Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt ag an Taoiseach Déardaoin

Beidh lá oscailte don phobal san Ionad nua Dé hAoine agus saorchead isteach ag cách

Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt ag an Taoiseach Déardaoin

Is é An Taoiseach, Enda Kenny, a osclóidh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara go hoifigiúil an Déardaoin beag seo.

Beidh lá oscailte don phobal san Ionad nua an lá ina dhiaidh sin, an Aoine an 11 Samhain.

Beidh saorchead isteach chuig an ócáid don phobal idir meán lae agus 3pm, mar a mbeidh ceol agus sólaistí ar fáil.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta:

“Is seoid é an t-ionad turasóireachta nua seo a thabharfaidh léiriú cruthaitheach agus tarraingteach ar oidhreacht agus ar chultúr na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt ag an Taoiseach Déardaoin'