Ionad vacsaínithe oscailte in iarthar na Gaillimhe chun freastal ar mhuintir Chonamara

D’admhaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly sa Dáil roimhe seo go raibh ar mhuintir Chonamara taisteal rófhada chun an vacsaín a fháil

Ionad vacsaínithe oscailte in iarthar na Gaillimhe chun freastal ar mhuintir Chonamara

Tá ionad vacsaínithe nua le freastal ar mhuintir Chonamara oscailte ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iarthar na Gaillimhe.

D’oscail an t-ionad vacsaínithe ar an gClochán inné agus é i gceist é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na Gaeltachta agus pobail eile sa cheantar an vacsaín a fháil.

Is i mBaile an Bhriotaigh ar imeall thoir chathair na Gaillimhe a bhí an t-aon ionad vacsaínithe sa chontae go dtí seo.

D’admhaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly sa Dáil mí Bealtaine go raibh ar mhuintir Chonamara taisteal rófhada chun an vacsaín a fháil.

Níl sé i gceist go mbeadh an t-ionad nua ar an gClochán oscailte ach lá amháin nó dhá lá in aghaidh na seachtaine. Deir na seirbhísí sláinte go bhféadfaí go n-osclófaí an t-ionad, atá lonnaithe ag Scoil Phobail an Chlocháin, níos minice má bhíonn an t-éileamh ann.

Dúradh le Tuairisc.ie go bhfuil na húdaráis sláinte ag obair ar chóras a ligfeadh do dhaoine a bhfuil an chéad dáileog den vacsaín faighte acu i mBaile an Bhriotaigh an dara dáileog a fháil ar an gClochán.

“Beidh clinicí ar siúl san ionad nua vacsaínithe ar an gClochán ina dtabharfar an dara snáthaid do dhaoine a fuair an chéad cheann san ionad i mBaile an Bhriotaigh. Cuirfear líne chabhrach ar fáil agus féadfaidh daoine glaoch uirthi sin chun a iarraidh go dtabharfaí an dara snáthaid dóibh sa gClochán seachas i mBaile an Bhriotaigh.

“Go dtí sin, is í ár gcomhairle d’aon duine a fhaigheann coinne don dara vacsaín i mBaile an Bhriotaigh freastal ar an gcoinne san ionad sin. Sa gcás gur gá sin, is féidir le duine coinne a athrú ach glaoch ar HSElive ag 1800 700 700 nó freagra a thabhairt ar an téacs maidir lena gcoinne.”

Dúirt Paul Hooton ón ngrúpa cúram sláinte, Saolta, atá i bhfeighil an ionaid go raibh ríméad orthu an t-ionad nua ar an gClochán a oscailt agus go dtabharfadh sé deis níos mó do mhuintir Chonamara an vacsaín a fháil.

“Tá sé i gceist againn go mbeidh an t-ionad oscailte lá nó dhó sa tseachtain, ach beidh sin ag brath ar an líon daoine atá cláraithe agus an soláthar vacsaíní a bheidh ar fáil.”

Bhí an t-aistear fada a bhí le déanamh ag muintir Chonamara chun an vacsaín a fháil cáinte ag polaiteoirí an rialtais agus an fhreasúra.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” go gcaithfeadh daoine ón nGaeltacht dul go cathair na Gaillimhe chun vacsaín a fháil. Agus an scéal pléite sa Dáil aici, luaigh Mairéad Farrell ó Shinn Féin nach raibh seirbhís bus ann a thabharfadh muintir Chonamara isteach chuig an ionad i mBaile an Bhriotaigh.

Dúirt an tAire Sláinte Donnelly le Farrell ag an am go raibh “cúpla ceantar i Maigh Eo, i gConamara agus i gcodanna de Dhún na nGall atá níos faide ó ionad vacsaínithe ná an t-achar ba mhaith linn.”

D’oscail ionad vacsaínithe i gCarn Domhnach i dtuaisceart Dhún na nGall an tseachtain seo caite agus is féidir le daoine coinne a iarraidh ansin seachas dul go Leitir Ceanainn, mar a raibh an t-aon ionad eile sa chontae go dtí sin.

Fág freagra ar 'Ionad vacsaínithe oscailte in iarthar na Gaillimhe chun freastal ar mhuintir Chonamara'

  • Séadna Mac Seoin

    An mbeidh Lucht dailiú na ndáilleog inniúil ar an nGaeilge nó an mbeifeár ag brú Béarla ar mhuintir na Gaeltachta arís?