Is ar na daoine féin atá an locht maidir le scaipeadh an ghalair, go háirithe i mBaile Átha Cliath

Is breá le daoine a bheith ag fáil locht ar pholaiteoirí, ar NPHET, ar an Roinn Sláinte, ar an bPríomhoifigeach Sláinte, ar gach duine seachas orainn féin

Is ar na daoine féin atá an locht maidir le scaipeadh an ghalair, go háirithe i mBaile Átha Cliath

Sé mhí ó shin a chonaic mé mo chara den uair dheireanach. Ní raibh an Covid-19 i bhfad i réim sa tír ag an am sin. Chuala muid faoin ngalar áirithe seo a bhí ag leathadh san Eoraip, ba chosúil, ó thuaisceart na hIodáile.

Ag dul abhaile ónár gclub bádóireachta dragan a bhí an bheirt againn oíche amháin i mí an Mhárta. Ní raibh a fhios ag ceachtar againn ag an am gur gearr go dtiocfadh deireadh lenár gcuid gníomhaíochtaí ansin. Agus is mar sin atá cúrsaí fós.

Ach an oíche úd sa Mhárta, bhí mo chara spréachta. Duine sinsearach go maith sa tseirbhís sláinte í mo chara agus cuireadh i mbun na líne cabhrach teileafóin don Covid í.

Ag an am – cé a chuimhníonn air seo anois – bhí ár n-aird ar fad dírithe ar dhaoine a raibh baint ar bith acu nó teagmháil ar bith acu leis an Iodáil. Bhí bac curtha ar thaisteal go dtí na ceantair sin ó thuaidh a raibh an galar ag scaipeadh astu.

D’inis sí dom gur thóg sí glaoch ó fhear a bhí díreach tar éis filleadh ón gceantar sin san Iodáil. An bhféadfadh sé tástáil don ghalar a fháil? Ní raibh sé tinn, ach ba mhaith leis cinnteacht a fháil ón tseirbhís sláinte.

D’fhiafraigh sí de – nuair a tháinig an anáil ar ais chuici – cén chaoi an raibh sé in ann turas dá leithéid a dhéanamh agus daoine beáráilte ó thaisteal isteach ná amach as tuaisceart na hIodáile?

‘Ó ní raibh stró orm,’ dúirt sé. ‘D’eitil mé go dtí an Róimh, híreáil mé carr agus thiomáin mé ó thuaidh.’

Chaith sé saoire sciála sa gceantar agus d’éalaigh ina charr híreáilte arís faoi dhorchadas na hoíche agus ar ais abhaile ar eitleán ón Róimh. Ní raibh uaidh anois, a dúirt sé, ach an tástáil don ghalar agus bheadh gach rud i gceart, go raibh maith agat.

Ní fhéadfaidh mé a rá céard a dúirt sí leis.

Sé mhí ina dhiaidh sin, táimid fós coinnithe amach as ár gclub bád dragan. Toisc go mbímid ag ‘padláil’ gar dá chéile, toisc go mbímid ina suí díreach in aice lena chéile agus toisc go raibh ailse ar chuile dhuine atá ina bhall den chlub, meastar go bhfuil sé ró-chontúirteach dár sláinte a bheith amuigh sna báid dragan.

Ina dhiaidh sin féin, coinnímid aclaí le gníomhaíochtaí eile ar an talamh agus ar an uisce – go háirithe sna cadhcanna beaga 01 – ar Dhuga na Canála Móire. Ba ansin a casadh mo chara orm an tseachtain seo caite. Bhí sí spréachta arís.

Tá sí fós ag plé le comhairle a chur ar dhaoine ar na línte cabhrach teileafóin.

‘Is fadhb na meánaicme anois í,’ a d’fhógair sí. Rinne mé iontas den méid sin. Bhí mé an-fhiosrach faoin gcaoi a bhfuil an galar ag dul i méid i mBaile Átha Cliath.

Cén chaoi, mar shampla, nach bhfuil na húdaráis sláinte in ann srian a chur le scaipeadh an ghalair nuair a bhíonn a fhios acu cé atá buailte leis? Nach bhfuil an Aip Covid Tracker ag coinneáil súil ghéar ar dhaoine?

‘Inseoidh mise dhuit,’ a dúirt sí agus trua aici dom. ‘Daoine ag tabhairt uimhreacha bréige teileafóin, daoine nach bhfreagraíonn an fón nuair a chuirimid glaoch orthu, agus ná labhair liom faoi dhaoine ar eitiltí…’

D’inis sí dom faoi eitilt amháin – bhí an scéal cloiste agam cheana, shíl mé.  Cé go bhfuarthas amach go raibh an galar ar chúpla duine a bhí ar an eitilt áirithe sin chinn orthu teagmháil a dhéanamh le gach paisinéir ina dhiaidh sin. Bhí siad ag iarraidh go gcuirfí an tástáil don ghalar orthu ar fad. Ach níor fhreagair go leor acu an fón.

‘Anois, céard faoi na páistí a bhí ar an eitilt sin,’ a d’fhiafraigh sí. ‘Meas tú ar coinníodh gach páiste acu ón scoil an tseachtain ina dhiaidh sin?’

Agus ansin luaigh sí na heitiltí príobháideacha. ‘Nach bhfuil a fhios agat,’ a dúirt sí, ‘go bhfuil eitiltí príobháideacha ann?’

Bhuel, ní raibh a fhios agam, nó má chuimhnigh mé ariamh orthu, shamhlaigh mé go mb’fhéidir go raibh siad ag obair faoi na rialacha céanna taistil leis an gcuid eile den tír.

Agus is cosúil go bhfuil an t-aerfort gnóthach go maith le heitiltí príobháideacha.

‘Fuair mé glaoch an lá cheana ó fhear a cheap go raibh comharthaí sóirt an Covid air. Bhí sé ag iarraidh tástáil, a dúirt sé.”

‘Bhuel má tá comharthaí tinnis agat, is dócha go bhfuil tú ag leithlisiú?’ arsa sise leis.  Ach bhí amhras uirthi agus dúirt: ‘Measaim go n-airím inneall cairr sa gcúlra ansin?’

‘Ó sea,’ ar seisean. ‘Tá mé ar mo bhealach chun na hoibre ach tá mé liom féin sa gcarr agus beidh mé liom féin san oifig.’

Ansin d’inis sé di, gan scáth ná náire, go raibh sé tar éis filleadh ón Spáinn in eitleán príobháideach le  cúpla duine de chriú agus beirt phaisinéirí príobháideacha eile. Agus fios aige an t-am ar fad, go raibh sé ag aireachtáil tinn.

‘An amhlaidh nach bhfuil a fhios ag na daoine seo cé chomh tógálach is atá an galar?’ a d’fhiafraigh mé de mo chara. ‘Tá a fhios acu – ach is cuma leo.’

Ar an gcaoi chéanna, cheap sí gur cuma leis na daoine atá ag eagrú cóisirí móra sna tithe príobháideacha. Ní bhaineann an fhadhb leo, dar leo féin.

Go dtí an uair ar tharla ‘Golfgate’ ní chreidfinn go bhféadfadh sé sin tarlú. Ach tar éis na heachtra sin, agus tar éis an méid atá feicthe agam féin i bpubanna nach bhfuil rian den bhéile ‘naoi euro’ iontu, creidim go bhfuil an ceart ag mo chara – is ar dhaoine iad féin atá an locht maidir le scaipeadh an ghalair, go háirithe i mBaile Átha Cliath.

Is breá le daoine a bheith ag fáil locht ar pholaiteoirí, ar NPHET, ar an Roinn Sláinte, ar an bPríomhoifigeach Sláinte Gníomhach, ar gach duine seachas orainn féin.

Nach spórt náisiúnta é riamh anall a bheith in ann bealach a fháil timpeall ar rialacha?

Nach muide atá smartáilte agus muid ag dul i dtreo rabharta eile den ghalar- nach ar na húdaráis atá an milleán ar deireadh thiar?

Fág freagra ar 'Is ar na daoine féin atá an locht maidir le scaipeadh an ghalair, go háirithe i mBaile Átha Cliath'