‘Is aisteach an samhradh a bheas againn ar an gCeathrú Rua gan aon scoláirí againn’

Labhair Tuairisc.ie le daoine éagsúla ar an gCeathrú Rua le léargas a fháil ar an lorg a fhágfaidh an cinneadh na coláistí samhraidh a chur ar ceal ar bhaile Gaeltachta

‘Is aisteach an samhradh a bheas againn ar an gCeathrú Rua gan aon scoláirí againn’
Mairéad Uí Mheachair

Máiread Uí Mheachair, bean an tí

Tá mo chuid gasúrsa tógtha ach tá mná tí ann a bhfuil gasúir an-bheag acu nó a bhfuil gasúir acu ag dul chun an choláiste agus teastaíonn an t-airgead uathu go dona. Tá morgáistí le híoc nó tá rud éicint le n-íoc. Beidh chuile bhean tí síos go mór leis. Rinneadh an cinneadh ceart na cúrsaí a chur ar ceal i mo thuairimse mar dá dtiocfadh an galar d’fhéadfadh sé damáiste mór a dhéanamh. Ach ceapaimse gur cheart go seasfadh an Roinn isteach agus go dtabharfaidís beagán do na mná tí le cúnamh a thabhairt dóibh, agus do na coláistí freisin. Tá mé ag tógáil scoláirí le 33 bliain anuas agus seo an chéad bhliain nach mbeidh scoláirí agam. Is aisteach an samhradh a bheas againn i mbliana gan aon scoláirí againn.

 

Pádrac Mac Cormaic

Pádraig Mac Cormaic, tiománaí bus

Ní bheidh na coláistí ar siúl agus ní bheidh na busanna ann. Tá dhá mhionbhus agam agus bím ag tiomáint bus mór freisin. Beidh siad uilig páirceáilte suas don samhradh. Níl tada eile ag tarlú. Tá na pubanna, na scoileanna, na nightclubs uilig dúnta. Níl tada ag tarlú níos mó. Tá mé ag súil go bhfeabhsóidh rudaí agus go dtiocfaidh siad back mar a bhí sé.

 

Gearóid Ó Murchú, úinéir an tsiopa éadaí ar an Spidéal, An Spailpín Fánach

B’fhéidir go scriosfaidh sé ar fad muid le bheith fírinneach mar 60% den teacht isteach a bhíonn againn sa mbliain is sna trí mhí sa samhradh ag plé leis na coláistí samhraidh a bhíonn sé dáiríre.

An brabach is mó a bhíonn againn is sa samhradh a bhíonn sé. Bíonn triúr ag obair linn i rith an gheimhridh agus deichniúr a bhíonn ag obair linn i rith an tsamhraidh mar gheall ar an oiread gnó a thagann ó na coláistí samhraidh. 

Le gnó beag cosúil linne, is é an bealach a bhfuil sé go mbíonn muid ag obair linn le linn an gheimhridh ach faoin am seo ní bhíonn tada fágtha agus bíonn muid ag brath ar dhul i muinín iasachtaí agus rótharraingtí ach a luaithe is a thosaíonn na coláistí samhraidh tosaíonn an t-airgead ag teacht isteach. Gan é sin i mbliana níl a fhios agam cén dóigh a mbeidh muid in ann coinneáil orainn tríd an ngeimhreadh seo chugainn.

 

Ar chlé

Criostóir Ó Néill, múinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin

D’fhreastail mé ar Choláiste Chiaráin ó 1988 agus bhí mé i mo chúntóir ina dhiaidh sin agus i mo mhúinteoir ó 2000. Beidh sé an-aisteach gan a bheith ann i mbliana. An faitíos atá ann nach mbeidh cuid de na coláistí in ann oscailt an bhliain seo chugainn.

Cén sórt damáiste a dhéanfadh sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht? Is iad na cúrsaí samhraidh agus an tréimhse sa Ghaeltacht an rud is mó a bhaineann daltaí sult as ó thaobh na Gaeilge de. Seo seans dul amach agus Gaeilge a labhairt go nádúrtha, Gaeilge a chloisteáil ó mhuintir na háite, snas a chur ar a gcuid Gaeilge féin. Baineann scoláirí sult agus spraoi mhór as na cúrsaí Gaeltachta agus bíonn ceangal dearfach acu leis an teanga i ndiaidh tréimhse sa Ghaeltacht.  Ní bheidh sin ar siúl i mbliana agus is mór an chailliúint é do dhaltaí.

 

Aodán Breathnach, úinéir siopa Eurospar

Is dóigh go mbeidh athruithe i gceist ó thaobh an méid fostaíochta a bheas muid in ann a chur ar fáil do dhaoine, go háirithe poist pháirtaimseartha agus uaireanta breise a bhíonn daoine a lorg. Ní bheidh sin ann i mbliana. An dream óg a thagann isteach ag cuartú poist samhraidh, ní bheith poist againn dóibh.

 

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Aodán Ó Sé, úinéir an tí ósta ‘An Chistin’

Bheadh an Cháisc an-ghnóthach le mic léinn agus nuair a thiocfadh trí mhí den tsamhraidh thiocfadh na múinteoirí thart agus bheadh muintir na múinteoirí thart go mór mór Dé Domhnaigh i gcomhair beatha agus ag breathnú ar chluichí peile nó cibé rud. D’imeoidís leo soir abhaile an tráthnóna sin mar sin bheadh an Domhnach an-ghnóthach i gcaitheamh an tsamhraidh. Bíonn go leor cúrsaí eile ar siúl, cúrsaí na n-eachtrannach agus cúrsaí an Acadaimh agus bheadh go leor daoine thart. Níl aon chaint ar na tithe tábhairne a oscailt faoi láthair. Tá chuile rud dúnta síos.

 

Cóilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin,

Suas le míle scoláire a bhíonn againn ar na cúrsaí a bhíonn á reáchtáil ó tús mhí an Mheithimh go lár mhí Lúnasa. Bíonn cúrsa faoi Cháisc againn le hábhar múinteoirí chomh maith a mbíonn suas le 100 mac léinn ag freastal air. Suas le scór múinteoir a bhíonn fostaithe againn do gach cúrsa, os cionn 70 post múinteoireachta ar fad le linn an tsamhraidh, agus cuireann tuairim is 30 bean tí lóistín ar fáil do na scoláirí a bhíonn againn. Idir thiománaithe bus, aoicheoltóirí agus daoine eile a thagann isteach le himeachtaí éagsúla a dhéanamh leis na scoláirí, bíonn go leor daoine ag brath ar an gcoláiste.

Tá scoláirí agus tuismitheoirí uafásach buartha, táthar trína chéile go mór nach mbeidh seans ag daltaí dul chun na Gaeltachta.

Bhí siad ag brath ar na coláistí samhraidh chun misneach a thabhairt do na daltaí bualadh faoin bhliain scoile, go háirithe daltaí atá ag teacht in aois na hArdteistiméireachta. Maidir leis na coláistí agus na mná tí, beidh impleachtaí móra aige mura mbeidh socrú sásúil éigin ann do na coláistí samhraidh agus na mná tí. Má théann na coláistí i bhfiacha i mbliana, beidh an-deacracht acu leanacht ar aghaidh an bhliain seo chugainn gan táillí a ardú go mór rud nach mbeadh ceart ná cóir ar na scoláirí. Feicim go mbeidh géarghá ag na coláistí ar fad le pacáistí tacaíochta. Má bhíonn siad fágtha gan tacaíocht feicim nach mbeidh go leor acu sásta feidhmiú arís.

Fág freagra ar '‘Is aisteach an samhradh a bheas againn ar an gCeathrú Rua gan aon scoláirí againn’'

  • Tuairisg

    Cén uair a bhog Gearóid Ó Murchú go dtí An Cheathrú Rua?