‘Ionsaí fabhtach’ déanta ar TG4 ag RTÉ, ‘stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4’

Tá cáineadh láidir déanta ag an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cúiv ar RTÉ i bhfianaise an scéil go bhfuil cuid den mhilleán á cur ag an gcraoltóir náisiúnta ar TG4 as gan dóthain airgid a bheith aige

‘Ionsaí fabhtach’ déanta ar TG4 ag RTÉ, ‘stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4’

Tá “ionsaí fabhtach” déanta ar TG4 ag RTÉ, “stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4”, dar leis an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Rinne Ó Cuív cáineadh láidir ar RTÉ inné i bhfianaise an scéil go bhfuil cuid den mhilleán á cur ag an gcraoltóir náisiúnta ar TG4 as gan dóthain airgid a bheith ann do mhórchláir dhúchasacha.

Tuairiscíodh ar an Sunday Independent ag an deireadh seachtaine go bhfuil ceangal déanta ag RTÉ idir an sciar dá maoiniú a fhaigheann TG4 ón gceadúnas teilifíse agus an easpa airgid atá ar RTÉ féin chun cláracha dúchasacha a léiriú.

Tuairiscíodh gur i gcáipéis a d’ullmhaigh RTÉ don Aire Cumarsáide Denis Naughten a luadh maoiniú TG4.

Ag labhairt dó inné ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur “ionsaí fabhtach” ar TG4 a bhí ar bun ag RTÉ.

Dúirt Ó Cuív gurb é TG4 an “príomhchraoltóir náisiúnta” toisc gurb é an t-aon chraoltóir a mbíonn “aird aige ar an náisiún”. Ní raibh in RTÉ, a dúirt sé, ach “stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4”.

Mhol Ó Cuív go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil do TG4. Dúirt sé chomh maith gur cheart go mbeadh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhstádas ó thaobh pá lena gcomhghleacaithe in RTÉ.

Fág freagra ar '‘Ionsaí fabhtach’ déanta ar TG4 ag RTÉ, ‘stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4’'

  • AnRógaire

    Tugtar cuid den ioncam ón gceadúnas teilifíse don earnáil phríobháideach anois. Cén fáth? Más craoltóir príobháideach tú nár cheart duit do chuid ioncaim a fháil ó fhoinsí príobháideacha. Faigheann na stáisiúin teilifíse agus raidió tráchtála sciar den cheadúnas le roinnt blianta – rud nach mbíonn siad ag maíomh faoi dar ndóigh.