Roinn 1 na Sraithe Peile
Gaillimh v Ciarraí – Staid an Phiarsaigh, 3.45in (Beo ar shuíomh TG4)
Maigh Eo v Dún na nGall – Páirc Mhic Éil, 3.45in (Beo ar shuíomh TG4)
Ard Mhacha v Doire – Páirc Lúthchleasaíochta, 3.45in (Beo ar shuíomh TG4)
Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc Uí Éilí, 3.45in (Beo ar TG4)
Cé nach bhfuil ach babhta amháin cluichí fágtha sa tSraith Peile Náisiúnta i mbliana, is beag foireann ó Roinn 1 go dtí Roinn 4 nach bhfuil fós ar thóir toradh maith, bíodh sin chun iad a thabhairt slán ón ísliú céime nó chun áit i gcluiche ceannais a bhaint amach.
Sa bpríomhroinn, is iad fir Dhoire an t-aon dream atá cinnte faoina bhfuil ndán dóibh agus a gcailliúint in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite tar éis buille an bháis a thabhairt d’aon seans a bhí acu fanacht i Roinn 1 in 2026.
Tá Maigh Eo sa gceathrú háit ar an tábla faoi láthair agus seacht bpointe acu ach léiríiú ar cé chomh hiomaíoch is atá sraith na bliana seo nach bhfuil fir Kevin McStay féin go hiomlán slán fós. Is ag imirt sa mbaile i gcoinne Dhún na nGall atá Maigh Eo agus ceist ann faoi cé chomh díocasach is a bheidh na Conallaigh. Tá Dún na nGall slán cheana féin ach thuigfeá do Jim McGuinness mura mbeadh sé chomh buartha sin faoi chluiche ceannais na sraithe a bhaint amach agus Dún na nGall ag imirt i gcoinne Dhoire i réamhbhabhta Chraobh Uladh an tseachtain dár gcionn.
Má bhuann Maigh Eo ar Dhún na nGall agus má chliseann ar Ghaillimh nó ar Áth Cliath, bainfidh Maigh Eo áit amach sa gcluiche ceannais.
Is é an scéal céanna é ag Ciarraí, atá pointe chun deiridh ar Mhaigh Eo le sé phointe. D’fhéadfadh siad fós cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach le bua ar Ghaillimh i mBóthar na Trá, cé go mbeadh siad ag brath ar thorthaí ó roinnt cluichí eile chomh maith. Seans maith freisin go dtiocfaidh siad slán le cmhscór. Dá gcaillfeadh Ciarraí, áfach, agus dá mbuafadh Ard Mhacha agus Tír Eoghain, thitfeadh fir na Ríochta síos go dtí Roinn 2 don bhliain seo chugainn.
In aghaidh Dhoire a bheidh Ard Mhacha ag imirt agus níl siad iomlán cinnte d’áit sa bpríomhroinn in 2026 fiú má bhuann siad, mar tá difríocht na scór níos measa ag Ard Mhacha (-8) ná mar atá ag aon fhoireann eile sa roinn seachas Doire.
D’fhéadfadh siad críochnú cothrom le Tír Eoghain (0) agus Maigh Eo (-3) ar sheacht bpointe sraithe agus bheadh difríocht na scór ag teastáil chun iad a scaradh óna chéile. Tá buntáiste ag Ard Mhacha ar Thír Eoghain áfach mar gur bhuaigh Ard Mhacha an cluiche idir na foirne níos luaithe sa tsraith. Mar sin má chailleann Tír Eoghain in aghaidh Átha Cliath, is cuma céard a tharlaíonn i gcluiche Ard Mhacha, is iad Tír Eoghain agus Doire a bheidh ag titim go dtí Roinn 2 in 2026.
Má chailleann Ard Mhacha, ní bheadh ach comhscór ag teastáil ó Thír Eoghain chun teacht slán agus má bhuann siad, bheadh siad slán dá gcaillfeadh Ard Mhacha nó Ciarraí.
Ag barr an tábla, beidh Gaillimh nach mór cinnte d’áit sa gcluiche ceannais chomh fada is nach dtabharfaidh Áth Cliath greadadh ceart do Thír Eoghain agus Dún na nGall an gleadhradh céanna do Mhaigh Eo. Má bhíonn comhscór idir Gaillimh agus Ciarraí, bainfidh siad an cluiche ceannais amach má bhuann Áth Cliath agus Maigh Eo ach sa tríú háit a chríochnóidh siad má bhuann Dún na nGall ar Mhaigh Eo.
Beidh Áth Cliath cinnte d’áit sa gcluiche ceannais má bhuann siad thuas ar an Ómaigh. Dhéanfadh comhscór cúis dóibh freisin seachas dá mbuafadh Gaillimh agus Dún na nGall. Má chailleann siad, ní féidir leo an cluiche ceannais a bhaint amach mar cuirfidh Dún na nGall nó Maigh Eo as iad, is cuma cén toradh a bheidh ar an gcluiche eatarthu sin.
Fág freagra ar 'Is beag idir beatha agus bás d’fhoirne agus an babhta deireanach sa tsraith romhainn'