Ionadaithe ó phobail Ghaeilge atá ‘faoi bhláth’ lasmuigh den Ghaeltacht lena scéal á insint i dTeach Laighean

Deirtear go dtabharfar deis do grúpaí teanga as an Tuaisceart léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le pobal Gaeilge a chothú i gceantair faoin tuath agus i gceantair uirbeacha 

Ionadaithe ó phobail Ghaeilge atá ‘faoi bhláth’ lasmuigh den Ghaeltacht lena scéal á insint i dTeach Laighean

Beidh ionadaithe ó ghrúpaí teanga sa Tuaisceart atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht ag labhairt i dTeach Laighean tráthnóna.

Tabharfaidh ionadaithe ó Phobal Sleacht Néill agus ó Choiste Forbartha Charn Tóchair as Contae Doire, agus ó Phobal Bhóthar Seoighe agus ó Ghlór na Móna as Béal Feirste fianaise os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Dúradh go mbeadh deis ag na grúpaí éargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le pobal Gaeilge a chothú i gceantair faoin tuath, amhail Carn Tóchair, agus i gceantair uirbeacha amhail Béal Feirste.

Dúirt Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur “eiseamláir” iad na grúpaí seo ó thaobh a gcuid oibre ar son na Gaeilge ina gceantair.

“Seo ceithre eagraíocht atá tar éis a ndícheall a dhéanamh, agus ar éirigh leo, ainneoin na n-ainneoin, pobail Ghaeilge a athchruthú san iarGhaeltacht. Tá sin déanta acu i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon, agus ba chóir dúinn, mar Éireannaigh agus mar Ghaeil, a bheith an-bhródúil as an ngaisce atá déanta acu,” arsa Ó Snodaigh.

“Is cúis bhróid iad na pobail seo don tír go léir agus is eiseamláir iad ó thaobh an chur chuige is gá chun a chinntiú go mbeidh todhchaí ag an nGaeilge mar theanga phobail agus mar theanga nua-aoiseach de chuid na Eorpa, ní hamháin laistigh, ach lasmuigh den Ghaeltacht aitheanta, chomh maith.”

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil sé i gceist ag an gcoiste cuairt a thabhairt ar cheantair Charn Tóchar agus Béal Feirste chun blaiseadh a fháil den obair atá ar bun ansin.

Tá na grúpaí pobail ag tabhairt fianaise mar chuid de shraith chruinnithe atá á reáchtáil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Ceistíodh cheana an tAire Tithíochta Darragh O’Brien faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála agus bhí na comhairlí áitiúla a bhíonn ag plé le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht os comhair an choiste freisin.

Beidh tuarascáil á réiteach ag an gcoiste ina mbeidh moltaí na mball maidir leis an fadhbanna atá ann ó thaobh cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht nuair a thiocfaidh deireadh leis an tsraith cruinnithe.

“Sa tuarascáil sin, déanfar moltaí ar réiteach na bhfadhbanna sin chun leasa phobal na Gaeltachta, agus chun taoide an Ghalldaithe a chasadh, agus chun an Ghaeilge a neartú as seo amach,” a dúirt Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'Ionadaithe ó phobail Ghaeilge atá ‘faoi bhláth’ lasmuigh den Ghaeltacht lena scéal á insint i dTeach Laighean'