Ionsaí déanta ag an Rúis ar amharclann ina raibh na céadta sibhialtach ar foscadh – tuairiscí

Chuir Comhairle Mariupol íomhá amach ar líne a léirigh go raibh dochar mór déanta don amharclann san ionsaí

Ionsaí déanta ag an Rúis ar amharclann ina raibh na céadta sibhialtach ar foscadh – tuairiscí

Tá ionsaí déanta ag an Rúis ar amharclann in Mariupol ina raibh na céadta sibhialtach ar foscadh ó bhombardú na cathrach, a deir an leasmhéara ansin. 

Chuir Comhairle Mariupol íomhá amach ar líne a léirigh go raibh dochar mór déanta don amharclann san ionsaí. 

Tuairiscítear go bhféadfadh go raibh breis is míle duine san amharclann. Ní fios go fóill an mó duine a maraíodh nó a gortaíodh. 

Tá breis is 300,000 teanntaithe in Mariupol atá timpeallaithe ag na Rúisigh le breis is coicís. Tá na daoine fágtha gan aon uisce nó cumhacht aibhléise agus gan dóthain bia acu.

I gcathair Chernihiv i dtuaisceart na hÚcráine inniu, lámhach agus mharaigh fórsaí na Rúise deichniúr agus iad ina seasamh i scuaine le harán a cheannach, a deirtear i ráitis ó oifigigh de chuid na hÚcráine agus ó Ambasáid na Stát Aontaithe i Kyiv.

Shéan an Rúis na tuairiscí.

Tá sliogáin á radadh le cathair Chernihiv le seachtain agus maidin inniu a rinneadh ionsaí ar scuaine daoine a bhí ag fanacht le harán a fháil sa gcathair sin.

D’eisigh oifig Phríomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine ráiteas faoin sléacht. “Ag a 10:00 am (0800 GMT), scaoil baill d’fhórsaí armáilte na Rúise le daoine a bhí ina seasamh i scuaine in aice le siopa grósaera le harán a fháil. Ón eolas atá ar fáil againn go dtí seo, maraíodh deichniúr sibhialtach.”

Maraíodh na daoine sin tráth a raibh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky ag déanamh impí phráinneach lán mothúchán ar lucht na Comhdhála sna Stáit Aontaithe cúnamh níos mó a thabhairt don Úcráin le seasamh in aghaidh ionradh na Rúise. 

D’iarr Zelensky cúnamh ar na Meiriceánaigh le haerspás a thíre a chosaint, chomh maith le cúnamh míleata agus smachtbhannaí níos géire ar an Rúis.  Dúirt an tUachtarán go raibh tuilleadh cabhrach ag teastáil don “chogadh ar son an daonlathais féin”, mar a thug sé air.

“Teastaíonn sibh uainn láithreach bonn. Impím oraibh níos mó a dhéanamh,” a dúirt sé le feisirí na Comhdhála.

D’ordaigh Cúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe san Háig don Rúis an t-ionradh a stopadh agus dúirt nár tháinig siad ar aon fhianaise a dheimhneodh an chúis a thug an Rúís lena n-ionsaí – is é sin go raibh cinedhíothú á dhéanamh ag an Úcráin ar chainteoirí Rúisise in oirthear na tíre.  

Tá plean síochána trialach curtha le chéile ag an Rúis agus an Úcráin agus tuairiscítear go ngealltar sos cogaidh agus aistarraingt fhórsaí na Rúise má gheallann na húdaráis in Kyiv go bhfanfaidh an tír neodrach agus go mbeidh siad sásta srian a chur le fórsaí armtha na tíre. 

Faoin margadh sin chaithfeadh trúpaí na Rúise imeacht leo as an Úcráin dá ngeallfadh an Úcráin nach mbeadh an tír páirteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO), aidhm a bhíodh á lua léi tráth. Bheadh ar an Úcráin gealltanas a thabhairt freisin nach ligfidís d’aon dream eile bunáiteanna míleata ná armra a lonnú sa tír ar mhaithe le cosaint a fháil ó chomhghuaillithe amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe nó an Tuirc. 

De réir tuairiscí sa Financial Times, tá lucht idirbheartaíochta na hÚcráine agus na Rúise ag plé plean trialach 15 pointe da leithéid ón Luan.  

Dúirt Dmitry Peskov, urlabhraí údaráis an Kremlin, go raibh sé róluath fós aon socruithe idir an dá thír a réiteodh an t-achrann a eisiúint. 

De réir tuairiscí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) rinneadh 43 ionsaí ar ionaid, infreastruchtúr agus oibrithe cúram sláinte ó thosaigh an cogadh.  

Dúirt stiúrthóir feidhmiúcháin chlár éigeandála na heagraíochta sin, an Dr Michael Ryan, go raibh a chomhghleacaithe ag réiteach le foirne leighis a chur ar fáil san Úcráin le cuidiú le córas sláinte na hÚcráine atá ‘ar a chosa deiridh’.

“Tá an cás seo níor tábhachtaí ná foirgnimh. Ní foirgnimh amháin atá á scrios anseo. An dóchas atá á scrios,” a deir an Dr Michael Ryan.

Fág freagra ar 'Ionsaí déanta ag an Rúis ar amharclann ina raibh na céadta sibhialtach ar foscadh – tuairiscí'