Ionsaí Thír Eoghain, cliseadh na nDéiseach agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Caitear súil siar ar chluichí CLG an deireadh seachtaine, cluichí leathcheannais peile Uladh agus iomána na Mumhan ina measc

Ionsaí Thír Eoghain, cliseadh na nDéiseach agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Cluiche as an ngnáth idir Tír Eoghain agus Dún na nGall

Naoi bpointe a bhí le spáráil ag Tír Eoghain ar Dhún na nGall i gcluiche leathcheannais Uladh inné agus ní hí an bhearna amháin a chuir iontas orthu siúd a chonaic an cluiche i gCluain Eois. Ní fheicfeadh tú 2-33 á scóráil i mórán cluichí i gCraobh Peile Uladh, go háirithe i gcluichí idir Tír Eoghain agus Dún na nGall ach b’in a tharla agus bua 1-21 in aghaidh 1-12 faighte ag foireann Mickey Harte ar na Conallaigh.

Thug Tír Eoghain taispeántas den scoth uathu agus iad ar an ionsaí agus níor tháinig ach pointe amháin den 1-21 ó chic saor agus ceann eile ó chic 45m.

Deichniúr éagsúil a fuair scór ón imirt do Thír Eoghain agus bheadh ort dul i bhfad siar chun a shárú sin a fháil.

D’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa do Dhún na nGall murach taispeántas Mark Anthony McGinley sa chúl. Bheadh scór deiridh Dhún na nGall inné, 1-12, sách maith chun gach cluiche craoibhe atá imeartha idir Dún na nGall agus Tír Eoghain le linn ré Mickey Harte a bhuachan. Léiriú eile ar shárthaispeántas.

Ní féidir le Port Láirge mórán deiseanna eile a chailliúint

Bhí bua iontach eile ag iománaithe Chorcaí ar Phort Láirge inné agus iad lán le muinín anois agus aghaidh á tabhairt acu ar chluiche ceannais na Mumhan. Cailliúint agus taispeántas tubaisteach a bhí ann do na Déisigh áfach agus d’fhéadfadh sé tionchar mór a bheith aige ar thodhchaí na foirne.

Tar éis dóibh cluichí ceannais na hÉireann a bhaint amach le dhá bhliain anuas, céim mhór ar gcúl dóibh é mura n-éiríonn leo an babhta céanna a bhaint amach i mbliana, ar a laghad, go háirithe nuair a bhí siad i bhfoisceacht cúpla soicind de Cill Chainnigh a shárú sa chéad chluiche leathcheannais anuraidh.

Beidh sciorta den ádh ag teastáil uathu i mbliana, áfach agus iad ag tabhairt aghaidh ar na cluichí cáilithe, a mbeidh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh san iomaíocht iontu chomh maith. Mura n-éiríonn leo teacht slán ó na cluichí cáilithe, is mór an buille a bheidh ann do Derek McGrath agus a chuid imreoirí. Seo í an ceathrú bliain ag McGrath i gceannas ar Phort Láirge agus tá sé ráite aige go nglacann an cúram an t-uafás ama. Ní fios cé chomh fada eile a fhanfaidh sé sa phost.

Buille eile do chlubanna i nGaillimh

Tá an lá thart go mbíodh imreoirí in ann peil agus iomáint idirchontae a imirt ach tá sé éirithe níos deacra ar imreoirí contae a bhíonn ag iarraidh an cluiche eile a imirt dá gcumann, mar a chonaic muid i nGaillimh an deireadh seachtaine seo caite.

Cé go raibh iománaithe an chontae ag imirt i gcluiche leathcheannais Laighean tráthnóna inné, socraíodh babhta iomlán cluichí i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine céanna.

Sa Chraobh Shinsir, d’imir Maigh Cuilinn in aghaidh Chora Finne ar an Satharn, rud a d’fhág nach raibh teacht ar Matt Donohue ná Daithí Burke, a bhí ag imirt don chontae inné.

Agus iománaithe na Gaillimhe ag imirt ag 2.00i.n. i bPort Laoise inné, agus roinnt cluichí peile ag tosú ag 7.00i.n., ní bheadh imreoirí in ann an dá thrá a fhreastal ach níor oibrigh rudaí amach rómhaith do na cumainn.

Níor imir John Hanbury do Naomh Mícheál ina mbua ar Chill Fhir Iarainn agus, níos measa fós, ní raibh teacht ag Cealtrach ar Phádraig ná ar Chathal Mannion sa chluiche a chaill siad in aghaidh Bhaile an Mhuilinn, rud a fhágann go bhfuil siad anois i mbaol ísliú céime a fháil. Ba é Brian Flaherty, nár imir i bPort Laoise, an t-aon imreoir ar phainéal Mhicheál Donoghue a d’imir cluiche peile an deireadh seachtaine seo agus agus baint aige le bua Mhuine Mheá/An Mhainistir ar Naomh Anna, Leitir Móir aréir.

Agus cluichí ceannais cúigí amach roimh fhoirne peile agus iomána na Gaillimhe, is beag deis atá ann chun cluichí na gclubanna a imirt faoi láthair agus léirítear go paiteanta an fhadhb atá ann nuair a bhíonn imreoirí móra in easnamh ar chumainn do chluichí tábhachtacha craoibhe.

Slán fágtha ag na chéad fhoirne agus an chéad bhainisteoir leis an gCraobh

Níl deireadh an Mheithimh sroichte againn go fóill ach tá slán fágtha ag ceithre fhoireann le Craobh Shinsir Peile na hÉireann 2017 tar éis an deireadh seachtaine. Ní fheicfidh muid Port Láirge, Cill Mhantáin, Aontroim nó An Lú arís an samhraidh seo.

Go deimhin, d’fhág foireann An Lú slán lena mbainisteoir chomh maith mar d’fhógair Colin Kelly go raibh sé ag éirí as a phost  tar éis dóibh cailliúint i gcoinne an Longfoirt Dé Sathairn.

Thug Kelly a chontae ar ais go dtí Roinn 2 na sraithe ach d’íoc sé as nuair a chinn orthu dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh. Níor éirigh leo cluiche ar bith i gCraobh Laighean a bhuachan i rith na dtrí bliana a chaith sé i gceannas ar an bhfoireann agus níor éirigh leo dul níos faide ná babhta a dó sna cluichí cáilithe.

Fág freagra ar 'Ionsaí Thír Eoghain, cliseadh na nDéiseach agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'