‘The ball is in and the game is on,’ a deireadh Micheál Ó hEithir fadó agus ár gcluasa leis an raidió. Sin an scéal a bheas sa Chatar 64 uair as seo go dtarraingeoidh Daidí na Nollag an srian ar Rudolph le tús a chur lena n-aistear. Ar an 18 Nollaig a imreofar babhta ceannais Chorn Sacair an Domhain i Staid Lusail, a tógadh d’aon turas don chomórtas ar chostas €¾ billiún.
Ar mo dhul féin, seans maith go bhfuil tú bréan faoi seo de na conspóidí ar fad a bhaineann leis an gcomórtas – gan baint dá laghad ag an imirt leo. Déistin a chuir sé orm an lá faoi dheireadh ar fheiceáil dom go bhfuil Sepp Blatter é féin den tuairim anois nár cheart gur sa Chatar a bheadh sé – eisean ba mhó ba chúis leis an anachain.
Taitníodh sé linn, nó ná taitníodh, níl dul as anois againn go ceann míosa ach suim nó neamhshuim a chur ann.
Don Bhrasaíl is mó atá ceapadh, 7/2 le fáil gurb iad a bhuafaidh Corn Jules Rimet don 6ú huair. A gcomharsana ón Airgintín (11/2) is gaire dóibh agus ina ndiaidh siúd aniar foirne na hEorpa – sin más ceadmhach foireann Eorpach a thabhairt ar Shasana faoi láthair! An Fhrainc 7/1; An Spáinn 15/2; Sasana 8/1; An Ísiltír 11/1; An Phortaingéil 11/1; agus an Bheilg 16/1.
Feictear dom gur fearr an margadh a gheofá as airgead a chur ar an té is mó a scórálfaidh cúil. 22/1 ar an Sasanach Harry Keane agus an Francach Kylian Mbappe agus Lionel Messi na hAirgintíne beagáinín lena chos sin.
Ach an imirt féin a fhágáil i leataobh, tá rudaí go leor le foghlaim as Corn Sacair an Domhain – rudaí atá níos suimiúla dá ndéarfainn é.
Le fírinne, murar furasta a thuar cé a thabharfaidh an choróin leo as an gCatar, is beag saineolas a theastódh le ainm a chur orthu siúd a bhainfidh na babhtaí deireanacha amach ansiúd.
Ón mbliain 1950 i leith (nuair a bhuaigh Uragua), is ceann den leathdhosaen tír atá luaite thuas agam a thug an chraobh leo. Go deimhin seachas bua eile Uragua sa gcéad chomórtas ariamh, i 1930, ba cheann de na sé thír chéanna sin na seaimpíní.
Tá an greim atá acu ar an gcomórtas chomh daingean sin go mba cheann acu freisin a bhí ina dtánaistí seachas dhá bhabhta a ndeachaigh an tSeicslóvaic chomh fada leis an gcluiche ceannais (1934 agus 1962) agus an comórtas seo caite nuair a bhuaigh an Fhrainc ar an gCróit.
Mar sin is beag athrú atá tagtha ar liosta fiúntais na bhfoirne idirnáisiúnta sacair is fearr sa domhan le beagnach 100 bliain.
Rud atá athraithe go hollmhór áfach is ea an riocht ina bhfuil na sraitheanna náisiúnta ina n-imríonn na peileadóirí a sheasann an fód dá dtíortha dúchais nuair a thagann comórtais mhóra, fearacht Chorn an Domhain agus na nIlchríoch.
Ina sraithchomórtas náisiúnta féin ag baile a bhí an 22 imreoir a bhí ar phainéal na Brasaíle nuair a bhuaigh siad an comórtas den chéad uair riamh sa tSualainn i 1958. B’amhlaidh cás nuair a choinnigh siad greim ar an gcorn sa tSile ceithre bliana dár gcionn agus arís nuair a bhuaigh siad é i 1970.
Ba i Sasana a d’imir chuile pheileadóir a bhí ar phainéal Alf Ramsey i 1966, sa Bundesliga a bhí na himreoirí go léir a thug an chraobh chun na Gearmáine i 1974 agus i Serie A a bhí an bhuíon imreoirí a bhuaigh Craobh an Domhain don Iodáil i 1982. Idir eatarthu sin ba é Mario Kempes (Valencia) an t-aon Airgintíneach a bhí ag imirt taobh amuigh dá thír dhúchais nuair a bhuaigh siadsan ag baile i 1978.
Faoin am ar bhuaigh siad arís é ocht mbliana dár gcionn bhí an scéal ag athrú – a gcaptaen Diego Maradona ag imirt san Iodáil agus ceathrar eile ag imirt ansin, sa Spáinn agus sa bhFrainc.
Ba thart ar an am sin a tháinig méadú as cuimse ar an airgead a bhí lucht teilifíse sásta a íoc ar chearta craolacháin. Dá réir, thosaigh imreoirí sacair ag fágáil a dtíortha dúchais sa tóir ar an bpota óir.
I dtíortha áirithe rinneadh iarracht stop a chur leo agus fógraíodh gurbh iad siúd a d’fhan ag baile amháin a roghnófaí ar fhoirne idirnáisiúnta. Is beag den rath a bhí air sin – go háirithe i Meiriceá Theas, áit a raibh cuid de na himreoirí ab fhearr ar domhan agus cuid de na pobail ba bhoichte.
Sna 1990idí a threisigh sé nuair ba é Serie A a bhí faoin mbogha bán. Ba ansiúd a bhí an ghalántacht. Ar feadh blianta ba san Iodáil a bhí an tsraith sacair ba mhó a raibh tóir uirthi ar an teilifís.
La Liga na Spáinne a tháinig i gcomharbacht air sin. Ba mhór idir ‘tippy-tappy’ nó na Galaticos agus lathach pháirceanna Shasana. Cluiche puitigh a bhíothas a chleachtadh ansiúd, fad agus a bhí Zidane, Ronaldo agus Messi faoi mar a bheidís ag gluaiseacht ar aer.
Inniu tá athrú iomlán ar an scéal. Ag an dream a bhíodh ag únfairt sa lathach atá an lámh in uachtar anois agus beidh 164 imreoir atá ag imirt i Sasana le feiceáil ar pháirceanna sa Chatar.
As an bPríomhroinn 136 acu sin, ar a laghad duine amháin as chuile chlub agus 64 imreoir eatarthu ag an leathdhosaen club atá ar bharr na Príomhroinne – Arsenal (10), Man City (16), Newcastle (6), Tottenham (11), Man Utd (14) agus Liverpool (7).
Sa lá atá inniu ann tá a dhá oiread de theacht isteach in aghaidh an tséasúir ag an bPríomhroinn (€6 billiún) agus atá ag La Liga agus an Bundesliga, a thrí oiread agus atá ag Serie A agus beagnach a cheithre oiread le Ligue 1 na Fraince.
Triúr peileadóirí a imríonn sa Campeonato Brasileiro Série A atá anois ar an mbuíon a dhéanfaidh a ndícheall an Jules Rimet a thabhairt ar ais chun na tíre sin don séú huair. I bPríomhroinn Shasana atá 12 dá gcomrádaithe ag saothrú, cúigear sa Spáinn, triúr san Iodáil, beirt sa bhFrainc agus Dani Alves i Meicsiceo.
Rothaí móra an tsaoil.
Tiarnan de Fréine
An Ghearmáin (iarthar) – buaiteoirí an chomórtais i 1954!