Ionsaí náireach ar an daonlathas a bhí ann deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta

Tá an feachtas ar son an toghcháin Ghaeltachta dúisithe arís ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus is mithid sin, a deir ár gcolúnaí

Ionsaí náireach ar an daonlathas a bhí ann deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta

Tá a fhios ag fia agus ag fiolar faoi seo go mbeidh toghchán sa mBreatain arú amárach, an 12 Nollaig. Ar an dáta céanna dhá scór bliain ó shin bhí toghchán Gaeltachta againn.

Ba é sin an chéad deis a fuair muid lena n-ionadaithe féin a thoghadh ar Údarás dár gcuid féin.

Tháinig an lá ar chuir Fine Gael deireadh le toghchán dá leithéid le súil go bhféadfaidís a gcuid ionadaithe siúd a cheapadh.

Ionsaí náireach ar an daonlathas a bhí ann, beart a ligeadh leo go héasca.

Ní raibh gíog ná míog as na Tráchtairí Móra faoi cé go gceapfá óna gcuid pápaireachta ar ócáidí eile gurb iad atá ag cosaint an daonlathais ar fud an domhain.

Bhí na deich mbliana roimhe sin caite againn ag iarraidh Údarás cumhachtach daonlathach a bhaint amach. Bhí sé ar cheann de na haidhmeanna a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ón tús.

Ba é an scríbhneoir Deasún Fennell a mhúin an coincheap sin dúinn. Bhí seisean, a bhean agus triúr clainne tar éis a theacht a chónaí i Maínis.

B’iomaí alt a scríobh sé ag míniú chás na Gaeltachta agus ag dearbhú nach mbeadh slánú i ndán dúinn gan údarás cumhachtach a bheith ag an réigiún.

D’éirigh linn a dhul i bhfeidhm ar na húdaráis pholaitíochta de réir a chéile. Chuirtí corr-rún chun cinn faoi ag Ard-Fheis Fhianna Fáil, mar shampla.

Fianna Fáil a bhí i gcumhacht nuair a bunaíodh an tÚdarás sa deireadh. Ba é Donncha Ó Gallchóir a bhí ina Aire Gaeltachta aimsir an toghcháin.

Níor shásaigh an cineál Údaráis a tháinig an chuid againn a bhí sa bhfeachtas ach ba tús é agus, mar a dúirt Donncha Ó Gallchóir féin an uair sin, d’fhéadfaí cur leis sna blianta a bhí le theacht.

Is é a mhalairt a tharla.

Is iomaí locht a frítheadh ar an Údarás ó lá a bhunaithe ach dá dhonacht dá bhfuil stráicí móra den Ghaeltacht inniu ó thaobh na heacnamaíochta de bheidís seacht n-uaire níos measa murach obair an Údaráis.

Nuair a shocraigh Fine Gael deireadh a chur leis an toghchán, dúirt siad gur le hairgead a shábháil a bhí siad á dhéanamh. Ba mhór an cuidiú dóibh an seamsán a bhíodh ag daoine áirid ó am go chéile gur cheart ‘daoine cearta’ a mbeadh scil acu a cheapadh.

Shílfeá gur bobarúin gan tuiscint a bhí sa gcuid againn a thogh an pobal, cé go mbíodh meascán maith scileanna i gcónaí ag an dream a thoghtaí.

Cinnte ba é leas an Údaráis saineolaithe a bheith ar fáil ach is ar an bhfoireann ab fhearr iadsan a chur.

Maidir leis na toghcháin tharraing siad aird ar an nGaeltacht, sna meáin chumarsáide Bhéarla fiú amháin. Cé a d’fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar an gcomhaireamh fada vótaí ar an gCeathrú Rua nuair a thóg sé trí lá Pádraig Ó Biadha agus Seán Creavan a scaradh ó chéile?

An bhfuil aon seans ann anois an toghchán tábhachtach seo a fháil ar ais? Deir Fianna Fáil agus Sinn Féin go bhfuil siad go mór ar son é a dhéanamh.

Nuair a bhí Fine Gael ag cur deireadh leis an toghchán sa Dáil ghiorraigh siad an díospóireacht faoi gan scáth gan náire.

Shiúil an freasúra amach mar agóid.

Ó shin i leith chuir Éamon Ó Cuív bille le chéile a rachadh cuid mhaith den bhealach leis an dochar a leigheas. Ar an drochuair ní hé Éamon Ó Cuív atá ina urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil anois ach Dara Calleary.

Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil an feachtas ar son an toghcháin Ghaeltachta dúisithe aríst ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Is ceart agus is cóir, go deimhin is cuí agus is tairbheach, gur i gCois Fharraige a bhuailfí an cuaille comhraic athuair, an áit ar cuireadh an t-éileamh ar son Údaráis neamhspleách Gaeltachta ar pháipéar den chéad uair leathchéad bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Ionsaí náireach ar an daonlathas a bhí ann deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Táimse i bhfábhar na toghcháin a thabhairt ar ais ach caithfí cumhacht iomlán a bheith ag an tÚdarás nua ar gach ghné den saol sa Ghaeltacht.Ní mór cursaí maoinithe a chur ar bhonn seasamhach don údarás nua mar sean cleas ag na polaiteoirí náisiunta chun srian a chur ar muintir na Gaeltachta ná srian a chur ar maoiniú.

    Beidh troid mór i gceist mar cuirfidh An Roinn Oideachais mar shampla go mór igcoinne a gcumhacht siúd a scaipeadh ar buíon” cabóga ar imeall na tíre”, muintir na Gaeltachta.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Scaipigí an scéala ar chuma ar bith. D’éirigh linn spriocanna mar é a bhaint amach cheana, an raidió agus an teilifs, mar shampla.