Iriseoir as Béal Feirste ag tabhairt chosán Naomh Colmcille air féin – ar a rothar!

Tá Kevin Magee ag iarraidh bheith ar an chéad duine riamh le bealach ársa Naomh Colmcille, ó Dhún na nGall go hInse Ghall na hAlban, a dhéanamh ar rothar

Screen Shot 2015-06-30 at 19.39.20

 

LéarscáilTéann Slí Cholmcille, atá beagnach 600 míle ar fhad, trí chuid den tírdhreach is suntasaí san Eoraip, ó Ghleann Cholm Cille in iarthar Dhún na nGall go Rubha Robhanais i dtuaisceart Oileán Leòdhais.

“Nuair a thomhais mé fad an aistir ar an léarscáil ar dtús, chonaic mé, aisteach go leor, gur 563 mhíle atá ann, agus sin an bhliain sa tséú haois a d’imigh Colmcille ó Éirinn leis an Chríostaíocht a thabhairt anonn go hiarthar na hAlban.

“Ní duine piseogach mé ach le comhtharlú mar sin, mhothaigh mé gurbh éigean dom an turas a dhéanamh. Beidh mé ag baint úsáide as an treoir atá curtha ar fáil ag www.colmcille.org mar léarscáil dom ar an bhealach,” arsa Kevin Magee, iriseoir as Béal Feirste.

Sa chéad chuid den turas, beidh sé ag gabháil ó Chontae Dhún na nGall go Baile an Chaistil i dtuaisceart Chontae Aontroma agus ag dul ar cuairt chuig oileán Thoraí ar a bhealach. Uaidh sin rachaidh sé trasna Shruth na Maoile ar bhád farantóireachta agus rachaidh sé ar a rothar suas Maol Chinn Tìre agus go hOileán Í agus uaidh sin anonn chuig na hInse Ghall.

Measann sé go nglacfaidh an turas timpeall trí seachtaine air, agus beifear in ann é a leanúint an bealach ar fad ar Twitter, ar Facebook agus ar a bhlag laethúil dátheangach.

Tá lear mór duaiseanna iriseoireachta buaite ag Kevin in imeacht na mblianta agus aithne fhorleathan air. I ndiaidh dó seal a chaitheamh i dtús a ghairmré sna meáin chlóite, bhog sé ar aghaidh go dtí an raidió agus teilifís. Níl aon bhaint, áfach, ag an turas seo lena obair laethúil nó tá sé á dhéanamh ina chuid ama féin. Tabharfaidh an turas dhá rud le chéile a bhfuil dúspéis aige iontu, mar atá, foghlaim na Gaeilge agus an rothaíocht.

Tá céimeanna san eacnamaíocht agus sa pholaitíocht ag Kevin ó Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus faoi láthair, tá sé ag déanamh staidéir faoi choinne céim i nGaeilge in Ollscoil Uladh.

“Ba thionscadal ollscoile ar Cholmcille a spreag mo spéis sa naomh, ina bheatha in Albain agus sa cheangal teanga idir an dá áit. Ansin tháinig mé ar Shlí Cholmcille agus Iomairt Cholmcille a tharraingíonn aird ar na háiteanna éagsúla a bhaineann leis an naomh. Dar liom go mbeadh sé iontach spéisiúil iad uilig a cheangal dá chéile san aon aistear amháin, ag breathnú ar an chlaochlú atá tagtha ar shaol na nGael ar imeall iarthar na hEorpa ó rinne Colmcille a thuras tá 1500 bliain ó shin.

“Tá Colmcille inár n-aigne go buan. Tá cuid mhór scríofa fá dtaobh de agus le linn mo thurais, beidh mé ag féachaint le hamharc le mo shúile cinn ar na háiteanna a raibh sé agus cuid de na fíricí a idirdhealú ón chumadóireacht atá déanta faoin naomh.”

Thosaigh Kevin an turas ó ché Theilinn Dé Luain (29 Meitheamh) sula ndearna sé a chéad stop i nGleann Cholm Cille. Tá sé i ndiaidh Gleann Cholm Cille a fhágáil agus é ag triail ar Dhoire anois.

“Áit fhóirsteanach é Teileann le tosú ann nó sin an chéad áit a ndeachaigh mé chun na Gaeltachta agus ar thosaigh mé a fhoghlaim Gaeilge ann tá 40 bliain ó shin i mbliana,” a dúirt sé.

Thig leat a thuras a leanúint ar Twitter @celticcamino nó ar a bhlag <https://www.celticcamino.me,  nó ar Facebook, Kevin Magee.