Ionad nua roghnaithe do Theach an Phosta i gCarna agus deireadh le sé mhí éiginnteachta

Dúnadh oifig an phoist san ionad a raibh sé ann i gceartlár shráidbhaile Charna ar an 3 Bealtaine seo caite

Ionad nua roghnaithe do Theach an Phosta i gCarna agus deireadh le sé mhí éiginnteachta

Tá ionad nua roghnaithe le haghaidh Oifig an Phoist i gCarna i gConamara agus deireadh dá réir le sé mhí imní agus amhrais faoin tseirbhís poist sa gceantar sin.

I Siopa Dowd a bheidh Oifig an Phoist i gCarna feasta.  Beidh roinnt seachtainí fós sular féidir an Oifig nua a oscailt fad agus a bheifear ag réiteach an fhoirgnimh le haghaidh na ngnóthaí nua.

Tuigtear go dtángthas ar réiteach faoin socrú nua ag cruinniú a bhí ar siúl i gCarna inné idir lucht An Post as Baile Átha Cliath agus Rónán Ó Dubhda ó Shiopa Dowd.

Tá siopa grósaera agus earraí eile chomh maith le stáisiún peitril ag Tí Dhubhda atá i mbaile Charna féin.

Amach ar aghaidh na Scoile Pobail atá Siopa Dowd suite.  Tá eolas  go forleathan ar fud Chonamara ar mhuintir Dhubhda agus tá baint acu le obair thógála agus gnóthaí eile le fada an lá.

Dúnadh oifig an phoist san ionad a raibh sé ann i gceartlár shráidbhaile Charna ar an 3 Bealtaine seo caite.

Dúirt An Post san am sin gur tógadh an cinneadh seo ar chúiseanna nach raibh aon neart acu féin orthu.

D’fhreastail go leor daoine ar chruinnithe poiblí a tarraingíodh sa gceantar ina dhiaidh sin agus pléadh an imní a bhí ann go gcuirfí deireadh uilig le hoifig an phoist i gceantar Charna.

Chas toscaireacht as an gceantar- agus polaiteoirí ina gcuideachta – le feidhmeannaigh as an An Post i gCarna mí Iúil seo caite.  Ní raibh aon chosúlacht an tráth sin go raibh réiteach faighte faoi cheisteanna áirithe ach deimhníodh go rabhthas i dteagmháil le lucht riartha Oifig an Phosta i gCarna.  Tugadh gealltanas go raibh An Post leagtha ar sheirbhísí poist a choinneáil i gCarna.

Idir an dá linn, bhí ar mhuintir Charna a dhul chuig Teach an Phosta i gCill Chiaráin.

D’fhógair An Post i mí Lúnasa go raibh deireadh curtha acu leis an gconradh a bhí acu le fada roimhe sin le lucht riartha Theach an Phosta Charna agus go rabhadar sa tóir ar áit nua le haghaidh na seirbhíse.

Cé gur léiríodh roinnt suime san bhfógra a cuireadh amach níor roghnaigh An Post duine le dhul i mbun na seirbhíse i gCarna ar an gcéad iarraidh.

D’fhógair An Post an folúntas an dara huair agus tá toradh ar an bpróiseas anois agus i siopa mhuintir Dhubhda – Siopa Dowd – a bheidh oifig an phoist feasta.

Dúirt urlabhraí ó An Post go bhfuiltear an-sásta go mbeidh oifig agus seirbhís iomlán poist i gCarna arís go gairid. Dúirt go bhfógrófaí an dáta a n-osclódh an oifig nua amach anseo.

Fág freagra ar 'Ionad nua roghnaithe do Theach an Phosta i gCarna agus deireadh le sé mhí éiginnteachta'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Scéal maith go deimhin. Go n-éirí leo.