Ionsaithe mígheanasacha curtha i leith fir as Tír Chonaill

Cuireadh tús le héisteacht cúirte i Leitir Ceanainn inniu ina bhfuil sé curtha i leith fir gur ionsaigh sé gasúr óg os cionn 30 bliain ó shin in iarthar Dhún na nGall

 

FullSizeRender

Tá sé séanta ag fear as Dún na nGall go bhfuil aon bhunús le dhá chúis a cuireadh ina leith i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn inniu a bhaineann le hionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar fhear eile agus é ina bhuachaill óg os cionn 30 bliain ó shin. Cuireadh an dá chúis i leith an fhir, atá 71 bliain d’aois agus nach féidir a ainmniú, ag 11 maidin inniu.

Baineann na cúiseanna le dátaí idir an 1 Meitheamh agus an 1 Meán Fómhair 1984 agus líomhnaítear gur tharla siad ag dhá láthair dhifriúla i gCo. Dhún na nGall.

Thug an gearánaí fianaise trí nasc físe as Meiriceá go ndearna fear ionsaithe mígheanasacha air dhá iarraidh éagsúla i samhradh 1984 in iarthar Dhún na nGall. Bhí an gearánaí 10 mbliana d’aois ag an am a líomhnaítear gur tharla na hionsaithe seo. Dúirt an gearánaí gur ghnáth leis bheith ag súgradh in aice le loch an samhradh sin agus go n-iarradh an cosantóir air a bhád a rámhaíocht dó  nuair a bhíodh sé ag iascaireacht ar an loch céanna. Dúirt sé go dtugadh an cosantóir airgead dó as an obair seo a dhéanamh. Dúirt sé fosta gur thug sé cead dó a charr a thiomáint.

Ar cheann de na hócáidí sin, dúirt an gearánaí gur thóg an fear mála dubh lán irisí pornagrafacha amach agus chuir ceist ar an ghasúr an raibh suim aige sna pictiúirí. Mhaígh sé gur thug sé coiscíní dó agus gur nochtaigh sé é féin dó fosta.

Cloiseadh fianaise ansin ar eachtra eile inar líomhnaigh sé go ndearna an cosantóir ionsaí mígheanasach air i leaba ina theach tar éis dó bheith ag obair ar an chaorán leis.

Thug an cosantóir  fianaise sa chás tráthnóna agus shéan sé na cúiseanna atá curtha ina leith. Dúirt sé nár tharla a leithéid agus nach raibh an gasúr in éineacht leis ina bhád, ina theach ná ar an chaorán.

Thug sé le fios go raibh cónaí air i nDún na nGall ó na seachtóidí agus go raibh suim mhór aige i mbáid agus in iascaireacht. Dúirt sé nach raibh aon chuimhne ná aithne aige ar an ghearánaí i 1984 agus nach raibh baint ar bith aige leis i 1984. Dúirt an cosantóir nach raibh fírinne ar bith gur iarr sé ar aon duine a bhád a iomradh dó nó gur íoc sé aon duine as seo a dhéanamh roimhe. Shéan sé go raibh irisí pornagrafacha aige ar an bhád nó gur ionsaigh sé aon duine riamh.

Is é an Breitheamh Francis Comerford atá ag éisteacht an cháis agus rinneadh giúire de 7 bean agus 5 fear a roghnú leis an chás a éisteacht. Leanfar den éisteacht amárach.