Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách

Insint bhródúil agus ceiliúradh croíúil ar phobal ilghnéitheach na Gaeilge é ‘Seo Mo Spás’, port nárbh fhéidir liom a ruaigeadh as mo cheann in 2020

Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách

Tá éacht nach beag déanta ag Eoin Mc Evoy a chuir an t-amhrán ‘Seo Mo Spás’ os comhair an tsaoil Ghaelaigh is an domhain mhóir le déanaí.  Déanta na fírinne, tá an sár-rap Gaelach ag teacht idir mé agus cúraimí tí le roinnt seachtainí anuas.  Ní haon drochrud sin. Ní féidir liom ceol ná ciall an amhráin a ruaigeadh as mo cheann ná ní toil liom a leithéid a dhéanamh.  Tá an rap seo tógálach agus ní mholfainn daoibh éisteacht leis inniu mura mbeidh deis agaibh codladh go headra amárach – is maith an aire an fhógairt.

Ó fhíorthús an amhráin, tugann Mc Evoy le fios le teann teanntáis go mbraitheann sé ‘sa mbaile’ i gcomhphobal na Gaeilge. “Dia duit, Seo Mo Spás, Dia duit, Seo Mo Spás, Níl mé ag gabháil aon áit.”   

Cuireann Mc Evoy colláis d’íomhánna beoga ildaite os ár gcomhair ó thús deireadh an amhráin.  Meascán mearaí de phobail éagsúla is ea pobal na Gaeilge dar leis –  ó leanbh go liath, idir bhaineann is fhireann, ilinscneach is aerach, muintir na Gaeltachta is na gcathracha, daoine mór le rá is gnáthdhaoine.  Níorbh fhéidir leis an bhfile gach uile dhuine de laochra ár dteanga a chur san áireamh in Seo Mo Spás de cheal ama ach, léiríonn sé, gan scáth amhrais, go bhfuil corcán nua-aimseartha na nGael ag cur thar maoil le hilghnéitheacht, fuinneamh agus spiorad gan srian.  Is áit é ‘spás na Gaeilge’ ina bhfuil fáilte roimh chách.

Cuirtear deireadh leis an amhrán sa tslí thraidisiúnta – mar a cuireadh tús leis: “Dia duit, Seo Mo Spás, Dia duit, Seo Mo Spás, Níl mé ag gabháil aon áit”. Feictear Breanndán Ó Beaglaoich ag seasamh a fhóid, tráthnóna gréine i mBaile na bPoc, ag éileamh seilbh ar a áit is a spás dúchais féin.  Treise le Breanndán agus le gach uile dhuine a sheas an fód Fódlach Gaelach gan fuacht ná faitíos.

Forógra is ea Seo Mo Spás a chuir forógra Sheáin Uí Ríordáin in Fill Arís i gcuimhne dom láithreach bonn.  Murab ionann is Ó Ríordáin a shamhlaíonn go dtiocfaidh sé ar ‘an mise ceart’ thiar i nDún Chaoin mar a bhfuil “an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine”, tá an ‘mise ceart’ aimsithe cheana ag Mc Evoy i saol na Gaeilge. Ach is í an ghairm aerach –  an ‘Queercall’ –  is cúis lena chompordaí is atá Mc Evoy sa spás seo.

D’airigh Seán Ó Ríordáin go raibh sé idir dhá theanga agus tháinig sé crua air a bheith muiníneach teanntásach as an nGaeilge.  Ní fheicimid rian ar bith de shiondróm an phasadóra in Seo Mo Spás.  Léiríonn an úinéireacht mhuiníneach seo ar an nGaeilge, ní hamháin a chompordaí is atá Mc Evoy i saol na Gaeilge ach a fháiltí is a ilghnéithí is atá na pobail Ghaeilge a mheall ann é, a spreag é agus a thug bheith istigh dó.  Rap buíochais do bhaill na bpobal sin atá á chanadh aige.

In Fill Arís, deir Ó Ríordáin linn ár n-intinn a dhúnadh ar ar tharla i ndiaidh Chath Chionn tSáile agus comhairlíonn sé dó féin agus dúinne, dul siar go cróineolaíoch agus go geografach.  Caithfear filleadh ar an am atá caite in Fill Arís.  Caithfear filleadh ar thobar na Gaeltachta.  Ní hann don todhchaí, ní áirím an aimsir láithreach.  Caithfear dul siar.

Ach, is iomaí duine nach bhfuil sásta dul siar nó nach n-aithníonn an riachtanas úd.  ‘I won’t go back to it,’ a fhógraíonn Eavan Boland go fórsúil sa dán Mise Éire agus í ag diúltú glan d’fhís an Phiarsaigh a rinne rómánsú ar Éirinn anallód.  Aithníonn Ailbhe Ní Ghearbhuigh nach gá do gach duine filleadh ar an nGaeltacht le bheith ‘sa mbaile’ ná le faoiseamh a fháil. I Filleadh ar an gCathair, filleann Ní Ghearbhuigh ar locus eile na cathrach mar a ‘[b]Preabann an Aimsir Láithreach/ gan aire ó gach balla…”  Tugtar faoiseamh dúinne, na léitheoirí, chomh maith, nuair a tharrtháiltear sinn ón aimsir chaite faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Glacann Eoin Mc Evoy céim eile fós chun cinn in Seo Mo Spás.  Níl trácht ar bith ar an bhfilleadh, ar an dul siar ina phort siúd.  Nuaphort a sheinneann sé faoi sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin: ‘Leanaí  á labhairt lena máithreachaí’ agus an Ghaeilge “beo i mbéal an phobail’ agus í á húsáid in iliomad réimsí lasmuigh den chóras oideachais: ‘Ag na Gaeil Óga ag gabháil ó Phoc go Poc’.  Níl aon chall do Mc Evoy ‘filleadh’ ó tá sé de mhianach sa Ghaeilge dul i ngleic le gach uile ghné den saol nua-aimseartha anseo, anois.

B’éigean don Ríordánach turas deacair fada a dhéanamh siar chun na Gaeltachta le teacht ar a ‘chló ceart’ ach tá Mc Evoy leaindeáilte ag ceann cúrsa. Is an-oiriúnach an rogha fuaimrian comhaimseartha ‘Bitch Boss’ chun teachtaireacht Seo Mo Spás a iompar.  Thugamar dúshlán bhréaga na staire a d’inis dúinn gur “bhitseach mharbh” í ár dteanga ó 1601 i leith ach féach anois muid!  Sheasamar an fód mar a rinne Breanndán Ó Beaglaoich agus laochra Gael eile mar é, mar a rinne ‘X-men’ ár gcomhphobail fhuinniúil, lena n-áirítear daoine a bhfuil aithne mhór orthu agus gnáthdhaoine amhail mé féin is tú féin.  Sheasamar cos i dtaca le chéile is tá an dá chois faoinár dteanga anois agus deis rince aici.

Is annamh a chloistear an tuiseal gairmeach ar bhéal na ndaoine sa spás seo – spás na Gaeilge in 2020. Ach mura gcloistear féin, tá an Ghaelge beo beathach agus slán i gcónaí.  Anáil na beatha an t-athrú.

Níl an uimhir dhé ná an modh foshuiteach le feiceáil ar íor na spéire in 2020 mar a bhí in aisling Uí Ríordáin.  Ach ní haon aisling é Seo Mo Spás.  Baineann sé leis an bhfíorshaol Gaelach san am i láthair.  Tá an teanga bheo ag ráthaíocht i dtoibreacha na Gaeltachta, i mbáidíní na nGaelscoileanna, sna naíonraí, sna líonraí, sna bailte seirbhíse, ag féilte na nGael, ar an aer, ar an scáileán agus sa néal-Ghaeltacht.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an nGaeilge ón uair a scríobh Ó Ríordáin Fill Arís.  Is iomaí cath a troideadh ó troideadh Cath Chionn tSáile.  Is iomaí duine a sheas an fód is táimid buíoch díbh uile.

B’fhéidir gurb é an rud is fearr ar fad faoi Seo Mo Spás nach mbaineann gné theagascach ná treorach lena theachtaireacht.  Insint bhródúil agus ceiliúradh croíúil ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge atá ann.  Sheasamar an fód, rinneamar gearáin, d’éilíomar cearta, bhíomar dearg – dearg le fearg.  Ach anois, is féidir agus is tráthúil ceiliúradh cuí a dhéanamh ar ar baineadh amach. Níl ualach trom orainn ná níl bóthar fada romhainn.                                                                                                                  

Ba nós le haingeal coimhdeachta na nGael féachaint siar go maoithneach trí cheo na staire ach tá an tsúil Ghaelach iompaithe sa treo ceart, i dtreo ár dtodhchaí, ag Eoin Mc Evoy.  Dá mbeadh ‘máistir na nuafhilíochta’ beo i gcónaí, an mbeadh fonn air filleadh arís nó an leanfadh sé eiseamláir ‘mhac na reicfhilíochta’ agus féachaint roimhe amach?

Agus sinn ar thairseach na hathbhliana, déanaimis rince in éineacht le Mc Evoy a chinn gan an seanphort céanna a chasadh arís.  Rincimis le nuaphort na nGael, port nach n-éalóidh uainn go ceann i bhfad.                                                                                 

Fág freagra ar 'Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách'

  • Mánus

    Is maith go bhfuil saol ilghnéitheach Gaelach ar fáil sa gcibearspás ach ná déanaims dearmad ar an méid a scríobh Máirtin Ó Cadhain comh fada siar le 1952 “D’Ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mbaile mór amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin”. Go dtí go bhfuil go bhfuil Gaeltacht uirbeach i mBleácliath agus cathracha eile ní bheidh an Ghaeilge pioc slán.

  • Éilís Ní Anluain

    Togha- agus is breá liom Der Erlkonig

  • Caitlín Nic Íomhair

    Is breá liom an t-amhrán agus is breá liom an t-alt dearfach fuinniúil seo. Treise libh beirt!

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Treise leat, a Mhuireann. Alt breá a mheabhraíonn dúinn go bhfuil sé tábhachtach do bheatha theanga ar bith atá ag dul in éag go dtabharfaí aird ar chomharthaí sóirt na dearfachta atá le feiceáil i réimsí éagsúla na teanga sin i láthair na huaire, idir ghnáthchaidreamh cainte agus cheol, idir mhná agus fhir agus pháistí a thaobhaíonn leis an ‘gcúpla focal’, fiú, le go mbláthfaí an ‘mórán focal’ amach anseo. Ar an gcontinuum céanna atá an t-am i láthair agus an t-am atá thart agus, go deimhin, an t-am atá romhainn. Cá bhfios nach é an ‘go raibh maith agat’ nó an ‘slán leat’ a mheallfaidh freagra dearfach ón duine (nó as na mílte) a shíleann nach bhfuil sin féin aige/acu a thuilleadh. Is fearr an cloichín caite sa linn uisce ná é a choinneáil i ndoircheacht an phóca. Bímís dóchasach. Gaudeamus!
    Ré Ó Laighléis

  • S. Mac Muirí

    An-amhrán 7 an-alt, grma. Tá fuinneamh 7 brí na bua le brath ann 7 tuigim duit a Mhánuis thuas ag an am céanna. Scríobh an bheirt a adhraímid i gcónaí, MÓC 7 SÓR, go fíreannach dá ré an tan ba treise an meath daorstátach i ndomhan uile-Bhéarlach na 40í-70í. Admhaím gur bídeach Ard Barra Chorcaí 7 Br. Seoighe Bhéal Feirste in achar glúine ach caithfimid sa meá gur buaileadh na Gaeil mar a buaileadh an madadh – sa gcloigeann – 7 cuimhníonn siad! Níl d’íocshláinte ar bhuillí an chos ar bolg ach troid 7 braithim ceannoideas na troda i misneach na hóige (.i. gach éinne faoi 100 bl. d’aois, dar liom) mar a léiríodh thuas.
    (Thairis sin, thiocfadh leis an uimhir dhé 7 an t. tabh. iontas a chur ar ghlúin nó dhó inár ndiaidh, cá bhfios d’éinne againn.)
    Altaímis an teanga iontach a tíolacadh dúinn 7 an óige a spalpfas í fúthu is tharstu ar Luas, ar an idirlíon 7 ar shráideanna in achan bhall.