Ionsaí déanta ar Mhosc na Gaillimhe le linn phaidreacha Ramadan aréir

Dúirt an tIomám Ibrahim Ó Nuanáin go raibh sé cinnte go raibh baint ag an ionsaí sceimhlitheoireachta a tharla i Londain oíche Dé Sathairn leis an ionsaí seo ar an mosc i nGaillimh

Ionsaí déanta ar Mhosc na Gaillimhe le linn phaidreacha Ramadan aréir

Rinneadh ionsaí ar mhosc i gcathair na Gaillimhe aréir le linn do dhaoine a bheith i mbun paidreacha istigh ann.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i nGaillimh i láthair na huaire faoin ionsaí, a tharla ag thart ar a 11.20 san oíche aréir. Bhí paidreacha na féile Ramadan á rá istigh nuair a caitheadh clocha le fuinneoga an mhosc.

Dúirt an tIomám Ibrahim Ó Nuanáin go raibh an mosc lán nuair a ionsaíodh é agus go raibh sé cinnte go raibh baint ag an ionsaí sceimhlitheoireachta a tharla i Londain oíche Dé Sathairn leis an ionsaí seo ar an mosc i nGaillimh.

Tháinig sé chun solais i ndiaidh ionsaí Londan gur in Éirinn a chónaigh duine de na sceimhlitheoirí ar feadh tréimhse sular bhog sé go Londain. Tá fiosrúchán ar bun le fáil amach ar phós Rachid Redouane in Éirinn le cead cónaithe i Sasana a fháil.

Dúirt an tIomám Ó Nuanáin gur gá a bheith ‘socair stuama’ i ndiaidh na n-ionsaithe i Sasana le deireanas agus go raibh “eagla a gcraiceann” ar an 100 ball den mhosc a bhí istigh nuair a tharla an eachtra aréir.

“Bhí mé ag treorú na bpaidreacha nuair a chuala mé torann mór millteach ach mar gheall gur i lár na bpaidreacha a bhí muid choinnigh muid orainn ach bhí duine nó beirt a chuaigh amach go bhfeicfeadh siad céard ba chúis leis an torann,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfacthas grúpa fear Éireannach ag briseadh fuinneoga an mhosc.

“Tháinig na clocha trí na fuinneoga agus d’fhéadfadh na daoine a bhí istigh a bheith ghortaithe go dona. Ionsaíodh cheana muid, ach airím gur ionsaí d’aon turas é seo. Is léir go raibh sé bunaithe ar na heachtraí tragóideacha a thit amach i Londain agus i Manchain le cúpla seachtain anuas,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé fíorbhuíoch nár bhuail aon chloch duine ar bith de na gasúir a bhí istigh sa mhosc ach go bhfuil machnamh á dhéanamh ag lucht stiúrtha an mhosc i láthair na huaire agus iad ag cuimhneamh ar mholadh do mhná agus do pháistí a gcuid paidreacha a dhéanamh sa bhaile ar fhaitíos go n-ionsófar Mosc na Gaillimhe arís.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana tá iarrachtaí ar bun ag an Iomám Ibrahim Ó Nuanáin agus lucht Mhosc na Gaillimhe Gaeilge a chur ar an gCórán.

Fág freagra ar 'Ionsaí déanta ar Mhosc na Gaillimhe le linn phaidreacha Ramadan aréir'