Ionadaithe poiblí ag sodar i ndiaidh iarchomhairleoirí ar Bhóthar Chonamara?

Tuige nár dúisíodh ceist bhóthar an N59 i gceart i gConamara nó gur tháinig beirt iarchomhairleoirí contae le chéile le borradh a chur faoin iarracht?

Ionadaithe poiblí ag sodar i ndiaidh iarchomhairleoirí ar Bhóthar Chonamara?

Tá tacaíocht léirithe anois don iarracht le caoi cheart a chur ar an N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin, ag daoine as Ceann Léime go Dubai go California. Chuir na céadta daoine teachtaireachtaí tacaíochta ar an gcóras idirlín le beagán laethanta – i bhfad agus i ngearr.

San am céanna, tá síniúcháin á mbailiú ar fud iarthar Chonamara agus tá seastán le cur ag ceann de mhórócáidí na bliana i gConamara – Seó na gCapaillíní sa gClochán an tseachtain seo chugainn.

Chuile sheans go ndéarfadh Comhairleoirí Contae, Teachtaí Dála agus Seanadóirí go bhfuil aird tarraingthe acusan ar chruachás an N59 cheana agus go bhfuil an obair sin ag leanacht ar aghaidh. 

Is fíor sin. Ach níl mórán de thoradh air sin fós ó thaobh na hoibre ar an N59 agus níor músclaíodh an pobal i gceart go dtí anois. Cén chaoi a dtarlaíonn sé gur féidir le beirt iarchomhairleoirí contae an scéal a chur amach i measc an phobail agus an t-ábhar a mhúscailt mar seo  – rud nach bhfuil déanta ag na hionadaithe poiblí?

Beag beann ar a gcuid iarrachtaí, ní thugtar mórán airde ar pholaiteoirí scaití. Tá dearcadh i measc an phobail go dtarraingeoidh polaiteoirí anuas gach uile ábhar ar mhaithe le haird a dhíriú orthu féin. Is amhlaidh an cás scaití ach ní i gcónaí é.  Maidir le naonúr Comhairleoirí Contae Chonamara tá siad ag caint anois ach ní dóigh go ndearna siad aon ghníomh mór i dtaobh an bhóthair as Uachtar Ard go dtí an Clochán – cuid den N59 – roimhe seo. 

Go deimhin, ag labhairt dó sa gClochán an oíche cheana, dúirt Seosamh Ó Cuaig go raibh na polaiteoirí uilig, é féin ina measc, nuair a bhí sé ann, roinnt faillitheach faoi fhorbairt an N59.

Tá cuimse cainte déanta faoin N59 ag cruinnithe Chomhairleoirí Chonamara le tamall ach, dá fheabhas í, ní ghabhfaidh an chaint sin mórán achair. 

Níl aon bheart láidir, suntasach nó drámata déanta acu. Chomh fada agus is eol dúinn, ní dhearnadar aon iarracht riamh, mar shampla, a ghabháil mar ghrúpa chuig an Aire Iompair, an tAire Oidhreachta agus Gaeltachta nó, go deimhin, go dtí an Taoiseach faoin ábhar seo. 

Bíonn cineál cuing ar Chomhairleoirí go minic. Bíonn siad ag brath ar fheidhmeannas na Comhairle Contae cuidiú leo ar chúiseanna go leor agus bíonn drogall orthu a dhul rófhada taobh amuigh den chóras.

Ní bhíonn an ceangal sin ar ghluaiseacht phobail agus níl srian dá leithéid ar iarchomhairleoirí contae mar Sheosamh Ó Cuaig agus Josie Conneely.  Tá an buntáiste ag Ó Cuaig agus Conneely go dtuigeann siad an córas taobh istigh ach go bhfuil siad taobh amuigh de anois.

Tá cúpla rud eile ag baint le gníomhaíocht Uí Chuaig agus Chonneely. Cé go bhfuil cúlra éagsúil acu sa bpolaitíocht (neamhspleách agus Fianna Fáil), ní go réidh a ghéill ceachtar acu riamh do threoracha oifigiúla ná do leagan amach an chórais Stáit ná an chórais Eorpaigh.

Lena chois sin, is as iarthar Chonamara an bheirt acu agus a sinsir rompu agus tá tuiscint chuimsitheach acu ar riachtanais an cheantair.  Go deimhin, ba chaillteanas mór an bheirt acu ó thaobh Chonamara de nuair a chríochnaigh siad sa gComhairle Contae.

Ar bhonn náisiúnta, tá an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an tAire Stáit, Seán Kyne, tar éis aird go leor a tharraingt ar an bpráinn atá le caighdeán an bhóthair agus  an tsábháilteacht ar an N59 agus ní bhíonn aon anonn ná anall ina gcuid cainte. 

Tá sé le rá ag na Teachtaí Dála agus Seanadóirí as Gaillimh Thiar gur tharraing siad cruinniú le feidhmeannaigh as Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus feidhmeannaigh na Comhairle Contae tar éis don Bhord Pleanála diúltú don iarratas ar chead forbartha idir an Clochán agus an Teach Dóite.  Socraíodh go mbunófaí Coiste Oibre idir na ranna éagsúla le tuilleadh cainte a dhéanamh ar an tsáinn ina bhfuil an N59.   B’fhéidir gur ag an Teachta Dála, Noel Grealish a bhí an léamh ab fhearr air sin,  ‘tuilleadh cainte faoi chéard?’.

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil cead forbartha tugtha ag an mBord Pleanála ar an stráice bóthair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite ach go bhfuil coinníoll fíor-neamhghnách ag baint leis; chaithfeadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta leis a bplean oibre sula scaoilfí ar aghaidh leis an obair. 

Rud ait é go gcuirfí de dhualgas ar eagraíocht eile an dara “cead” a thabhairt nuair atá a gcinneadh déanta ag an mBord Pleanála. 

Tá an plean forbartha ar an gcuid den bhóthar idir an Clochán agus an Teach Dóite stoptha ag an mBord Pleanála fiú agus gur dhúradar gur go drogallach a thógadar an cinneadh seo – ní raibh aon rogha acu, a dúradh, de bharr SAC agus caomhnú talún.

Tá sé ráite ag saineolaithe bóthar go bhfuil an N59 róchúng in áiteanna, go bhfuil an bhail atá ar an dromchla thar a  bheith go dona agus go bhfuil dúshlán ar leith ag baint leis an scéal anois. Tá sábháilteacht go mór i gceist, ar ndóigh.   

Má tá réiteach sásúil i ndán do mhuintir Chonamara, chuile sheans go gcaithfear an cheist achrannach seo uilig a chur i bhfad níos faide; chomh fada le hairí sinsearacha Rialtais, chuig an Taoiseach féin agus chuig lucht ceannais na bpáirtithe polaitiúla eile.

An mbeidh Grúpa Gnímh agus Feachtais an N59 in ann é sin a dhéanamh?  Tá ceannródaíocht déanta acu ach tá bóthar achrannach rompu. Ní ghéilleann ceannairí go héasca ach ní ghéilleann ceannairí don éadóchas.

Fág freagra ar 'Ionadaithe poiblí ag sodar i ndiaidh iarchomhairleoirí ar Bhóthar Chonamara?'

  • Eoghan Ó Brolacháin

    Tá an tuairisc seo an-chlaonta ar fad. Tá an t-iriseoir ag cur é seo chun tosaigh le fada agus anois tá sé ag iarraidh brú a chur ar Chomhairleoirí Contae chun tacú leis. Mór an náire

  • Feardorcha

    Díreach é a Eoghain, tá sé mínáireach go huile is go hiomlán mar alt. Tá go leor ar mhalairt tuairim leis an gcomhfhreagraí.
    Dhein comhfhreagraí eile don pháipéar seo jab mórán mar an gcéanna maidir le Highway an Daingin i gCiarraí.
    Ní thuigeas go raibh tuairisc.ie ag fáil airgead an rialtais le bheith ag cur hobbyhorses dhaoine áirithe chun cinn.