‘Ionad Domhanda na Gaeilge’ agus lárionad aistriúcháin i measc na moltaí i bplean nua don Cheathrú Rua

Deir Comharchumann Mhic Dara agus Údarás na Gaeltachta go bhféadfaí níos mó ná 300 post nua a chruthú i gceantar na Ceathrún Rua dá mbeadh rath ar phlean nua a seoladh inniu

‘Ionad Domhanda na Gaeilge’ agus lárionad aistriúcháin i measc na moltaí i bplean nua don Cheathrú Rua

Tá tógáil ‘Ionad Domhanda na Gaeilge’ ar cheann de na spriocanna atá leagtha amach i bplean nua chun An Cheathrú Rua a neartú ‘mar phríomhbhaile Gaeltachta na hÉireann’.

Tá plean gníomhaíochta An Cheathrú Rua 2021-2026 seolta ag Comharchumann Mhic Dara agus Údarás na Gaeltachta agus é i gceist an ceantar a chur chun cinn mar áit ‘chun maireachtáil ann, oibriú ann agus cuairt a thabhairt air’.

Maítear go bhféadfaí níos mó ná 300 post nua a chruthú i gceantar na Ceathrún Rua dá mbeadh rath ar an bplean nua a seoladh inniu.

Tá 55 moladh ar fad déanta sa phlean agus iad faoi sheacht dtéama ar leith – Teanga agus Cultúr; Turasóireacht; Fiontraíocht; Na hEalaíona; Seirbhísí agus Bonneagar; Margaíocht; agus Beartas, Córas agus Spriocanna.

Ina measc, tá moladh ann go dtógfaí Ionad Domhanda na Gaeilge ar an gCeathrú Rua, ionad a bheadh ina áis turasóireachta agus ina áis eolais “den scoth”, de réir lucht an phlean.

Bheadh sé i gceist go mbeadh Amharclann Náisiúnta Óige na Gaeilge, Leabharlann Náisiúnta na Gaeilge agus Ionad Ealaíne na Gaeilge mar chuid den ionad.

Deirtear go gcuirfear grúpa oibre le chéile chun coincheap an ionaid a fhorbairt san 18 mí atá amach romhainn.

Beidh ionadaithe sa ghrúpa sin ó eagraíochtaí éagsúla, Músaem na hÉireann, OÉ Gaillimh, Ealaín na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ina measc.

Moltar freisin sa phlean go bhféadfaí lárionad do sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge a bhunú ar an gCeathrú Rua, ag áireamh lárionad náisiúnta aistriúcháin Gaeilge.

Luaitear an Bille Teanga nua ag dul trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire agus sprioc an Rialtais gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Meastar go mbeadh seans ann cuid de na hoibrithe sin a mhealladh chuig an gCeathrú Rua dá mbeadh lárionad aistriúcháin ar an mbaile.

Meastar sa phlean gur fiú €27.8 milliún tionscal na Gaeilge don cheantar agus go bhféadfaí cur go mór leis sin dá gcuirfí na moltaí nua i bhfeidhm.

Cuirtear béim freisin ar fhorbairt cúrsaí turasóireachta sa cheantar. Deirtear go bhfuil sé mar sprioc “eispéiris turasóireachta chultúrtha” a mheallfadh 100,000 cuairteoir chuig an gceantar a fhorbairt.

I measc na moltaí eile a luaitear sa phlean, tá ‘tógáil ar acmhainn shuntasach turasóireachta Thrá an Dóilín’ agus forbairt bealaí siúlóide agus rothaíochta.

Dúirt Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara go raibh súil aige an plean a chur i bhfeidhm i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

“Tá céim thábhachtach á tógáil inniu i dtodhchaí na Ceathrún Rua. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh gan plean agus tá plean straitéiseach curtha le chéile ón mbun aníos le tacaíocht an phobail, plean a léiríonn fís uaillmhianach don Cheathrú Rua mar phobal láidir Gaeltachta do na glúnta atá le theacht inár ndiaidh.”

Chuir Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, fáilte mhór roimh an bplean.

“Is lárionad tábhachtach daonra atá sa gCeathrú Rua ó thaobh cúrsaí teanga agus cúrsaí fiontraíochta agus tá deiseanna nach beag le tapú ag an mbaile sna blianta atá amach romhainn. Tacóidh an bhunchloch láidir atá sa gceantar agus feidhmiú an phlean uaillmhianach seo go mór leis an gceantar an fhís atá léirithe acu a bhaint amach.”

Fág freagra ar '‘Ionad Domhanda na Gaeilge’ agus lárionad aistriúcháin i measc na moltaí i bplean nua don Cheathrú Rua'

  • Peadar

    Maith sibh! Tábhachtach gurb iad muintir na Gaeltachta atá chun cinn i saol na Gaeltachta & nach iad lucht an aineolais ón taobh amuigh atá ag sá a ladar i gcúrsaí Gaeltachta lena gcur i gcéill & preas ráitis. Scanallach go bhfuil airgead stáit á dhórtaidh isteach in Eagrais Ghaeilge nach ndéanann faic don Ghaeilge ná don Ghaeltacht. Déanfadh na Gaeltachtaí eile amhlaidh!

  • Pádraic

    Treise libh!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Comhghairdeas ó chroí le Comharchumann Mhic Dara agus pobal na Ceathrú Rua faoin bplean seo a chur le chéile agus le gach duine eile a bhí bainteach leis. Aontaím go mór leis an éileamh go n-aithneofaí An Cheathrú Rua mar Baile Seirbhíse Gaeltachta (BSG). Má tá an t-aitheantas sin ag dul don Chlochán níl cúis ar bith nach dtabharfaí é don Cheathrú Rua. Tá súil agam nach é an samhail atá ag an Roinn de BSG go gcaithfidh sé a bheith taobh amuigh den Ghaeltacht!

  • Seán ÓM

    Bheadh sé seo go hiontach – go mór mór le chéile leis an bhfás atá le teacht ar an Acadamh.
    Is trua áfach nach bhfuil aon soiléireacht ann go fóill maidir le Coláiste Lurgan.
    Sílim go mbainfeá níos mó as gach ceann de na 3 tograí sin, dá mbeadh siad go léir ag feidhmiú ar scáth a chéile.

    Dara leibhéal den scoth ->tríú leibhéal den scoth —> fostaíocht den scoth.

    Agus sea – aontaím le Peadar. Ba chóir a leithead a a chur i mbun thuas i nGaoth Dobhair díreach anois.
    Tá súil agam nach bhfuil sé ró-dhéanach do na Gaeltachtaí i gcúige Mumhan agus go bhfuil rud cosúil indéanta ann chomh maith.