Trí mhí is an lá inniu a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus tá sí ag géarú ar a cuid oibríochtaí míleata in Donbas faoi láthair.
Deir Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, gurb é ionsaí na Rúise ar Donbas “an t-ionsaí is mó ar thalamh na hEorpa ón Dara Cogadh Domhanda”.
Deir Aireacht Chosanta na Ríochta Aontaithe go bhfuil an Rúis ag iarraidh bailte móra Rubizhne, Severodonetsk, agus Lysychansk a thimpeallú.
Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine gur “cogadh amach is amach” atá á fhearadh ag an Rúis ar an Úcráin agus í dírithe ar an oiread daoine agus is féidir léi a ghortú agus an oiread den infreastruchtúr agus is féidir a scrios.
Dúirt an tUachtarán Zelensky freisin go raibh “sléacht” eagraithe ag fórsaí na Rúise in Donbas, agus iad ag iarraidh “gach rud atá beo” sa réigiún sin a scrios.
Dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go raibh an cogadh san Úcráin ag cothú amhrais faoin ord idirnáisiúnta.
In áit a bheith ag caint faoi bhealaí le cúrsaí an domhain a fheabhsú ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos, is amhlaidh is éigean dóibh a bheith ag caint faoi ionradh Putin, cé go mbaineann leabhar beartaíochta na Rúise don chogadh sin “le ré eile”, a deir sí.
In agallamh a rinne Ursula von der Leyen le Reuters in Davos dúirt sí gur chóir dul i mbun cainteanna le Moscó chun cead easpórtála a thabhairt don ghrán atá sáinnithe san Úcráin de bharr bac mara na Rúise.
“Ní fhéadfadh gur chun leas na Rúise daoine a bheith ag fáil bháis den ocras, mar gheall ar an Rúis.”
Measann aire geilleagair na Gearmáine gur dóichí go socróidh an tAontas Eorpach cosc a chur ar ola na Rúise “taobh istigh de chúpla lá” agus tá cinneadh déanta ag tíortha san iarthar arm níos sofaisticiúla a sheoladh chun na hÚcráine.
“Tráth dorcha inár saol é seo don domhan uile,” a deir Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden.
Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov, go ndíreodh Moscó ar a caidreamh leis an tSín a fhorbairt, ach go ndéanfadh an Rúis a machnamh ar aon tairiscint ón iarthar faoi chaidreamh a athbhunú léi.
Bhí Sergei Lavrov ag caint ag ócáid eolais i Moscó agus dúirt sé go raibh gráin ar an Rúis [‘russophobia’] á cothú ag an iarthar ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin.
Ag éisteacht i gcúirt achomhairc i Moscó Dé Máirt, cháin ceannaire an fhreasúra sa Rúis, Alexei Navalny, an tUachtarán Vladimir Putin go géar. Ar nasc físe as coilíneacht phiancheartúcháin, mar a bhfuil sé I ngéibhann, a bhí Navalny ag caint. Dúirt Navalny leis an gcúirt gur gealt a bhí san Uachtarán agus gur thosaigh sé an “cogadh mire” seo san Úcráin bunaithe ar bhréaga.
“Is cogadh gan chiall é seo a thosaigh Putin s’agaibhse. Bréaga is bonn leis,” a dúirt an ceannaire is an cime, atá 45 bliain d’aois.
Fág freagra ar 'Ionsaí na Rúise ar Donbas na hÚcráine ‘an ceann is mó ón Dara Cogadh Domhanda’'