Ionsaí na hInse – uair na cinniúna do Luimneach agus an Clár

Ceithre phointe an farasbarr is lú a bhí ag an dá fhoireann ina gcuid buanna go dtí seo

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

An Clár v Luimneach, Páirc Uí Chíosóig, 2i.n.

Is maith an rud é go bhfuil an t-athchóiriú a bhí á dhéanamh ar Pháirc Uí Chíosóig críochnaithe mar beidh slua mór in Inis inniu agus an Clár agus Luimneach ag dul in adharca a chéile agus iad ag súil áit a bhaint amach i Roinn 1A don bhliain seo chugainn.

Níl cluiche sraithe caillte go fóill ag ceachtar foireann, iad in aice a chéile ar bharr an tábla agus ocht bpointe an taobh faighte acu go dtí seo. Is ag Luimneach atá an buntáiste ó thaobh na scórála, rud a chiallaíonn gurb iadsan a bhainfeadh amach an t-ardú céime dá gcríochnódh an cluiche ar comhscór.

Bhí dea-scéal ag an gClár an tseachtain seo caite ina mbua in aghaidh Chiarraí agus a chéad chluiche imeartha ag Podge Collins don chontae ó bhain drochghortú glúine dó anuraidh. É sin ráite, is mór an difear a bheidh idir an bua éasca sin an deireadh seachtaine seo caite agus an dianchoimhlint a bheidh ann tráthnóna agus b’fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag súil go mbeadh tionchar láidir aige ar an imirt, sin má chuirtear chun páirce é.

Agus Collins ar an taobhlíne, is iad leithéidí Colin Ryan agus John Conlon, chomh maith le fir óga ar nós Bobby Duggan agus Aaron Cunningham, is mó a bhfuil spreagadh tugtha acu don Chlár go dtí seo sa tsraith.

Ceithre phointe an farasbarr is lú a bhí ag an dá fhoireann ina gcuid buanna go dtí seo agus cé gurb iad Luimneach agus an Clár is mó a d’aimsigh scóranna sa tsraith, is léargas an méid sin ní hamháin ar chumas foirne Davy Fitzgerald agus TJ Ryan ach ar chaighdeán na bhfoirne eile i Roinn 1B, chomh maith.

rud a tharlaíonn sa chluiche inniu, beidh an dá fhoireann i mbabtha ceathrú ceannais na sraithe ach beidh sé chomh tábhachtach céanna dóibh a bheith i Roinn 1A an bhliain seo chugainn agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh na bhfoirne móra.

bliana anois caite ag Luimneach taobh amuigh den phríomhroinn agus in 2017, beidh deich mbliana ann ó shroich siad cluiche ceannais na hÉireann agus dhéanfadh an choimhlint bhreise an-leas dóibh. Agus iad tar éis imirt i gcluiche ceannais na hÉireann ar an Déardaoin, tá imreoirí na bPiarsach fós in easnamh ar Luimneach agus dá n-uireasa, is ag an gClár atá an buntáiste, más ar éigean é.

Rogha Tuairisc.ie: An Clár

INPHO/Ken Sutton
INPHO/Ken Sutton

Tiobraid Árann v Corcaigh, Staid Semple 2i.n.

Ar an taobh eile den scéal, tá Tiobraid Árann ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint agus iad ag imirt Chorcaí i Staid Semple tráthnóna. Imreoidh an dá fhoireann atá ag bun Roinn 1 a chéile ag tús na míosa seo chugainn agus beidh an fhoireann a chaillfidh an choimhlint sin ag imirt i Roinn 1B an bhliain seo chugainn.

Agus a gceithre chluiche go dtí seo caillte acu, is cinnte go mbeidh Corcaigh sa chluiche díbeartha sin ach tá Tiobraid Árann agus Gaillimh fós san iomaíocht lena chéile chun an spota eile sin a líonadh. Cé go bhfuil trí phointe acu féin agus ag fir Chonnacht faoi láthair, is ag Tiobraid Árann atá an buntáiste agus iad 13 pointe níos fearr as ó thaobh na scóranna. Ciallaíonn sé sin go seachnóidh foireann Michael Ryan an t-ísliú céime má éiríonn leo an toradh céanna a bhaint amach is a bhaineann an Ghaillimh amach in aghaidh Phort Láirge.

Cé go mbreathnaíonn sé ar an gcéad amharc gur roimh Ghaillimh atá an dúshlán is mó agus iad ag taisteal chomh fada le Páirc an Bhreathnaigh, cuimhnigh go bhfuil áit bainte amach ag Port Láirge sa chluiche ceathrú ceannais cheana féin agus is mó seans go ligfidís na maidí le sruth.

Ar an gcaoi chéanna, cé nach bhfuil cluiche buaite ag Corcaigh go dtí seo, tá siad díreach i ndiaidh an taispeántas is fearr sa tsraith a thabhairt sa chailliúint in aghaidh Chill Chainnigh an deireadh seachtaine seo caite agus is cinnte nach ndéanfaidh siad rudaí éasca dá sean-naimhde, Tiobraid Árann.

Agus na foirne céanna ag imirt a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan faoi cheann cúpla mí, d’fhéadfadh sé gurb í coimhlint an lae inniu an chéad cheann de thrí chluiche a imreoidh na foirne in aghaidh a chéile taobh istigh de dhá mhí. Ní bheidh ceachtar acu ag iarraidh an lámh in uachtar a thabhairt dá gcéilí comhraic in aon chluiche acu.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Ionsaí na hInse – uair na cinniúna do Luimneach agus an Clár'