‘Iontas’ ar an Rialtas agus éiginnteacht faoi chuairt Donald Trump ar Éirinn

Tuairiscítear gur ‘údar mór iontais’ do dhaoine don Taoiseach, don Rialtas agus don Roinn Gnóthaí Eachtracha an scéala nach mbeidh Donald Trump ag teacht chun na hÉireann mí na Samhna

‘Iontas’ ar an Rialtas agus éiginnteacht faoi chuairt Donald Trump ar Éirinn

Tá éiginnteacht ann faoi cé acu an dtabharfaidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump turas chun na hÉireann mí na Samhna.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh an turas curtha ar cheal agus dheimhnigh an Rialtas tráthnóna go raibh cuairt Trump “curtha ar athlá” mar gheall ar cheisteanna a bhain lena “sceideal”.

Dúirt Sarah Sanders, urlabhraí de chuid an Uachtaráin,  tráthnóna áfach nach raibh cinneadh “críochnúil” déanta fós faoi cé acu an mbeadh cuairt ar Éirinn mar chuid de thuras Trump chun na hEorpa mí na Samhna.

I ráiteas a tháinig ón Teach Bán an mhí seo caite, tugadh le fios go raibh sé i gceist ag Trump cuairt a thabhairt ar Éirinn mí na Samhna chun “athnuachan a dhéanamh ar an dlúthcheangal stairiúil” idir an tír seo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tuairiscíodh go raibh sé i gceist ag Uachtarán Mheiriceá turas a thabhairt ar a ghalfchúrsa i gcontae an Chláir agus ar Bhaile Átha Cliath le linn na cuairte a bhí le tarlú thart ar an 10-11 Samhain.

Tuairiscítear gur “údar mór iontais” do dhaoine sa Rialtas, i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha an scéala nach mbeadh Trump ag teacht.

Bhí agóidí á mbeartú ag grúpaí éagsúla faoi chuairt Uachtarán SAM, ina measc Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas. Mhaígh an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin tráthnóna gurb é an doicheall a léirigh daoine roimh theacht Trump ba chúis lena chuairt a bheith curtha ar cheal.

Fág freagra ar '‘Iontas’ ar an Rialtas agus éiginnteacht faoi chuairt Donald Trump ar Éirinn'