Níl ‘aon chontúirt sláinte’ ag baint le hIonad úr plaistigh sa Ghaeltacht

Deir Údarás na Gaeltachta nach mbainfeadh aon chontúirt sláinte leis an ionad úr plaistigh atá beartaithe sa nGaeltacht agus gur cuireadh imní an phobail 'san áireamh' agus an togra á phleanáil acu

Níl ‘aon chontúirt sláinte’ ag baint le hIonad úr plaistigh sa Ghaeltacht

Tá ráite ag Údarás na Gaeltachta nach mbainfeadh aon chontúirt sláinte leis an ionad úr próiseála plaistigh atá beartaithe do Bhaile Ghib agus gur cuireadh imní an phobail “san áireamh” agus an togra á phleanáil acu. 

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an méid sin le fios i bhfreagraí ar cheisteanna Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Peadar Tóibín.

Cheistigh Tóibín an tAire Stáit faoinar cuireadh an Roinn Cultúir ar an eolas faoin imní a bhí ar phobal Bhaile Ghlib maidir leis an togra nua atá beartaithe sa cheantar agus faoi cén fáth nar chuir Údarás na Gaeltachta urlabhraí chuig cruinniú poiblí a reáchtáladh i nGaeltacht Bhaile Ghib le déanaí.

Eagraíodh an cruinniú sin mar gheall ar an imní i measc an phobail faoi cheisteanna truaillithe, sláinte agus pleanála a d’fhéadfadh baint leis an ionad nua leáite plaistigh atáthar a mholadh a thógáil in ionad de chuid an Údaráis ansin.

Dúirt McHugh gur chuir Údarás na Gaeltachta in iúl dó gur cinneadh gan ionadaí a chuir chuig an chruinniú toisc “nach bhfuil gach eolas faoin togra fós ar fáil” agus toisc “nach bhfuil an phleanáil ach ina tús”.

Thug sé le fios gur chuir  Údarás na Gaeltachta imní phobal Bhaile Ghib san áireamh le linn an phróisis réamhphleanála agus go raibh “an méid eolais agus a d’fhéadfaí curtha ar fáil acu don phobal”.

Dúradh freisin go raibh “gach eolas” a bhí ag an Údarás curtha ar fáil acu do na daoine a d’eagraigh an cruinniú poiblí sin ionas go mbeadh “an méid eolais agus ab fhéidir ag an phobal chomh luath agus ab fhéidir agus go ndíreofaí ar aon údar imní a bhí acu in am”.

Dúirt an tAire Gaeltachta chomh maith “gur bhuail muintir na háite leis an té atá ag pleanáil an togra agus gur thug sé eolas dóibh faoin phlean”.

Chomh maith leis sin, dúirt McHugh gur tuigeadh d’Údarás na Gaeltachta nach mbeadh an té ar mian leis an gnó a bhunú ábalta a bheith i láthair ag an chruinniú poiblí a eagraíodh.

“Ós rud é gur leis sin a bhain formhór na gceisteanna a bhí ag déanamh imní don phobal agus gur aigesean amháin a bhí na freagraí ag an tráth sin, mheas an tÚdarás gur mhó dochar ná maitheas a dhéanfaidís dá gcuirfidís ionadaí chuig an chruinniú agus nach sásódh sé sin aon duine,” a dúirt sé.

Ag tagairt don ionad féin, dúirt an tAire Stáit gur dheimhnigh Údarás na Gaeltachta “nach ionad leáite plaistigh” a bheidh sa togra atá beartaithe don i ionad de chuid an Údaráis i mBaile Ghib, ionad atá folamh faoi láthair.

Dúirt an tAire gur thug Údarás na Gaeltachta le fios dó “gur millíní agus smitíní PET (teireataláit phoileitiléine) a bheadh á dtáirgeadh san ionad” agus go mbeadh siad á ndéanamh as gearrthóga nó píosaí filiméid agus snáithín a thiocfadh ó ionaid déantúsaíochta PET.

Dúirt an tAire go dtuigtear dó “nach bhfuil an fuíollábhar seo truaillithe agus go mbeidh sé glan agus tirim nuair a thabharfar go dtí Baile Ghib é ina bhurlaí”.

“Déanfar é a mhionstialladh ansin, téifear é agus déanfar millíní de,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa fhreagra Dála.

Fág freagra ar 'Níl ‘aon chontúirt sláinte’ ag baint le hIonad úr plaistigh sa Ghaeltacht'