Is againne atá an córas rialtais is láraí an taobh seo den Chóiré Thuaidh…

Tá croitheadh bainte ag deichniúr teachtaí ó thuaidh as an mBreatain agus as an Eoraip fré chéile. Tá sé in am ag deichniúr eile a dhul go cnámh na huillinne anseo sa deisceart…

Is againne atá an córas rialtais is láraí an taobh seo den Chóiré Thuaidh…

In alt tábhachtach a scríobh sí an lá faoi dheireadh dúirt  an Dr. Theresa Reidy nach bhfuil aon leigheas ar fhadhbanna na tuaithe sa tír seo ach dílárú a dhéanamh ar an gcumhacht pholaitíochta, cumhacht a thabhairt do na réigiúin.

Is minic a dúirt mé féin ag cruinnithe de Chomhairle Chontae na Gaillimhe gur againn atá an córas rialtais is láraí an taobh seo den Chóiré Thuaidh. Scríobh mé cúpla uair i Tuairisc.ie é freisin.

Is beag an aird a fuair mé faraor.

B’fhéidir go bhfaigheadh Theresa Reidy éisteacht níos fearr anois mar gur eolaí polaitíochta ise i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

‘Complete anomaly’  atá ionainn san Eoraip, a dúirt sí. I dtuarascáil a rinneadh ar son Choimisiún na hEorpa frítheadh amach gurbh í Éire an tír ba mheasa as 39 tír san Eoraip chomh fada agus a bhain sé le rialtas áitiúil.

Bhíomar ansin ag bun an dréimire in éineacht leis an Mholdóiv, an tSeoirsia, agus Málta.

Is cuma cén chaoi ar breathnaíodh ar an scéal ó thaobh cumhachta, airgeadais ná seirbhísí, bhí na húdaráis áitiúla seo againne ní ba laige ná a leithéidí sna tíortha eile.

Is fiú scrúdú a dhéanamh freisin ar an líon daoine a bhíonn faoi chúram comhairle áitiúil in  Éirinn i gcomórtas le comhairlí  i dtíortha eile na hEorpa. 140,00 duine ar an meán atá ina gcónaí i gceantar rialtais áitiúil sa tír seo. Níl ach 18,000 duine de chúram ar chomhairle áitiúil ar an meán sa mBeilg. Is lú ná sin arís atá i gceist sa bhFionlainn –15,500.

Is é an cás céanna é chomh fada agus a bhaineann sé leis an méid daoine a bhfuil comhairleoirí áitiúla in ainm is a bheith ag freastal orthu. Bíonn os cionn 5,000 duine faoina sciathán ag an  ngnáth-Chomhairleoir Contae in  Éirinn. Ní bhíonn ach 800 duine ar aire a chomhghleacaí sa mBeilg. 1,200 duine a bhíonn ann sa Danmhairg, 410 sa bhFionlainn agus 1,700 san Ísiltír.

Is breá leis na Tráchtairí Móra a bheith ag trácht ar ‘clientelism’ (cliantachas)  agus ag magadh faoin obair a dhéanann polaiteoirí áitiúla ar cheisteanna áitiúla. Is breá go deimhin ach is rí-annamh a leagann siad béim ar bith ar easpa cumhachta agus airgid na  n-údarás áitiúil le forbairt shuntasach ar bith a dhéanamh.

Gnáthrud é ar fud na hEorpa go bhfágtar cúrsaí sláinte agus oideachais faoi chomhairlí áitiúla. Comhairlí áitiúla a thógann scoileanna agus ionaid sláinte. Is iad a fhostaíonn múinteoirí agus dochtúirí.

Ós iad a bhíonn freagrach as pleanáil nach bhfuil sé ag luí le réasún gurb iad is fearr a thuigfeadh cá dteastódh na seirbhísí agus cén bealach ab fhearr lena gcur ar fáil?

Fiú amháin riaradh na bpóilíní fágtar é faoi chomhairlí áitiúla i dtíortha san Eoraip.

Ní shin le rá go raibh comhairlí áitiúla na hÉireann gan locht in imeacht na mblianta. Tháinig samplaí chun cinn  ó am go ham de phleanáil gan chéill, de sheirbhísí a bheith á gcur ar fáil go sleamchúiseach agus d’airgead a bheith á chur amú. Ach in áit féachaint  leis na laigí sin a leigheas is é an freagra a bhíodh ag lucht na cumhachta i mBaile Átha Cliath, agus ag na Tráchtaírí Móra a bhíonn ag tláithínteacht leo, na comhairlí áitiúla a choilleadh tuilleadh.

‘We are truly aberrant,’ san Eoraip ar fad, a dúirt Theresa Reidy.  Nach sílfeá gur rud soiléir a bheadh ansin ag na Feisirí Eorpacha a bhfuil a gcosa beaga caite acu ag dul go Strasbourg agus don Bhruiséil?

Níl ach rud amháin a leigheasfas an éagóir: na ceantair tuaithe gluaiseacht pholaitíochta a eagrú a thógfas an chumhacht ar ais. Teastaíonn deichniúr Teachtaí Dála uainn a bhaileos tuilleadh eolais ó leithéidí Theresa Reidy agus a bhuailfeas buille polaitíochta nuair a thiocfas ár lá agus go mbeidh cóimheá na cumhachta acu.

Tá croitheadh bainte ag deichniúr teachtaí ó thuaidh as an mBreatain agus as an Eoraip fré chéile. Tá sé in am ag deichniúr eile a dhul go cnámh na huillinne anseo sa deisceart.

Fág freagra ar 'Is againne atá an córas rialtais is láraí an taobh seo den Chóiré Thuaidh…'

  • Ainrialaí Ábhailleach

    An poll báite ba cheart a thabhairt do pholaiteoirí, idir áitiúla agus náisiúnta, agus an bhail chéanna a bhronnadh ar bheaincéirí, ar iriseoirí barúlacha agus ar bhundúin dhomlasacha Óstaí an Rí. Ní fiú tráithnín an eaglais chaitliceach ó shalaíodar an tobairín.