibh an cárta dearg a thug an réiteoir Seán Cleere do Mark Keogh an-dian ar an dTiobraid Árannach. Is léir gur mheas coiste achomhairc Chumann Lúthchleas Gael an rud céanna mar thugadar cead dó imirt amárach. Is maith san.

Ach ba iad fir Thiobraid Árann ab fhearr ó thús deireadh sa chluiche sin.

Ná déanaigí dearmad gur thug Corcaigh greadadh ceart dos na Tiobraid Árannaigh céanna i gcluiche ceannais na Mumhan. Trí chúilín déag chun deiridh a chríochnaigh leaideanna Thiobraid Árann an oíche sin. Ach caithfidh go bhfuil bród agus mórtas ar leith ag baint leis na himreoirí seo mar níorbh iad an fhoireann chéanna in aon chor iad sa chluiche leathcheannais.

Bhuadar seo craobh na mionúr dhá bhliain ó shin, rud a chuireann le taithí na foirne. Tá siad láidir ar fud na páirce ach tá ceannairí móra acu, amhail Brian McGrath ag uimhir a trí, Ger Browne i lár na páirce agus Jake Morris sa líne lántosach.

É sin go léir ráite, tuigeann siad go bhfuil sliabh ard go leor le dreapadh acu amárach i bPáirc na nGael i Luimneach. Ceapann leantóirí Chorcaí go bhfuil grúpa imreoirí ar an bhfoireann seo acu féin atá níos fearr ná aon ghrúpa a bhí sa chontae ó bhlianta luatha an chéid. Beidh an-díomá le brath ar mhuintir an chontae mura mbuann siad.

Seo an tsean-namhaid agus is beag a bhíonn idir an dá chontae seo aon uair a gcasann siad ar a chéile, ach ón méid atá feicthe agamsa ceapaim go mbeidh sé deacair ar Thiobraid Árann mar is beag laige atá feicthe againn ar Chorcaigh go dtí seo.

Nó b’fhéidir gur dainséarach an smaoineamh é sin ag Corcaíoch atá dóchasach.

Fág freagra ar 'Is beag laige atá feicthe againn ar Chorcaigh go dtí seo'