Ionsaí gnéis i gcoláiste samhraidh á fhiosrú ag na Gardaí

Líomhain go ndearnadh ionsaí gnéis ar chailín 15 bliain d’aois i gcoláiste Gaeilge i gConamara á fiosrú ag na Gardaí

Ionsaí gnéis i gcoláiste samhraidh á fhiosrú ag na Gardaí

Tá an Garda Síochána ag leanúint lena bhfiosrúcháin maidir le hionsaí gnéis a líomhnaítear a tharla i gColáiste Samhraidh i gConamara Dé Sathairn an 21 Iúil. Thug urlabhraí de chuid an Gharda Síochána le fios go raibh Gardaí na Gaillimhe ag fiosrú ‘ionsaí gnéis a líomhnaíter a rinneadh ar chailín óg’ i gceantar Indreabháin.

Líomhnaítear go ndearnadh an t-ionsaí gnéis ar chailín 15 bliain d’aois i leithreas sa choláiste Gaeilge ar a raibh sí ag freastal agus gur mac léinn eile sa choláiste céanna a rinne an t-ionsaí.

Tugadh tuairisc do na Gardaí i nGaillimh faoin ionsaí an lá a ndeirtear a tharla sé agus cuireadh tús le fiosrúchán láithreach. Tugadh an cailín go dtí an tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis i nGaillimh áit a bhfuair sí cúram sláinte ón tsainfhoireann leighis.

Thug na Gardaí le fios nach bhfuil aon duine gafa faoin eachtra go fóill ach go raibh an fiosrúchán fós ar bun. Fiosrúchán thar a bheith ‘cigilteach’ atá sa chás seo de bharr gur déagóirí ar fad atá i gceist.

Mar chuid den fhiosrúchán beifear ag ceistiú an chailín sa chás chomh le haon fhinnéithe más ann dóibh. Ullmhóidh na Gardaí comhad don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a dhéanfaidh cinneadh faoi aon chúiseamh a bheadh i gceist.

Tá an cúrsa Gaeilge sa choláiste ag leanúint ar aghaidh ach deirtear go ndeachaigh roinnt scoláirí abhaile nuair a scaipeadh an scéala faoin eachtra.

Tá ráiteas eisithe ag Coláiste Uí Chadhain sna Mine in Indreabhán lena  “dheimhniú nach é an Coláiste Gaeilge a dtagraíonn na tuairiscí sin (sna meáin) dó”.

Fág freagra ar 'Ionsaí gnéis i gcoláiste samhraidh á fhiosrú ag na Gardaí'